This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1162
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1162 of 5 June 2025 amending Commission Decision 2005/381/EC as regards the questionnaire for reporting on the application of Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2025) 3697)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1162 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3697)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1162 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3697)
C/2025/3697
IO L, 2025/1162, 24.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1162/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1162 |
24.6.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1162 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meitheamh 2025
lena leasaítear Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3697)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin. |
|
(2) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún (2), leagtar amach ceistneoir atá le húsáid ag na Ballstáit chun tuarascálacha bliantúla a ullmhú chun cuntas mionsonraithe ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE a shuí. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun na forálacha inti a ailíniú le cuspóirí aeráide an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(4) |
Chun na leasuithe sin ar Threoir 2003/87/CE a chur chun feidhme, leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (5) chun rialacha nua maidir leis an méid seo a leanas a ionchorprú: faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí leathnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE; astaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin; Cainníochtaí CO2 atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún (6); agus éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Thairis sin, cuireadh Caibidil VIIa nua isteach chun córas faireacháin agus tuairiscithe a chur chun feidhme le haghaidh na scéime trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Chun ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus chun an córas fíorúcháin agus creidiúnaithe a neartú a thuilleadh, leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (7). Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún (8) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/772 ón gCoimisiún (9), tugadh na rialacha maidir le lamháltais astaíochtaí cothrom le dáta. |
|
(5) |
Le Treoir (AE) 2023/959, leathnaíodh raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais chun gníomhaíochtaí muiriompair idirnáisiúnta a chumhdach. Mar thoradh air sin, leasaíodh Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhaireachán agus do thuairisciú astaíochtaí ó chuideachtaí loingseoireachta a dhéanann gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 ón gCoimisiún (11), leagadh síos ceanglais chomhchuibhithe maidir le measúnú an fhíoraitheora ar phleananna faireacháin agus maidir le fíorú thuarascálacha astaíochtaí na cuideachta loingseoireachta. |
|
(6) |
Is gá, dá bhrí sin, na leasuithe ar Threoir 2003/87/CE agus ar na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe lena mbaineann a léiriú i gCinneadh 2005/381/CE. Ina theannta sin, léirigh tuilleadh taithí a fuair Ballstáit agus an Coimisiún agus úsáid á baint as an gceistneoir gur gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht an tuairiscithe agus ar chomhleanúnachas na faisnéise a thuairiscítear. |
|
(7) |
Chun ualach riaracháin na mBallstát a laghdú agus Airteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE á chomhlíonadh acu, níor cheart baint a bheith ag na ceisteanna sa cheistneoir ach leis na sonraí sin nach bhfuil ar fáil don Choimisiún trí bhíthin foinsí eile. Ar an gcúis sin, níor cheart bearta náisiúnta cur chun feidhme de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE ná Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún a bheith sa cheistneoir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE (12). Thairis sin, níor cheart a chumhdach leis an gceistneoir sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí muiriompair is féidir a bhailiú ó Thetis MRV, córas faisnéise uathoibrithe an Aontais arna oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh chun Rialachán (AE) 2015/757 agus Treoir 2003/87/CE a chur chun feidhme. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/381/CE a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Wopke HOEKSTRA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) Cinneadh 2005/381/CE an 4 Bealtaine 2005 ón gCoimisiún lena mbunaítear ceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 126, 19.5.2005, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/381/oj).
(3) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil ceangal buan ceimiceach ag gáis cheaptha teasa i dtáirge (IO L, 2024/2620, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2620/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe (IO L 2024/873, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/772 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2025 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L, 2025/772, 22.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/772/oj).
(10) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin, creidiúnú fíoraitheoirí agus formheas pleananna faireacháin ag údaráis riaracháin de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2917, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2917/oj).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1842/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
CEISTNEOIR MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME THREOIR 2003/87/CE
1. Sonraí faoin institiúid atá ag cur an tuarascáil isteach
|
Ainm agus roinn na heagraíochta: |
|
|
Ainm an teagmhálaí: |
|
|
Teideal poist an teagmhálaí: |
|
|
Seoladh: |
|
|
Uimhir theileafóin idirnáisiúnta: |
|
|
Ríomhphost: |
|
2. Údaráis fhreagracha sa chóras trádála astaíochtaí (cta ae) agus comhordú idir na húdaráis
|
2.1. |
Sa tábla thíos, luaitear ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil seo a leanas:
Cuirtear rónna breise isteach más gá.
