This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1740
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1740 of 13 August 2025 amending Implementing Decision (EU) 2023/1586 as regards harmonised standards for lifts, firefighting and rescue service vehicles, application equipment for coating materials, cranes, hoists, aircraft ground support equipment, supply and circulation equipment for liquid coating materials, power operated doors and gates, garden equipment, food processing equipment and welding equipment
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1740 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hardaitheoirí, feithiclí comhraic dóiteáin agus feithiclí seirbhísí tarrthála, trealamh curtha le haghaidh ábhair bhrataithe, craenacha, crocháin, trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí, trealamh le haghaidh ábhair bhrataithe leachtacha a sholáthar agus a chur i gcúrsaíocht, doirse agus geataí cumhachtoibrithe, trealamh gairdín, trealamh próiseála bia agus trealamh táthúcháin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1740 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hardaitheoirí, feithiclí comhraic dóiteáin agus feithiclí seirbhísí tarrthála, trealamh curtha le haghaidh ábhair bhrataithe, craenacha, crocháin, trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí, trealamh le haghaidh ábhair bhrataithe leachtacha a sholáthar agus a chur i gcúrsaíocht, doirse agus geataí cumhachtoibrithe, trealamh gairdín, trealamh próiseála bia agus trealamh táthúcháin
C/2025/5651
IO L, 2025/1740, 14.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1740/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1740 |
14.8.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1740 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Lúnasa 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hardaitheoirí, feithiclí comhraic dóiteáin agus feithiclí seirbhísí tarrthála, trealamh curtha le haghaidh ábhair bhrataithe, craenacha, crocháin, trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí, trealamh le haghaidh ábhair bhrataithe leachtacha a sholáthar agus a chur i gcúrsaíocht, doirse agus geataí cumhachtoibrithe, trealamh gairdín, trealamh próiseála bia agus trealamh táthúcháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an t-innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh. |
|
(2) |
Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (‘an Iarraidh’) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus an obair ar na caighdeáin sin a chur i gcrích, chun athruithe a chur san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Ar bhonn na hIarrata, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 81-44:2024 a bhaineann le rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí i dtuirbíní gaoithe, EN 17677:2024 a bhaineann le ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais maidir le trealamh próiseála bia, EN 17942:2024 a bhaineann le ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh táthúcháin, EN 50059:2025 a bhaineann le ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh curtha leictreastatach láimhe le haghaidh ábhair bhrataithe agus EN 50176:2025 a bhaineann le ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh curtha leictreastatach uathoibríoch le haghaidh ábhar brataithe leachtach. |
|
(4) |
Ar bhonn na hIarrata, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin a bhfoilsítear na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (4): EN 81-31:2010, EN 81-41:2010, EN 1846-2:2009+A1:2013, EN 1953:2013, EN 12077-2:1998+A1:2008, EN 12159:2012, EN 12312-4:2014, EN 12621:2006+A1:2010 agus EN 12978:2003+A1:2009. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 81-31:2024, EN 81-41:2024, EN 1846-2:2024, EN 1953:2025, EN 12077-2:2024, EN 12159:2024, EN 12312-4:2024, EN 12621:2025 agus EN 12978:2024. |
|
(5) |
Thairis sin, ar bhonn na hIarrata, rinne CEN leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin a bhfoilsítear na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586: EN 12312-5:2021 agus EN 13684:2018. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe chomhdhlúite EN 12312-5:2021+A1:2025 agus EN 13684:2018+A1:2024. |
|
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an Iarraidh. |
|
(7) |
Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas na cuspóirí sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ar cuspóirí iad a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE: EN 81-31:2024, EN 81-41:2024, EN 81-44:2024, EN 1846-2:2024, EN 1953:2025, EN 12077-2:2024, EN 12159:2024, EN 12312-4:2024, EN 12312-5:2021+A1:2025, EN 12621:2025, EN 12978:2024, EN 13684:2018+A1:2024, EN 17677:2024, EN 17942:2024, EN 50059:2025 agus EN 50176:2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin sin agus do na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2006/42/CE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-31:2024, EN 81-41:2024, EN 81-44:2024, EN 1846-2:2024, EN 1953:2025, EN 12077-2:2024, EN 12159:2024, EN 12312-4:2024, EN 12312-5:2021+A1:2025, EN 12621:2025, EN 12978:2024, EN 13684:2018+A1:2024, EN 17677:2024, EN 17942:2024, EN 50059:2025 agus EN 50176:2025 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
|
(9) |
Is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-31:2010, EN 81-41:2010, EN 1846-2:2009+A1:2013, EN 1953:2013, EN 12077-2:1998+A1:2008, EN 12159:2012, EN 12312-4:2014, EN 12312-5:2021, EN 12621:2006+A1:2010, EN 12978:2003+A1:2009 agus EN 13684:2018 a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586. |
|
(10) |
Chun am leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí a n-innealra a oiriúnú, arb innealra é a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 81-31:2010, EN 81-41:2010, EN 1846-2:2009+A1:2013, EN 1953:2013, EN 12077-2:1998+A1:2008, EN 12159:2012, EN 12312-4:2014, EN 12312-5:2021, EN 12621:2006+A1:2010, EN 12978:2003+A1:2009 nó EN 13684:2018, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuiltear i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 20 Eanáir 2027.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Lúnasa 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/42/oj.
(3) Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/37/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).
IARSCRÍBHINN
I gCuid a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, leasaítear pointe 2 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar rónna 2, 4, 157, 177, 277, 282, 291, 292, 330, 366 agus 433; |
|
(2) |
cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1740/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)