Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1437

Cinneadh (AE) 2025/1437 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann lena leathnaítear incháilitheacht na hÚcráine le haghaidh cabhair cheangailte

ST/10217/2025/INIT

IO L, 2025/1437, 17.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1437/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1437/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1437

17.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1437 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann lena leathnaítear incháilitheacht na hÚcráine le haghaidh cabhair cheangailte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), rinneadh iad a thrasuí agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh an dlí san Aontas iad de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Leagtar síos in Airteagal 32 den Socrú na coinníollacha incháilitheachta tíre le haghaidh cabhair cheangailte. I gcomhréir le mír (a) den Airteagal sin, ní fhéadfar aon chabhair cheangailte a thabhairt do thíortha a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta per capita os cionn na huasteorann le haghaidh tíortha íseal-mheánioncaim de réir shonraí an Bhainc Dhomhanda. Ní dhéantar tír a athaicmiú ach amháin sa chás nach bhfuil aon athrú tagtha ar a catagóir de réir an Bhainc Dhomhanda tar éis 2 bhliain i ndiaidh a chéile.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 35(e) den Socrú, féadfaidh Rannpháirtí sa Socrú, go heisceachtúil agus faoi réir Líne Choiteann a ghlacadh, cabhair cheangailte a thabhairt do thír nach mbeadh incháilithe murach sin de bhun Airteagal 32 den Socrú.

(4)

I mí Iúil 2025, d’aicmigh an Banc Domhanda an Úcráin mar thír ard-mheánioncaim den dara huair. Tugtar le tuiscint leis sin nach bhfuil an Úcráin incháilithe chun cabhair cheangailte a fháil a thuilleadh. Mar sin féin, i gcomhréir le tiomantas buanseasmhach an Aontais tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá, is chun leas an Aontais é leanúint de bheith in ann cabhair cheangailte a thabhairt don Úcráin.

(5)

Tá na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le cinneadh a dhéanamh, i nós imeachta i scríbhinn, maidir le togra an Aontais Eorpaigh le haghaidh Líne Choiteann i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 5 den Socrú chun incháilitheacht na hÚcráine le haghaidh cabhair cheangailte a leathnú.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 59(a) den Socrú, bíonn Línte Coiteanna bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain. Féadfar síneadh a chur le Línte Coiteanna nach mbaineann le hidirbheart sonrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 54 go 58 den Socrú. Ó tharla go bhféadfadh sé go mbeadh ar an Aontas leanúint de thacaíocht eisceachtúil a thabhairt don Úcráin ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain, is chun leas an Aontais é a bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir le síneadh suas le 4 bliana ar a mhéad a chur leis an Líne Choiteann atá beartaithe.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann lena leathnaítear incháilitheacht na hÚcráine le haghaidh cabhair cheangailte chomh maith leis an síneadh breise a d’fhéadfaí a chur léi, a bhunú, ó tharla go mbeidh an Líne Choiteann atá beartaithe, nuair a thiocfar ar chomhaontú fúithi, ina ceangal ar an Aontas, agus beifear in ann tionchar suntasach a imirt ar a bhfuil i ndlí an Aontais léi de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ó na Rannpháirtithe tacú leis an togra bunaithe ar an dréacht-Líne Choiteann atá i gceangal leis an gCinneadh seo, agus tacú le síneadh a d’fhéadfaí a chur léi,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘na Rannpháirtithe’) a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann lena leathnaítear incháilitheacht na hÚcráine le haghaidh cabhair cheangailte, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Líne Choiteann atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an Líne Choiteann dá dtagraítear i mír 1 tacú leis an síneadh suas le 4 bliana ar a mhéad.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1233/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1437/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top