An úsáideann tú an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe arna cheapadh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun creidiúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí a fhíoraíonn tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, nó tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Úsáidim/Ní úsáidim Má úsáideann, luaitear ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe sin.
Ar chuir tú údarás náisiúnta deimhniúcháin ar bun chun fíoraitheoirí a dheimhniú de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (7)? Chuir/Níor chuir Má chuir, luaitear ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an údaráis náisiúnta deimhniúcháin sa bhosca thíos.
Sa tábla thíos, luaitear ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an riarthóra clárlainne i do Bhallstát.
|
|
2.2. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios cé acu údarás inniúil atá freagrach as na cúraimí seo a leanas, agus úsáid á baint as a ghiorrúchán. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Tugtar do d’aire, má tá dath liath ar bhosca sa tábla thíos, nach bhfuil an tasc ábhartha maidir le suiteálacha, eitlíocht, CTA2 nó gníomhaíochtaí muiriompair.
|
|
2.3. |
Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát de bhun Airteagal 18 de Threoir 2003/87/CE, cé acu údarás inniúil é an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 70(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 nó cé acu údarás inniúil é an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 64(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 ón gCoimisiún (18)? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an ngiorrúchán ábhartha sa tábla thíos.
Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/2066 a dhéanamh, cad iad na bearta a rinneadh chun obair na n-údarás inniúil sin a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.4. |
Cén malartú faisnéise a eagraítear idir údaráis inniúla?
Ar cheangail do Bhallstát ar oibreoirí nó ar oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur ar fáil don eintiteas rialáilte lena mbaineann níos luaithe ná an 31 Márta den bhliain tuairiscithe? Cheangail/Níor cheangail
|
|
2.5. |
Cad é an malartú éifeachtach faisnéise agus comhair atá bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar Airteagal 64(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 idir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nó, más ábhartha, an t-údarás náisiúnta deimhniúcháin agus an t-údarás inniúil laistigh de do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
||||||||||||||||
3. Gníomhaíochtaí, suiteálacha, oibreoirí aerárthaí agus eintitis rialáilte a chumhdach
3.A. Suiteálacha
|
3.1. |
Cé mhéad suiteáil a dhéanann gníomhaíochtaí agus a astaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE? As measc na suiteálacha sin cé mhéad acu atá ina suiteálacha de chatagóir A, B agus C dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? As measc na suiteálacha de chatagóir A cé mhéad acu atá ina suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
Cé hiad na gníomhaíochtaí ó Iarscríbhinn I a dhéanann suiteálacha i do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
|
3.2. |
An bhfuil suiteálacha eisiata agat faoi Airteagail 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE? Tá/Níl
Má tá, líontar isteach an tábla thíos leis an méid seo a leanas:
|
3.B. Oibreoirí aerárthaí
|
3.3. |
Cé mhéad oibreoir aerárthaí atá ag déanamh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhfuil tú freagrach astu mar Bhallstát riaracháin? As measc na n-oibreoirí aerárthaí sin cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí tráchtála agus cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála? As measc líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí cé mhéad acu atá ina n-astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Sonraítear agus úsáid á baint as an tábla thíos.
Cé mhéad de líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí atá i mbun gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nach mór dóibh faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar eitiltí a thagann faoi CORSIA? Cé mhéad oibreoir aerárthaí a scoir d’oibríochtaí agus nach ndéanann gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a thuilleadh sa tréimhse tuairiscithe? Sonraítear agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
3.C. Eintitis rialáilte
|
3.4. |
Cé mhéad eintiteas rialáilte a scaoileann breoslaí lena dtomhailt sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó sna gníomhaíochtaí a áirítear go haontaobhach i gcomhréir le hAirteagal 30j den Treoir sin? Cé mhéad de na heintitis rialáilte sin atá ina n-eintitis rialáilte i gcatagóirí A agus B dá dtagraítear in Airteagal 75e de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cé mhéad de na heintitis rialáilte de chatagóir A atá ina n-eintitis rialáilte a bhfuil astaíochtaí ísle acu dá dtagraítear in Airteagal 75n(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
4. Eisiúint ceadanna le haghaidh suiteálacha
|
4.1. |
Sonraítear sa tábla thíos a mhéid a rinneadh comhtháthú nó comhordú idir Treoir 2003/87/CE agus Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha).
