Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1284

Cinneadh (CBES) 2025/1284 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

ST/9354/2025/INIT

IO L, 2025/1284, 27.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1284/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1284/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1284

27.6.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1284 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2025

lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES (1), lenar leanadh ar aghaidh le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) amhail ón 1 Iúil 2013.

(2)

An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1813 (2), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 20 Márta 2025, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do shíocháin mharthanach inbhuanaithe bunaithe ar an réiteach dhá stát, agus go bhfuil sé faoi réir le gach iarracht a dhéanamh chun an réiteach sin a bhaint amach, agus d’iarr sí ar na páirtithe uile staonadh ó ghníomhaíochtaí a a bhain an bonn den réiteach. Ina theannta sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfaidh an tAontas de bheith ag obair le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chuige sin agus go leanfaidh sé de bheith ag tabhairt tacaíocht d’Údarás na Palaistíne agus dá chlár oibre don athchóiriú.

(4)

An 30 Aibreán 2025, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh chomhordaithe ar EUPOL COPPS agus ar Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah), chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le sainorduithe an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2027.

(5)

Agus faisnéis a sholáthair Iosrael agus Údarás na Palaistíne á cur san áireamh, ba cheart, síneadh bliana a chur le EUPOL COPPS.

(6)

Ba cheart Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Is é EUR 13 315 915,25 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.’

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2026.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Cinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 185, 4.7.2013, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/354/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/1813 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L, 2024/1813, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1813/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1284/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top