Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1777

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1777 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6024)

C/2025/6024

IO L, 2025/1777, 5.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1777/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1777/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1777

5.9.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1777 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6024)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI.

(3)

An 24 Deireadh Fómhair 2023 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos ann bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna de HPAI.

(4)

Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag na Ballstáit lena mbaineann tar éis ráigeanna de HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, nach mór go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Foráiltear leis freisin nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin ar a laghad.

(5)

Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1750 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna de HPAI sa Spáinn agus sa Phortaingéil i mbunaíochtaí inar coimeádadh éin i mbraighdeanas, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1750, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi thrí ráig de HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiún Plovdiv.

(7)

Tar éis na ráigeanna sin, tá bearta rialaithe galar déanta ag an mBulgáir i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna.

(8)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Bhulgáir, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin fada go leor ón mbunaíocht ina bhfuil na ráigeanna de HPAI deimhnithe.

(9)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chrios cosanta agus faireachais don Bhulgáir.

(10)

Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá a leagan síos go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an mBulgáir, na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Bulgáire a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.

(12)

Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais agus chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBulgáir, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus chun fad tréimhse na mbeart is infheidhme a leagan amach inti freisin.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir sin.

(14)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1750 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2025/1750, 18.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1750/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:

Ballstát: an Bhulgáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Réigiún Plovdiv

BG-HPAI(P)-2025-00008

BG-HPAI(P)-2025-00009

BG-HPAI(P)-2025-000010

The following villages in Rakovski municipality:

Rakovski

Momino selo

The following villages in Kaloyanovo municipality:

Glavatar

21.9.2025

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:

Ballstát: an Bhulgáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Réigiún Plovdiv

BG-HPAI(P)-2025-00008

BG-HPAI(P)-2025-00009

BG-HPAI(P)-2025-000010

The following villages in Rakovski municipality:

Shishmantsi

Boltarino

Strayama

The following villages in Maritsa municipality:

Manolsko Konare

Yasno pole

Dink

Kalekovets

Krislovo

The following villages in Brezovo municipality:

Padarsko

Borets

Otets Kirilovo

Drangovo

Streltsi

The following villages in Kaloyanovo municipality:

Razhevo

Razhevo Konare

Dalgo pole

30.9.2025

The following villages in Rakovski municipality:

- Rakovski

- Momino selo

The following villages in Kaloyanovo municipality:

- Glavatar

22.9.2025 – 30.9.2025

Ballstát: an Spáinn

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

ES-HPAI(P)-2025-00001

Those parts in the province of Badajoz of the comarca of Azuaga beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -5,858931247 , lat 38,260806792

28.8.2025

Those parts in the province of Badajoz of the comarca of Azuaga contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -5,858931247 , lat 38,260806792

20.8.2025 – 28.8.2025

ES-HPAI(P)-2025-00002

Those parts in the province of Toledo of the comarcas of Oropesa, Talavera de la Reina and Belvís de la Jara, and in the province of Cáceres of the comarca of Navalmoral de la Mata beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -5,1395444 , lat 39,8054028

1.9.2025

Those parts in the province of Toledo of the comarcas of Oropesa end Belvis de la Jara contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -5,1395444 , lat 39,8054028

24.8.2025 – 1.9.2025

ES-HPAI(NON-P)-2025-00009

Those parts in the province of Vizcaya contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -2,9450083 , lat 43,4246139

5.9.2025

Those parts in the province of Vizcaya contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -2,9450083 , lat 43,4246139

28.8.2025 – 5.9.2025

Ballstát: an Phortaingéil

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PT-HPAI(NON-P)-2025-00014

The parts from the county of Alcácer do Sal from the district of Setúbal, the county of Viana do Alentejo and the county of Montemor-o-Novo both from the district of Évora, that are contained within the circle of 10 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.403607N, -8.316925W

5.9.2025

The parts from the county of Alcácer do Sal from the district of Setúbal and the county of Viana do Alentejo from the district of Évora, that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.403607N, -8.316925W

28.8.2025 – 5.9.2025

Cuid C

Criosanna cosanta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:

Ballstát: Ceann ar bith

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 4

 

 

*

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1777/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top