This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1241
Decision (EU) 2025/1241 of the European Central Bank of 11 June 2025 amending Decision (EU) 2020/440 on a temporary pandemic emergency purchase programme (ECB/2020/17) (ECB/2025/21)
Cinneadh (AE) 2025/1241 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (BCE/2025/21)
Cinneadh (AE) 2025/1241 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (BCE/2025/21)
ECB/2025/21
IO L, 2025/1241, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1241/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1241 |
20.6.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1241 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 11 Meitheamh 2025
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (BCE/2025/21)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12.1, an dara fomhír, i gcomhar le hAirteagail 3.1, an chéad fhleasc, agus Airteagal 18.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Agus na himthosca eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le leathadh ghalar an choróinvíris 2019 (COVID-19) á gcur san áireamh, an 18 Márta 2020, chinn an Chomhairle Rialaithe clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) a sheoladh lena n-áirítear na catagóirí sócmhainní uile atá incháilithe faoi chlár ceannaigh sócmhainní BCE, arb é atá iontu clár ceannaigh sócmhainní na hearnála poiblí ar na margaí tánaisteacha, an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CBPP3), an clár ceannaigh urrús de bhun sócmhainní, agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP). |
|
(2) |
Bunaíodh CBPP3 le Cinneadh BCE/2014/40 ón mBanc Ceannais Eorpach, (1)a athmhúnlaíodh i gCinneadh (AE) 2020/187 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/8) (2). Tá roinnt coimircí ann chun a áirithiú go mbeidh ceannach agus sealbhú bannaí faoi chumhdach comhréireach lena aidhmeanna. Ba cheart a áirithiú leis na coimircí sin freisin go gcuirfear rioscaí airgeadais gaolmhara san áireamh i ndearadh CBP3P, agus dá bhrí sin i ndearadh an PEPP freisin, agus ba cheart dóibh peirspictíochtaí bainistithe riosca a léiriú. |
|
(3) |
Dá réir sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 24 Aibreán 2025 leasú a dhéanamh ar an riail is infheidhme maidir le hidirbhearta iasachta urrús bannaí faoi chumhdach atá i seilbh an Eurochórais faoi CBPP3 agus PEPP chun breithnithe bainistíochta riosca a léiriú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2020/440 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/17) (3) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 de Chinneadh (AE) 2020/440 (BCE/2020/17):
‘Airteagal 7
Iasachtú urrús
Cé is moite d’urrúis nach gcomhlíonann na ceanglais cáilíochta creidmheasa a thuilleadh le haghaidh urrúis a cheannaítear faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí nó faoin tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, cuirfidh an tEurochóras urrúis a cheannaítear faoin PEPP ar fáil lena n-iasachtú, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh, d’fhonn éifeachtacht an PEPP a áirithiú.’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcúígiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna déanamh in Frankfurt am Main, an 11 Meitheamh 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh BCE/2014/40 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir le cur chun feidhme an tríú cláir cheannaithe bannaí faoi chumhdach (IO L 335, 22.11.2014, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/828/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2020/187 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Feabhra 2020 maidir le cur chun feidhme an tríú cláir cheannaithe bannaí faoi chumhdach (BCE/2020/8) (IO L 39, 12.2.2020, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/187/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2020/440 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2020 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (IO L 91, 25.3.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/440/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1241/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)