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
4.2. |
Cathain a bhíonn sé de cheangal faoin dlí náisiúnta cead a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 nó hAirteagal 30b de Threoir 2003/87/CE? Cuirtear ar fáil mionsonraí na bhforálacha sa dlí náisiúnta sa tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Tugtar do d’aire, má tá dath liath ar bhosca sa tábla thíos, nach bhfuil an tasc ábhartha do CTA2.
Cad é an líon iomlán nuashonruithe ceadanna i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 30b de Threoir 2003/87/CE a tharla sa tréimhse tuairiscithe? Sonraítear sa tábla thíos líon na nuashonruithe ceada a mhéid is eol don údarás inniúil.
|
5. Cur i bhfeidhm na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú
5.A. Ginearálta
|
5.1. |
An nglactar reachtaíocht náisiúnta bhreise chun cuidiú le cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó Rialachán (AE) 2015/757?
Má ghlactar, sonraítear thíos na réimsí dá gcuireadh reachtaíocht náisiúnta bhreise chun feidhme nó dá bhfuil sí á cur chun feidhme.
Ar forbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise chun tacú leis an tuiscint ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó Rialachán (AE) 2015/757?
Má forbraíodh, sonraítear thíos na réimsí dá bhforbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise.
|
|
5.2. |
Cad iad na bearta a rinneadh chun ceanglais tuairiscithe CTA AE a chuíchóiriú le ceanglais tuairiscithe sásraí tuairiscithe eile atá ann cheana amhail tuairisciú maidir le fardal gás ceaptha teasa agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29)? Líontar isteach an tábla thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||
|
5.3. |
An úsáideann tú an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin? Úsáidim / Ní úsáidim
Mura n-úsáideann, sonraítear sa tábla thíos cé acu atá teimpléid leictreonacha shaincheaptha nó formáidí comhaid sonracha forbartha ag do Bhallstát le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin agus tabhair le fios na heilimintí atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.
Cad iad na bearta a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 74(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh? Sonraítear anseo thíos.
|
|
5.4. |
An úsáideann tú córas uathoibríoch le haghaidh malartú sonraí leictreonacha idir oibreoirí nó oibreoirí aerárthaí agus an t-údarás inniúil agus páirtithe eile? Úsáidim/Ní úsáidim
An bhfuil córas uathoibrithe á úsáid agat le haghaidh malartú sonraí leictreonacha idir eintitis rialáilte, an t-údarás inniúil agus páirtithe eile? Tá/ Níl Má tá, sonraítear thíos na forálacha a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 75(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh.
|
5.B. Suiteálacha
|
5.5. |
Sa tábla thíos, líontar isteach, i gcás na mbreoslaí a liostaítear, an t-ídiú breosla iomlán agus na hastaíochtaí bliantúla iomlána ar bhonn na sonraí a tuairiscíodh i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora le haghaidh na bliana tuairiscithe.
|
|
5.6. |
Sa tábla thíos, líontar isteach iomlán comhiomlán na n-astaíochtaí le haghaidh gach catagóir d’Fhormáid Tuairiscithe Choiteann (FTC) IPCC a thuairiscítear bunaithe ar na sonraí arna soláthar i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora i gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
|
|
5.7. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha ar cheadaigh an t-údarás inniúil minicíocht anailíse éagsúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 35(2), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chomh maith le deimhniú go bhfuil an plean samplála sna cásanna sin lándoiciméadaithe agus gur cloíodh go hiomlán leis.
