Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1497

Cinneadh (CBES) 2025/1497 ón gComhairle an 18 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

ST/9944/2025/INIT

IO L, 2025/1497, 21.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1497/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1497/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1497

21.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1497 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775 (1).

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bhearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach iontu, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, sna gníomhaíochtaí nó beartais sin, nó a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó chun an bonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta sriantacha, dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) de Chinneadh (CBES) 2017/1775, ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a áirítear ar liostaí na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sna ranna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a scriosadh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1775/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2208/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:

(1)

i Roinn A, (‘Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1)’), scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

‘3.

MAÏGA, Choguel’;

(2)

i Roinn B (‘Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’), scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

‘3.

MAÏGA, Choguel’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1497/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top