Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1217

Cinneadh (AE) 2025/1217 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2025 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradh-bhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit

ST/7011/2024/INIT

IO L, 2025/1217, 19.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1217/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1217/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1217

19.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1217 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2025

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradh-bhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6) an dara fomhír, pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, áirítear infheistíocht dhíreach choigríche ar liosta na n-ábhar a thig faoin gcomhbheartas tráchtála. De bhun Airteagal 3(1), pointe (e), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála.

(2)

I dTuairim 2/15 an 16 Bealtaine 2017, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (2), á lua nach féidir le córas lena mbaintear díospóidí de dhlínse chúirteanna na mBallstát a bheith de chineál coimhdeach amháin agus nach féidir, dá bhrí sin, é a bhunú gan toiliú na mBallstát. Shoiléirigh CBAE an nós imeachta chun comhaontuithe measctha a ghlacadh i dTuairim 1/19 an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl).

(3)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2118 (3) ón gComhairle, síníodh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit (‘an Coinbhinsiún’) thar ceann an Aontais an 7 Iúil 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(4)

Is inmhianaithe Rialacha Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit (‘na Rialacha’) a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir maidir le réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus an Stát. A mhéid a bhaineann leis an Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag na Rialacha maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh (4).

(5)

Tugtar faoi deara go gciallaíonn an dara fonóta d’Airteagal 1 de na Rialacha gur cheart don Aontas, agus é ag gníomhú mar fhreagróir, Airteagal 7, mír 5, de na Rialacha a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar nochtadh faisnéise a mheasann sé a bheith contrártha do leasanna bunúsacha slándála Ballstáit.

(6)

Níor cheart don Aontas na Rialacha a chur i bhfeidhm agus é ag gníomhú mar fhreagróir i gcás díospóid a thionscnaítear de bhun an Chonartha um Chairt Fuinnimh i gcoinne Ballstáit nach bhfuil ina pháirtí sa Choinbhinsiún, mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an mBallstát lena mbaineann.

(7)

Ba cheart an Coinbhinsiún a shíniú thar ceann an Aontais.

(8)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go síneofar an Coinbhinsiún, faoi réir a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Coinbhinsiún maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradh-bhunaithe idir Infheisteoirí agus an Stáit (‘an Coinbhinsiún’), mar a rinne an Coimisiún a chaibidliú faoi choimirce Choimisiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Dlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh (5).

Airteagal 2

Ainmneoidh an Coimisiún an duine (na daoine) a chumhachtaítear chun an ionstraim formheasa a thaisceadh thar ceann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Choinbhinsiún.

Airteagal 3

Agus an ionstraim formheasa á taisceadh thar ceann an Aontais, déanfaidh an duine nó na daoine a chumhachtaítear i gcomhréir le hAirteagal 2 forchoimeádas i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a) den Choinbhinsiún ar dá réir nach gcuirfidh an tAontas Rialacha UNCITRAL maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit (‘na Rialacha’) i bhfeidhm agus é nó iad ag gníomhú mar fhreagróir i gcás díospóide arna tionscnamh de bhun an Chonartha um Chairt Fuinnimh i gcoinne Ballstáit nach páirtí sa Choinbhinsiún é mura gcomhaontófar a mhalairt leis an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 4

5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar oibriú na Rialacha i ndíospóidí i gcás ina raibh an tAontas ag gníomhú mar fhreagróir. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, athmheastóireacht ar an bhforchoimeádas dá dtagraítear in Airteagal 3 agus glacfaidh sí cinneadh maidir leis an bhforchoimeádas sin a leasú nó a tharraingt siar. Mura féidir teacht ar chomhaontú sa Chomhairle, leanfaidh an forchoimeádas dá dtagraítear in Airteagal 3 de bheith bailí, faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil gach 5 bliana. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an bhforchoimeádas sin a tharraingt siar má thugann na Ballstáit uile an Coinbhinsiún i gcrích nó nuair a scoirfidh Airteagal 47(3) den Chonradh um Chairt Fuinnimh d’éifeacht a bheith aige maidir leis an Aontas.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BARANOWSKI


(1)  Toiliú an 18 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO L 294, 14.11.2019, lch. 3.

(3)  Cinneadh (AE) 2024/2118 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradh-bhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit (IO L, 2024/2118, 31.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2118/oj).

(4)   IO L 380, 31.12.1994, lch. 24.

(5)  Foilsítear téacs an Choinbhinsiúin in IO L, 2025/1117, 5.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2025/1117/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1217/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top