Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1473

Cinneadh (CBES) 2025/1473 ón gComhairle an 18 Iúil 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin

ST/8732/2025/INIT

IO L, 2025/1473, 21.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1473/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1473/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1473

21.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1473 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meán Fómhair 2018, bunaithe ar iarraidh ó Shásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (UNVIM), ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1249 (1) maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le UNVIM.

(2)

An 12 Deireadh Fómhair 2020, bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1465 (2) agus rinne sí gníomhaíocht ón Aontas chun tacú le UNVIM a athnuachan.

(3)

An 28 Meán Fómhair 2024, bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2503 (3) agus rinne sí gníomhaíocht an Aontais a athnuachan chun tacú le UNVIM ar feadh thréimhse 12 mhí, go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.

(4)

Le Rún 2722 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, cháin Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an soláthar arm agus ábhar ghaolmhar de gach cineál do na Houthi, de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, agus d’iarr sí go mbeadh comhar praiticiúil breise ann chun cosc a chur ar na Houthi an trealamh agus an t-ábhar is gá a fháil chun ionsaithe breise a dhéanamh.

(5)

Le Rún 2742 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, leathnaíodh sainordú Mhisean na Náisiún Aontaithe chun tacú le Comhaontú Hodeidah (UNMHA) chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le Cathair Hodeidah agus calafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa a leagtar amach i gComhaontú Stócólm, a thug na páirtithe uile sa choinbhleacht in Éimin i gcrích an 13 Nollaig 2018, agus a formhuiníodh le Rúin 2451 (2018) agus 2452 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.

(6)

An 20 Bealtaine 2025, chuir an Chomhairle in iúl go gcáineann an tAontas leathadh arm a théann chun tairbhe do na Houthi agus grúpaí neamhstáit armtha eile, lena n-áirítear eagraíochtaí ainmnithe sceimhlitheoireachta ar nós Al-Shabaab agus Al Qaeda i Leithinis na hAraibe (AQAP), de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, chomh maith leis an méadú suntasach atá tagtha ar an ngáinneáil ar airm ar fud Éimin, na Mara Rua agus Chorn na hAfraice, rud a chuireann an chobhsaíocht réigiúnach i mbaol. Thairis sin, chuir an Chomhairle in iúl go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do UNVIM, agus é ag iarraidh ag an am céanna go ndéanfaí a shainordú a threisiú chun feabhas a chur ar a ról agus ar a éifeachtúlacht i bhforfheidhmiú thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe faoi Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.

(7)

D’iarr UNVIM tacaíocht bhreise ar feadh bliain amháin ar an Aontas.

(8)

Ba cheart don Aontas a thacaíocht do UNVIM a athnuachan ar feadh bliana ar mhaithe le cur chun feidhme a shainordaithe.

(9)

Ba cheart méid tagartha airgeadais nua a chur leis chun an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 a chumhdach.

(10)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1465 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 mar a leanas:

(1)

cuirtear an fhleasc seo a leanas le hAirteagal 3(1):

‘—

EUR 2 200 000 don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.’

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘Rachaidh sí in éag an 30 Meán Fómhair 2026.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, a 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1249 an 18 Meán Fómhair 2018 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 235, 19.9.2018, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1465 an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 335, 13.10.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1465/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/2503 an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L, 2024/2503, 24.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2503/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1473/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top