Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 32025D1483
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1483 of 31 July 2025 amending Implementing Decision (EU) 2025/1160 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Bulgaria (notified under document C(2025) 5466)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1483 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5466)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1483 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5466)
C/2025/5466
IO L, 2025/1483, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1483/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Spēkā
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1483 |
5.8.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1483 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 5466)
(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún (4) an 5 Meitheamh 2025, faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429. Sonraítear ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir. |
|
(5) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát sin tar éis ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(6) |
An 20 Meitheamh 2025, leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 chun coigeartú a dhéanamh, ó thaobh spáis de agus ó thaobh ama de, ar na limistéir nach mór bearta éigeandála a dhéanamh iontu, chomh maith le fad na limistéar sin, sa Bhulgáir chun leathadh breise na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar sa Bhulgáir nó chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. Ó shin i leith, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún maidir le seasca a hocht ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, seasca a cúig ráig atá lonnaithe i réigiún Plovdiv, thart ar chéad ciliméadar ar shiúl ón ráig is gaire a taifeadadh roimhe sin i réigiún Haskovo, dhá ráig i réigiún Stara Zagora, thart ar seasca ciliméadar lastuaidh de Plovdiv agus ráig amháin i réigiún Haskovo, iad uile lasmuigh de na criosanna cosanta agus faireachais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo. |
|
(7) |
Sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá ardriosca ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, go háirithe ós rud é, de réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na Bulgáire ar fáil, go bhfuil na ráigeanna nua lonnaithe lasmuigh de na criosanna faireachais bunaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160, rud a thugann le fios gur scaip an galar lasmuigh de na criosanna srianta agus go bhfuil sé i gcúrsaíocht cheana féin sa réigiún nua atá buailte, Plovdiv. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, an crios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Bulgáire, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160, ba cheart iad a choigeartú, ó thaobh spáis de agus ó thaobh ama de, chun leathadh breise an ghalair i gcríoch na Bulgáire agus chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. Ina theannta sin, is gá crios srianta breise a bhunú sa Bhulgáir. |
|
(9) |
Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Bulgáire, agus an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Cuirtear caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (5) san áireamh freisin agus fad tréimhse na mbeart á chinneadh. I bhfianaise na mbreithnithe sin, agus iad á gcur san áireamh i ndáil leis an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir, is gá criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise a bhunú timpeall ar na ráigeanna i réigiúin Plovdiv, Stara Zagora agus Haskovo, chun leathadh breise an ghalair a chosc. |
|
(10) |
Ina theannta sin, i bhfianaise na ráigeanna iomadúla nua den bholgach caorach agus den bholgach gabhar sa Bhulgáir le 3 seachtaine anuas thar achair fhada, agus i bhfianaise easpa na mbeart éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar an leathadh méadaithe sin, is gá bearta éigeandála breise a ghlacadh chun leathadh an ghalair sa Bhulgáir agus go dtí an chuid eile den Aontas agus chuig tríú tíortha a chosc, mar aon le bacainní trádála nach bhfuil údar leo. Dá bhrí sin, is gá toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó na criosanna cosanta agus faireachais chuig aon cheann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna srianta breise atá díreach timpeall uirthi, agus toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó aon chrios srianta breise eile chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna srianta breise sin, lena n-áirítear chuig cinn scríbe atá suite i gcriosanna srianta breise éagsúla, mar a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn. Thairis sin, is gá freisin toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí ainmhithe de thionscnamh na limistéar sin sa Bhulgáir nach bhfuil faoi réir srianta de bharr na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar chuig aon cheann de na limistéir a leagtar amach mar chriosanna srianta breise, go dtí dáta sonrach, ós rud é go bhféadfadh gluaiseachtaí den sórt sin a bheith ina gcúis le leathadh indíreach galar freisin. |
|
(11) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, is gá freisin na limistéir i gcríoch na Bulgáire a shainaithint inar cheart feidhm a bheith ag bearta breise amhail na bearta sin is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus inar cheart gluaiseachtaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair lasmuigh d’imlínte seachtracha na limistéar sin a thoirmeasc go dtí dáta sonrach. |
|
(12) |
Ina theannta sin, chun an riosca maidir le leathadh breise galair a laghdú, is gá freisin toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair ó chríoch iomlán na Bulgáire go dtí aon cheann scríbe atá suite i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, go dtí dáta sonrach. |
|
(13) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó bhunaíochtaí atá buailte sa Bhulgáir go codanna eile den Bhallstáit sin agus go Ballstáit eile nó tríú tíortha, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta éigeandála a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1, 2 agus 3: ‘Airteagal 1 Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:
Airteagal 2 Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:
Airteagal 3 Cuirfidh an Bhulgáir na bearta is infheidhme i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus go dtí na dátaí a leagtar amach ann. Maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach ó na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo , beidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí den sórt sin chuig aon cheann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar sin go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Airteagal 4 Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.’ |
|
2. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 (IO L, 2025/1160, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1160/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Réigiún Burgas BG-CAPRIPOX-2025-00007 |
Surveillance zone: Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3872, Long. 27.2608 (2025/7), excluding the areas contained in the protection zone. |
29.7.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3872, Long. 27.2608 (2025/7). |
15.7.2025 -29.7.2025 |
|
|
Réigiún Plovdiv BG-CAPRIPOX-2025-00008 BG-CAPRIPOX-2025-00009 BG-CAPRIPOX-2025-00010 BG-CAPRIPOX-2025-00011 BG-CAPRIPOX-2025-00012 BG-CAPRIPOX-2025-00013 BG-CAPRIPOX-2025-00014 BG-CAPRIPOX-2025-00015 BG-CAPRIPOX-2025-00016 BG-CAPRIPOX-2025-00017 BG-CAPRIPOX-2025-00018 BG-CAPRIPOX-2025-00021 BG-CAPRIPOX-2025-00022 BG-CAPRIPOX-2025-00023 BG-CAPRIPOX-2025-00024 BG-CAPRIPOX-2025-00025 BG-CAPRIPOX-2025-00026 BG-CAPRIPOX-2025-00027 BG-CAPRIPOX-2025-00028 BG-CAPRIPOX-2025-00029 BG-CAPRIPOX-2025-00030 BG-CAPRIPOX-2025-00031 BG-CAPRIPOX-2025-00032 BG-CAPRIPOX-2025-00033 BG-CAPRIPOX-2025-00034 BG-CAPRIPOX-2025-00035 BG-CAPRIPOX-2025-00036 BG-CAPRIPOX-2025-00039 BG-CAPRIPOX-2025-00040 BG-CAPRIPOX-2025-00041 BG-CAPRIPOX-2025-00042 BG-CAPRIPOX-2025-00043 BG-CAPRIPOX-2025-00044 BG-CAPRIPOX-2025-00045 BG-CAPRIPOX-2025-00046 BG-CAPRIPOX-2025-00047 BG-CAPRIPOX-2025-00048 BG-CAPRIPOX-2025-00049 BG-CAPRIPOX-2025-00050 BG-CAPRIPOX-2025-00051 BG-CAPRIPOX-2025-00052 BG-CAPRIPOX-2025-00053 BG-CAPRIPOX-2025-00054 BG-CAPRIPOX-2025-00055 BG-CAPRIPOX-2025-00056 BG-CAPRIPOX-2025-00057 BG-CAPRIPOX-2025-00058 BG-CAPRIPOX-2025-00059 BG-CAPRIPOX-2025-00060 BG-CAPRIPOX-2025-00061 BG-CAPRIPOX-2025-00062 BG-CAPRIPOX-2025-00063 BG-CAPRIPOX-2025-00064 BG-CAPRIPOX-2025-00065 BG-CAPRIPOX-2025-00067 BG-CAPRIPOX-2025-00068 BG-CAPRIPOX-2025-00069 BG-CAPRIPOX-2025-00070 BG-CAPRIPOX-2025-00071 BG-CAPRIPOX-2025-00072 BG-CAPRIPOX-2025-00073 BG-CAPRIPOX-2025-00074 BG-CAPRIPOX-2025-00075 BG-CAPRIPOX-2025-00076 BG-CAPRIPOX-2025-00077 |
Protection zone: Those parts of the regions of Plovdiv and Stara Zagora contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat. 42.1889, Long. 24.8137 (2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18) Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long. 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long. 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77). |
24.8.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the regions of Plovdiv, Stara Zagora, Haskovo and Pazardzhik contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat. 42.1889, Long. 24.8137 (2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long. 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77). excluding the areas contained in the protection zone. |
8.9.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the regions of Plovdiv and Stara Zagora, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat.42.1889, Long. 24.8137(2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77). |
25.8.2025 – 8.9.2025 |
|
|
Réigiún Stara Zagora BG-CAPRIPOX-2025-00037 BG-CAPRIPOX-2025-00038 |
Protection zone: Those parts of the region of Stara Zagora, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38). |
17.8.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the regions of Stara Zagora and Gabrovo contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38), excluding the areas contained in the protection zone. |
1.9.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Stara Zagora, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38). |
18.8.2025-1.9.2025 |
|
|
Réigiún Haskovo BG-CAPRIPOX-2025-00066 |
Protection zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7227, Long. 26.325 (2025/66). |
24.8.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7227, Long. 26.325 (2025/66), excluding the areas contained in the protection zone. |
8.9.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7227, Long. 26.325 (2025/66). |
25.8.2025 -8.9.2025 |
Cuid B: Criosanna srianta breise
|
Crios srianta breise |
Réigiún |
Limistéir atá sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Crios srianta breise Uimh. 1 |
Réigiún Plovdiv |
The entire region of Plovdiv excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
8.9.2025 |
|
Réigiún Haskovo |
The municipalities of Dimitrovgrad, and Mineralni Bani, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 2 |
Réigiún Stara Zagora |
The municipalities of Pavel Bajna, Kazanlak, Bratja Daskalovi and Cirpan, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
1.9.2025 |
|
Réigiún Gabrovo |
The entire region of Gabrovo, excluding the areas included in any protection or surveillance zone |
IARSCRÍBHINN II
|
Limistéar |
Réigiún |
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Limistéar Uimh. 1 |
Réigiún Plovdiv |
The entire region of Plovdiv. |
9.9.2025-8.10.2025 |
|
Réigiún Haskovo |
The municipalities of Dimitrovgrad, and Mineralni Bani. |
||
|
Limistéar Uimh. 2 |
Réigiún Stara Zagora |
The municipalities of Pavel Bajna, Kazanlak, Bratja Daskalovi and Cirpan. |
2.9.2025-1.10.2025 |
|
Réigiún Gabrovo |
The entire region of Gabrovo. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1483/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)