|
|
5.8. |
Murar cuireadh an leibhéal is airde cur chuige i bhfeidhm le haghaidh floscanna bunaidh móra nó mórfhoinsí astaíochtaí ó shuiteálacha de chatagóir C dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugtar le fios sa tábla thíos, i gcás gach suiteáil ábhartha, na floscanna bunaidh nó an fhoinse astaíochtaí lena mbaineann, an paraiméadar faireacháin lena mbaineann agus an leibhéal is airde a éilítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus an leibhéal a cuireadh i bhfeidhm.
|
|
5.9. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha de chatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nach gcuireann an leibhéal is airde i bhfeidhm le haghaidh gach flosc bunaidh agus gach mórfhoinse astaíochtaí (37) i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
|
|
5.10. |
Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát an cur chuige cúltaca i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir
Má chuir, líontar isteach an tábla thíos.
|
|
5.11. |
Tugtar le fios sa tábla thíos líon na suiteálacha de chatagóir A, B agus C ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus líon suiteálacha ar cuireadh tuarascáil feabhsúcháin isteach ina leith i ndáiríre. Baineann an fhaisnéis sa tábla thíos le cur isteach na tuarascála feabhsúcháin.
|
|
5.12. |
An ndearnadh CO2 fréimhíochta i gcomhréir le hAirteagal 48, CO2 i gcomhréir le hAirteagal 49, nó N2O i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a aistriú i do Bhallstát? Rinneadh/Ní dhearnadh
An ndearnadh CO2 i gcomhréir le hAirteagal 49a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a bhuancheangal go ceimiceach i dtáirge a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún (44)? Má rinneadh, líontar isteach an tábla thíos.
|
|
5.13. |
Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát tomhas leanúnach astaíochtaí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir
Má chuir, tugtar le fios sa tábla thíos, astaíochtaí iomlána gach suiteáil, na hastaíochtaí a rinneadh tomhas leanúnach astaíochtaí orthu, agus cé acu a bhí bithmhais CO2 sa ghás a tomhaiseadh nó nach raibh.
|
|
5.14. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios an méid seo a leanas le haghaidh gach príomhghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:
Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Baintear úsáid as an tábla thíos chun freagra a thabhairt. Má úsáidtear scéimeanna náisiúnta chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, tugtar tuairisc ar na príomhghnéithe.
|
|
5.15. |
Cérbh é cainníocht iomlán na n-astaíochtaí CO2 iontaise ó dhramhaíl a úsáideadh mar bhreosla nó mar ábhar ionchuir? Tugtar freagra trí úsáid a bhaint as an tábla thíos.
|
|
5.16. |
Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh / Níor cheadaigh
Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.
|
5.C. Oibreoirí aerárthaí
|
5.17. |
Cad iad na modhanna agus na huirlisí faireacháin a úsáideann oibreoirí aerárthaí chun astaíochtaí agus éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chinneadh? Tugtar freagra agus úsáid á baint as na táblaí thíos.
|
|
5.18. |
Sa tábla thíos, sonraítear
Cé mhéad oibreoir aerárthaí a thuairiscigh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i dtríú tír agus aeradróm atá lonnaithe i mBallstát nó idir tríú tíortha? Baintear úsáid as an tábla thíos chun an cheist a fhreagairt.
|
|
5.19. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios:
Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Baintear úsáid as an tábla thíos chun freagra a thabhairt. Má úsáidtear scéimeanna náisiúnta chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, tugtar tuairisc ar na príomhghnéithe.
|
|
5.20. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na n-oibreoirí aerárthaí ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur isteach ina leith agus ar cuireadh ceann isteach ina leith i ndáiríre. Baineann an fhaisnéis a iarrtar sa tábla thíos le cur isteach tuarascálacha feabhsúcháin.
|
|
5.21. |
Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh / Níor cheadaigh
Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.
|
5.D. Eintitis rialáilte
|
5.22. |
Mura gcuirtear i bhfeidhm na cuir chuige is airde le haghaidh sreabha breosla móra a scaoiltear lena dtomhailt ag eintitis rialáilte de chatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 75e(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugtar le fios sa tábla thíos, le haghaidh gach eintitis rialáilte ar ina leith a tharla an cás sin, na breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt, an paraiméadar faireacháin lena mbaineann, an leibhéal is airde a cheanglaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus an leibhéal a cuireadh i bhfeidhm.
