This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1460
Council Implementing Decision (EU) 2025/1460 of 15 July 2025 extending the temporary protection introduced by Implementing Decision (EU) 2022/382
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
ST/10280/2025/INIT
IO L, 2025/1460, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1460/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1460 |
24.7.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1460 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2025
lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin, (1) agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (2) lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024. |
|
(3) |
An 19 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 (3) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2025. An 11 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 (4) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach sin go dtí an 4 Márta 2026. |
|
(4) |
Ós rud é nach féidir le duine tairbhiú de na cearta a bhaineann le cosaint shealadach ach in aon Bhallstát amháin ag aon am amháin, chun a áirithiú go n-urramaítear an prionsabal sin, agus chun ilchlárúcháin le haghaidh cosaint shealadach a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chead cónaithe arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE a dhiúltú nuair is léir go bhfuil cead cónaithe faighte cheana féin ag an duine lena mbaineann ar an mbonn sin i mBallstát eile. Bheadh an méid sin comhleanúnach le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Feabhra 2025 i gCás C-753/23 (5) agus go háirithe mír 30 de. |
|
(4) |
I gcomhthéacs ghníomhachtú na cosanta sealadaí faoi Threoir 2001/55/CE, i ráiteas a rinneadh an 4 Márta 2022, chomhaontaigh na Ballstáit d’aon toil gan Airteagal 11 den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus a aistríonn go Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach. |
|
(6) |
Sa chomhthéacs ginearálta sin, níor cheart aon ní a fhorléiriú mar ní a thugann le tuiscint go bhfuil oibleagáid ar Bhallstát cead cónaithe le haghaidh cosaint shealadach a eisiúint do dhuine a fuair cead cónaithe le haghaidh cosaint shealadach i mBallstát eile. |
|
(7) |
Chun léiriú staide cothrom le dáta chun críoch oibríochtúil, riar comhleanúnach agus formhaoirseacht ar eisiúint ceadanna cónaithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit sonraí cruinne tráthúla, lena n-áirítear sonraí maidir le clárúcháin neamhghníomhacha, a uaslódáil go tráthrialta ar an Ardán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach. |
|
(8) |
Faoi láthair, tá beagnach 4,3 milliún duine easáitithe ón Úcráin ag fáil cosaint shealadach san Aontas. Tá líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí fós: thart ar 4,3 milliún duine, agus é ag dul i méid beagán an t-am ar fad, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir le formhór na ndaoine easáitithe filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce gurb amhlaidh, i mí Aibreáin 2025, a bhí 3 757 000 duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin, a raibh 66 % díobh easáitithe le breis agus 2 bhliain, agus a raibh 79 % díobh easáitithe le breis agus bliain. Maidir le daoine easáitithe ina dtír féin le breis agus dhá bhliain, bhí an sciar is mó díobh i measc daoine easáitithe ina dtír féin a raibh ina gcónaí in Iarthar na tíre (78 %). Mheas Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach de dhíth ar bhreis agus 12,7 milliún duine san Úcráin in 2025. |
|
(9) |
Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór mar gheall ar an gcruachás daonnúil, ar an míshocracht i gcoitinne agus ar éiginnteacht na staide san Úcráin de thoradh chogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear aerionsaithe níos géire atá á ndéanamh go mion minic ar fud na tíre ar na sibhialtaigh. Tá baol ann fós go dtiocfaidh géarú ar an scéal. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na tairbhithe go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an am céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol fós. |
|
(10) |
Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar an líon ard daoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu ón 5 Márta 2026 ar aghaidh, toisc go bhforáiltear léi cosaint láithreach agus rochtain ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go laghdaítear léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, ba cheart cuidiú freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú mór ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a fhaigheann cosaint shealadach sa tréimhse go dtí an 4 Márta 2026 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin, nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas sa tréimhse ón 5 Márta 2026 go dtí an 4 Márta 2027 a chur isteach. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil na cúiseanna leis an gcosaint shealadach ann fós, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach i gcás na gcatagóirí daoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2027. |
|
(12) |
Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(13) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir fad agus is gá agus go dtacaíonn sí le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach, ar bhonn phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus, má bhíonn sos cogaidh inbhuanaithe, tá an Chomhairle réidh le gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2001/55/CE. |
|
(14) |
Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo. |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, agus ar cuireadh síneadh léi le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 agus (AE) 2024/1836, cuirtear síneadh bliana amháin eile léi, go dtí an 4 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj).
(5) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Feabhra 2025, A. N. v Ministerstvo vnitra, C-753/23, ECLI:EU:C:2025:133.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1460/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)