Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1394

Cinneadh (CBES) 2025/1394 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 8 Iúil 2025 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh a cheapadh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/2/2025)

ST/10842/2025/INIT

IO L, 2025/1394, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1394/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/04/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1394/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1394

10.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1394 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 8 Iúil 2025

maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh a cheapadh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/2/2025)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1869 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh (CBES) 2017/1869, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar bhonn togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(2)

An 19 Iúil 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1294 (2), lenar ceapadh Anders WIBERG mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 16 Lúnasa 2022 go dtí an 30 Aibreán 2024.

(3)

An 29 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1247 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM Iraq go dtí an 30 Aibreán 2026.

(4)

An 30 Aibreán 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1308 (4), lenar cuireadh síneadh le sainordú Anders WIBERG mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 30 Aibreán 2025.

(5)

An 8 Aibreán 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/707 (5), lena gcuirtear síneadh le sainordú Anders WIBERG mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 15 Lúnasa 2025.

(6)

An 25 Meitheamh 2025, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Ralf SCHRÖDER a cheapadh mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 16 Lúnasa 2025 go dtí an 30 Aibreán 2026.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Ralf SCHRÖDER a cheapadh mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 16 Lúnasa 2025 go dtí an 30 Aibreán 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar Ralf SCHRÖDER mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) ón 16 Lúnasa 2025 go dtí an 30 Aibreán 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 16 Lúnasa 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

D. PRONK


(1)   IO L 266, 17.10.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1869/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1294 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2022 maidir le ceapadh Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2022) (IO L 196, 25.7.2022, lch. 123, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1294/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1247 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (IO L, 2024/1247, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1247/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2024/1308 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 30 Aibreán 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2024) (IO L, 2024/1308, 13.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1308/oj).

(5)  Cinneadh (CBES) 2025/707 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 8 Aibreán 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh mar thaca le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2025) (IO L, 2025/707, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/707/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1394/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top