This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1957
Council Decision (EU) 2025/1957 of 18 September 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union in the Association Committee in Trade Configuration established by the Association Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, and their Member States of the one part, and the Republic of Moldova, of the other part, as regards the reduction and elimination of customs duties
Cinneadh (AE) 2025/1957 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
Cinneadh (AE) 2025/1957 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
ST/12476/2025/INIT
IO L, 2025/1957, 24.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1957/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1957 |
24.9.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1957 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meán Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2014/492 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 147(4) agus Airteagal 438(3) agus (4) den Chomhaontú, is féidir leis an gCoiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála cinneadh a ghlacadh maidir le dleacht chustaim ar earra a laghdú nó maidir le deireadh a chur léi, ar cinneadh é a chuirfear in ionad aon ráta dleachta nó aon chatagóir chéimnithe arna cinneadh de bhun Sceidil an Aontais nó na Moldóive a áirítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú i leith an earra sin. |
|
(3) |
Tar éis chogadh foghadh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta aontaobhacha léirscaoilte trádála don Mholdóiv trína bhearta trádála uathrialacha (BTUnna) an 18 Iúil 2022 (3), a ndearnadh iad a athnuachan in 2023 (4) agus 2024 (5). Tar éis do na BTUnna dul in éag an 24 Iúil 2025, chomhaontaigh na páirtithe, mar thoradh ar an bplé eatarthu, go leathnófaí an raon feidhme maidir le dleachtanna custaim a dhíothú agus go dtacófaí le hailíniú na Moldóive le acquis an Aontais, rud atá ina chuid thábhachtach de chaibidlíocht aontachais na Moldóive leis an Aontas. |
|
(4) |
Tá an Coiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála le cinneadh a ghlacadh maidir le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú faoi Airteagal 147(4) den Chomhaontú le linn 2025. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gCoiste sin ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj.
(2) Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/492/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 195, 22.7.2022, lch. 6, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2022/1279/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2023/1524/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L, 2024/1501, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1501/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1957/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)