|
|
5.23. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na n-eintiteas rialáilte de chatagóir A dá dtagraítear in Airteagal 75e(2), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nach gcuireann i bhfeidhm an leibhéal is airde le haghaidh sreabha breosla móra a scaoiltear lena dtomhailt i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
|
|
5.24. |
Cén modh fachtóra raoin dá dtagraítear in Airteagal 75 l(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a úsáideadh i do Bhallstát? Más féidir, sonraítear de réir breoslaí agus de réir earnálacha.
An éilíonn an t-údarás inniúil modh fachtóra raoin dá dtagraítear in Airteagal 75 l(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Éilíonn/Ní éilíonn (62) Má éilíonn, sonraítear i dtéarmaí ginearálta cén modh fachtóra raoin a bhfuil gá leis agus cén earnáil a bhfuil sé ag teastáil ina leith (63).
Cad é líon na n-eintiteas rialáilte agus astaíochtaí comhiomlánaithe na sreabh breosla ar chuir na heintitis rialáilte sin luach réamhshocraithe 1 i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 75l(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 toisc nach bhfuil sé indéanta go teicniúil modhanna fachtóra raoin dá dtagraítear in Airteagal 75 l(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin a chur i bhfeidhm nó go mbeadh costais mhíréasúnta ag baint leis sin? Sonraítear sa tábla thíos.
|
|
5.25. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios:
Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Baintear úsáid as an tábla thíos chun freagra a thabhairt. Má úsáidtear scéimeanna náisiúnta chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, tugtar tuairisc ar na príomhghnéithe.
|
|
5.26. |
Tugtar le fios sa tábla thíos líon na n-eintiteas rialáilte i gcatagóirí A agus B ar ceanglaíodh orthu tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 75q de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus líon na n-eintiteas a chuir tuarascáil feabhsúcháin isteach i ndáiríre. Baineann an fhaisnéis sa tábla thíos le cur isteach na tuarascála feabhsúcháin.
|
5.E. Cuideachtaí loingseoireachta
|
5.27. |
Cé mhéad cuideachta loingseoireachta agus long ar cinneadh an fhachtóir astaíochta ina leith le haghaidh breoslaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757 i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066?
|
|
5.28. |
Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Baintear úsáid as an tábla thíos chun freagra a thabhairt. Má úsáidtear scéimeanna náisiúnta chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, tugtar tuairisc ar na príomhghnéithe.
|
6. Socruithe fíorúcháin
6.A. Ginearálta
|
6.1. |
Léirítear sa tábla thíos an líon iomlán fíoraitheoirí a dhéanann fíorú ar thuarascálacha suiteála do-aistrithe (68), tuarascálacha an oibreora aerárthaí, tuarascálacha an eintitis rialáilte, nó tuarascálacha na cuideachta loingseoireachta, lena n-áirítear an measúnú ar phlean faireacháin na cuideachta loingseoireachta. Maidir le líon iomlán na bhfíoraitheoirí ó Bhallstát eile, tugtar le fios an Ballstát inar chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe iad.
Baintear úsáid as rónna breise chun an cheist a líonadh isteach le haghaidh an chineáil fíoraithe.
Tugtar le fios sa tábla thíos líon na bhfíoraitheoirí atá creidiúnaithe le haghaidh raon feidhme sonrach creidiúnaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Má cheadaigh Ballstáit daoine nádúrtha a dheimhniú mar fhíoraitheoirí de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tugtar le fios freisin líon na bhfíoraitheoirí ar daoine nádúrtha iad atá deimhnithe le haghaidh raon feidhme sonrach deimhniúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
|
|
6.2. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le malartú faisnéise a shonraítear i gCaibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 nó Caibidil VI de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917;
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
6.B. Suiteálacha
|
6.3. |
Cad iad na suiteálacha a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nár chuir isteach tuarascáil ar astaíochtaí faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
|
6.4. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
|
6.5. |
An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne/Ní dhearna
Má rinne, sonraítear cé acu seiceálacha a rinneadh agus úsáid á baint as an tábla thíos:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
6.6. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha a astaíonn níos mó ná 25 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.
