This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1209
Council Decision (EU) 2025/1209 of 12 June 2025 authorising the opening of negotiations with the Republic of Côte d’Ivoire for a sustainable investment facilitation agreement
Cinneadh (AE) 2025/1209 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2025 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht an Chósta Eabhair le haghaidh comhaontú um infheistíocht inbhuanaithe a éascú
Cinneadh (AE) 2025/1209 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2025 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht an Chósta Eabhair le haghaidh comhaontú um infheistíocht inbhuanaithe a éascú
ST/9416/2025/INIT
IO L, 2025/1209, 17.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1209 |
17.6.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1209 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Meitheamh 2025
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht an Chósta Eabhair le haghaidh comhaontú um infheistíocht inbhuanaithe a éascú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú um infheistíocht inbhuanaithe a éascú le Poblacht an Chósta Eabhair a thabhairt i gcrích,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú um infheistíocht inbhuanaithe a éascú le Poblacht an Chósta Eabhair.
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 2
Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Afraic, um Muir Chairib agus um an Aigeán Ciúin. Beidh baint ag an gCoiste um an mBeartas Trádála leis an méid sin.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. BODNAR
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1209/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)