Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1809

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1809 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le síneib lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/6100

IO L, 2025/1809, 12.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1809/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1809/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1809

12.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1809 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meán Fómhair 2025

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le síneib lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 92/2014 ón gCoimisiún (2), formheasadh síneib mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

An formheas maidir le síneib lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (‘an formheas’), rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025. An 28 Meitheamh 2024 cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas (‘an t-iarratas’).

(3)

An 5 Nollaig 2024 chuir údarás inniúil meastóireachta na hÉireann an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh sí tuairim maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar an iarratas a dhéanamh. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an tuairim uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach í, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2028.

(7)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, beidh síneib formheasta go fóill lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 92/2014,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le síneib lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 92/2014, cuirtear ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2028 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 92/2014 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2014 lena bhformheastar síneib mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (IO L 32, 1.2.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/92/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1809/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top