|
|
6.7. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láithreán i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh / Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
6.C. Oibreoirí aerárthaí
|
6.8. |
Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí nó ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO
2
ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad oibreoir aerárthaí a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nach bhfuil tuarascáil ar astaíochtaí curtha isteach acu faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
|
6.9. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, sa tábla thíos, cuirtear ar fáil faisnéis le haghaidh astaíochtaí, faoi seach.
|
|
6.10. |
An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí nó ar thuarascálacha fíoraithe maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2? Rinne/Ní dhearna
Má rinne, agus úsáid á baint as na táblaí thíos, sonraítear na seiceálacha a rinneadh le haghaidh astaíochtaí agus éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 faoi seach. Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha ar astaíochtaí
Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
6.11. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos líon na n-astaírí beaga ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.
|
|
6.12. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láithreán i gcomhréir le hAirteagal 34a nó le hAirteagal 34b de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh / Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
6.D. Eintitis rialáilte
|
6.13. |
Cé hiad na heintitis rialáilte a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad eintiteas rialáilte a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nach bhfuil tuarascáil ar astaíochtaí curtha isteach acu faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
|
6.14. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí / Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
|
6.15. |
An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne / Ní dhearna
Má rinne, sonraítear cé acu seiceálacha a rinneadh agus úsáid á baint as an tábla thíos:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
6.16. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láithreán le haghaidh eintitis rialáilte? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, léirítear sa tábla thíos líon na n-eintiteas rialáilte ar tarscaoileadh cuairt ar an láithreán ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láithreán le haghaidh eintitis rialáilte a bhfuil astaíochtaí ísle acu dá dtagraítear in Airteagal 75n(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh Má tarscaoileadh, sonraítear sa tábla thíos líon na n-eintiteas rialáilte ar tarscaoileadh cuairt ar an láithreán ina leith.
|
|
6.17. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láithreán i gcomhréir le hAirteagal 34x agus Airteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh / Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
6.E. Cuideachtaí loingseoireachta
|
6.18. |
Cé hiad na cuideachtaí loingseoireachta a ndearna an t-údarás riaracháin meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2849 ón gCoimisiún (105)? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad cuideachta loingseoireachta a fuair conclúid fíorúcháin dhiúltach nó nár chuir tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin sprioc-am a ceanglaíodh?
|
|
6.19. |
Ar áiríodh míráitis neamhábhartha, neamh-chomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach mar thoradh orthu nó moltaí le haghaidh feabhais in aon tuarascáil fíorúcháin a bhaineann leis na cineálacha éagsúla fíoraithe? Áiríodh/Níor áiríodh
Má áiríodh cuirtear faisnéis ar fáil sa tábla thíos:
|
|
6.20. |
An ndearna an t-údarás riaracháin aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe astaíochtaí loinge nó ar thuarascálacha fíoraithe ar leibhéal cuideachta? Rinne/Ní dhearna
Má rinne, sonraítear cé acu seiceálacha a rinneadh agus úsáid á baint as an tábla thíos:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
6.21. |
Sonraítear sa tábla thíos:
|
7. Clárlanna
|
7.1. |
Cuir i gceangal cóip de na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann go sonrach le do Bhallstát a cheanglaítear ar shealbhóirí cuntais iad a shíniú. |
|
7.2. |
I ngach cás inar dúnadh cuntas toisc nach raibh aon ionchas réasúnach ann go ndéanfadh suiteáil, oibreoir aerárthaí, eintiteas rialáilte nó cuideachta loingseoireachta lamháltais bhreise a thabhairt suas, tabhair tuairisc sa tábla thíos ar an bhfáth nach raibh aon ionchas réasúnach eile ann agus luaigh méid na lamháltas nár tugadh suas. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|
7.3. |
Cé mhéad uair le linn na bliana tuairiscithe a d’úsáid oibreoirí aerárthaí an sainordú dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (119)? Sonraítear thíos an líon uaireanta.
Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a d’úsáid sainordú le linn na tréimhse tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122? Cuirtear ar fáil an fhaisnéis trí úsáid a bhaint as an tábla thíos. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
8. Leithdháileadh
8.A. Ginearálta
|
8.1. |
An bhfuil an teimpléad á úsáid agat a d’fhorbair an Coimisiún chun faireachán a dhéanamh ar phleananna modheolaíochta, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, pleananna aeráidneodrachta, tuarascálacha aeráidneodrachta agus tuarascálacha fíorúcháin? Tá/Níl
Mura bhfuil, sonraítear sa tábla thíos an bhfuil teimpléid leictreonacha shaincheaptha Bhallstáit nó formáidí comhaid sonracha Ballstáit forbartha agat le haghaidh pleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, pleananna aeráidneodrachta, tuarascálacha aeráidneodrachta agus tuarascálacha fíorúcháin, agus tugtar le fios na gnéithe atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.
|
|
8.2. |
An ngearrtar táillí ar oibreoirí i ndáil le gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Gearrtar /Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí sin sa tábla thíos:
|
|
8.3. |
Má tá córas TF á úsáid ag na Ballstáit, leis an gcóras sin an gcumhdaítear freisin gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cumhdaítear / Ní chumhdaítear |
|
8.4. |
Líontar isteach sa tábla thíos faisnéis faoi thréigean agus fionraíocht lamháltas agus faoi lamháltais bhreise a aisghabháil de thoradh ró-leithdháileadh:
|
|
8.5. |
Ar cuireadh Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa (124)? Cuireadh/Níor cuireadh
Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 a chur i bhfeidhm ar foshuiteálacha? Dhiúltaigh / Níor dhiúltaigh Má dhiúltaigh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
Ar cuireadh Airteagal 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa? Cuireadh / Níor cuireadh Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
|
|
8.6. |
Sonraítear líon na suiteálacha nár áiríodh a thuilleadh faoi raon feidhme CTA AE le linn na bliana tuairiscithe:
|
|
8.7. |
Ar chuir tú i bhfeidhm Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE? Chuir/Níor chuir
Má chuir, cuirtear ar fáil sa tábla thíos líon iomlán na lamháltas astaíochtaí a eisíodh agus luach iomlán na n-infheistíochtaí a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe.
|
8.B. Tuarascálacha ar shonraí bonnlíne
Ní mór ceisteanna 8.8 agus 8.9 a líonadh isteach maidir leis na bearta náisiúnta cur chun feidhme is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE
|
8.8. |
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach i leith na dtuarascálacha ar shonraí bonnlíne?
|
|
8.9. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin a chomhfhreagaíonn don tuarascáil sonraí bonnlíne? Bhí / Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
8.C. Tuarascálacha bliantúla maidir leis an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha aeráidneodrachta
|
8.10. |
Ar cheangail an t-údarás inniúil ar oibreoirí tuairisciú ar na paraiméadair bhreise a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cheangail / Níor cheangail
Má cheangail, sonraítear cineál na bparaiméadar breise:
|
|
8.11. |
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach le haghaidh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó tuarascáil aeráidneodrachta, nó nach bhfuil tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta ná tuarascáil aeráidneodrachta curtha isteach acu faoin sprioc-am is gá?
|
|
8.12. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí / Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
|
8.13. |
Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil do thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó do thuarascálacha aeráidneodrachta? Dhiúltaigh/Níor dhiúltaigh
Má dhiúltaigh, líontar isteach an tábla:
|
|
8.14. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Tarscaoileadh / Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|
8.15. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láithreán i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta nó le linn fhíorú na dtuarascálacha aeráidneodrachta? Rinneadh / Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
|
8.16. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 agus an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
8.17. |
Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:
|
||||||||||||||||||||||||||||
9. Táillí agus muirir
9.A. Suiteálacha agus eintitis rialáilte
|
9.1. |
An ngearrtar táillí ar oibreoirí nó ar eintitis rialáilte? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as ceadanna a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.
