This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1917
Council Decision (EU) 2025/1917 of 16 September 2025 amending Decision 1999/70/EC concerning the external auditors of the national central banks, as regards the external auditors of De Nederlandsche Bank
Cinneadh (AE) 2025/1917 ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank
Cinneadh (AE) 2025/1917 ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank
ST/12224/2025/INIT
IO L, 2025/1917, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1917/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1917 |
23.9.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1917 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,
Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Iúil 2025 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank (BCE/2025/27) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais BCE agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha De Nederlandsche Bank, KPMG Accountants N.V., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2025. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2026 ar aghaidh. |
|
(3) |
Tá EY Accountants B.V. roghnaithe ag De Nederlandsche Bank mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2026 go 2032. |
|
(4) |
Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí EY Accountants B.V. mar iniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank do na blianta airgeadais 2026 go 2032. |
|
(5) |
De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Leis seo, formheastar EY Accountants B.V. mar iniúchóirí seachtracha De Nederlandsche Bank do na blianta airgeadais 2026 go 2032.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C, C/2025/4400, 1.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4400/oj.
(2) Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/70(1)/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1917/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)