Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1285

Cinneadh (AE) 2025/1285 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 110ú seisiún a mhéid a bhaineann le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000)

ST/9465/2025/INIT

IO L, 2025/1285, 1.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1285/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1285/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1285

1.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1285 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 110ú seisiún a mhéid a bhaineann le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil muiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint.

(2)

Táthar ag súil go nglacfaidh Coiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, le linn a 110ú seisiún ón 18 go dtí an 27 Meitheamh 2025 (‘MSC 110’), leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta Sábháilteachta le haghaidh Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000).

(3)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag MSC 110 a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na leasuithe ar SOLAS, Cód HSC 1994 agus Cód HSC 2000 atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún (2).

(4)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil II-1 de SOLAS, toisc go soláthrófar leo soiléiriú agus cinnteacht maidir le cur i bhfeidhm an Chóid Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí íseal-splancphointe Eile (‘Cód IGF’) maidir le breoslaí gásacha. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil II-2 de SOLAS, toisc go n-áiritheoidh siad cur chun feidhme comhsheasmhach an chaibidil sin le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil V de SOLAS, toisc go gcuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht phíolótaí ar muir. Ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000, toisc go ndéanfaidh siad na ceanglais maidir le hiompar seaicéad tarrthála a ailíniú leis na ceanglais i gCaibidil III de SOLAS agus go gcuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht naíonán i gcás timpiste.

(5)

Ní comhalta den Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta an tAontas, ná ní páirtí conarthach é in SOLAS agus a chóid shainordaitheach ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl ag MSC 110.

(6)

Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 110ú seisiún aontú le leasuithe a ghlacadh ar Chaibidlí II-1, II-2 agus V den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais 1994 agus Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais, 2000, a leagtar amach in Iarscríbhinní 1, 2 agus 3 a ghabhann le doiciméad MSC 110/3 de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 1 é, cuimsítear na leasuithe atá beartaithe a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit, ar baill iad uile den Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta, an seasamh in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais.

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh mar a leagtar amach in Airteagal 1 é gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leas an Aontais, ag na leasuithe atá beartaithe, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/45/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais dearaidh, tógála agus feidhmíochta agus le caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1667 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1975, 26.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1975/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1285/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top