Má ghearrtar, agus úsáid á baint as an tábla thíos, cuirtear ar fáil sonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla.
|
9.B. Oibreoirí aerárthaí agus cuideachtaí loingseoireachta
|
9.2. |
An ngearrtar táillí ar oibreoirí aerárthaí nó ar chuideachtaí loingseoireachta? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla sa tábla thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9.C. Suiteálacha, oibreoirí aerárthaí, eintitis rialáilte nó cuideachtaí loingseoireachta
|
9.3. |
Sna táblaí thíos, sonraítear na táillí aonuaire agus bliantúla a ghearrtar ar oibreoirí, oibreoirí aerárthaí, eintitis rialáilte nó cuideachtaí loingseoireachta i ndáil le cuntais chlárlainne.
Tábla le haghaidh táillí aonuaire
Tábla le haghaidh táillí bliantúla
|
|||||||||||||||||||||||||
10. Saincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht leis an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais
10.A. Suiteálacha
|
10.1. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí an cead agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|||||||||||||||||||
|
10.2. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta a úsáideadh chun sáruithe agus pionóis a shonrú?
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
10.3. |
Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
10.4. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
10.B. Oibreoirí aerárthaí
|
10.5. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí aerárthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|||||||||||||||||||
|
10.6. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
10.7. |
Cad iad na sáruithe a fuarthas agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
10.8. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí aerárthaí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
|
10.9. |
Cad iad na bearta a bheadh le déanamh i do Bhallstát sula n-iarrfaí cosc oibríochta ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16(10) de Threoir 2003/87/CE? Sonraítear thíos cineálacha na mbeart.
|
10.C. Eintitis rialáilte
|
10.10. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon eintitis rialáilte an cead agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
|||||||||||||||||||
|
10.11. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta a úsáideadh chun sáruithe agus pionóis a shonrú?
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
10.12. |
Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
10.13. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-eintiteas rialáilte ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
10.D. Cuideachtaí loingseoireachta
|
10.14. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon cuideachtaí loingseoireachta Rialachán (AE) 2015/757 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
||||||||||||||||||||||
|
10.15. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán (AE) 2015/757, ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/EC? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
10.16. |
Cad iad na sáruithe a fuarthas agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuirtear rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
10.17. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na gcuideachtaí loingseoireachta ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
11. Cineál dlíthiúil na lamháltas agus na láimhseála fhioscaí
|
11.1. |
Cad é cineál dlíthiúil lamháltais i do Bhallstát?
|
|
11.2. |
Cén chaoi a láimhseáiltear cuntasaíocht airgeadais na lamháltas astaíochtaí i do Bhallstát?
|
|
11.3. |
An bhfuil CBL dlite ar eisiúint lamháltas astaíochtaí agus ar idirbhearta ina leith? Tá /Níl
Má tá, an gcuireann do Bhallstát an nós imeachta aistrithe táillí i bhfeidhm? Cuireann/Ní chuireann |
|
11.4. |
An ngearrtar cáin ar lamháltais astaíochtaí? Gearrtar / Ní ghearrtar
Má ghearrtar, sonraítear sa tábla thíos an cineál cánach agus na rátaí cánach is infheidhme. Cuirtear rónna breise isteach más gá.
|
12. Calaois
|
12.1. |
Sa tábla thíos, sonraítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce.
|
|
12.2. |
Sa tábla thíos, sonraítear na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear údaráis inniúla a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CTA AE le haghaidh gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus CTA le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus gníomhaíochtaí breise a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir sin ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí calaoiseacha (149).
|
|
12.3. |
Sa tábla thíos, léirítear an fhaisnéis seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a mhéid is eol don údarás inniúil a bhfuil baint aige i do Bhallstát le cur chun feidhme CTA AE le haghaidh gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus CTA le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus gníomhaíochtaí breise a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir sin:
|
13. Barúlacha eile
|
13.1. |
Sa tábla thíos, tugtar sonraí faoi aon saincheist eile is cúis le hábhar imní i do Bhallstát, nó aon fhaisnéis ábhartha eile ba mhaith leat a chur ar fáil.
|
|
13.2. |
An ndearna tú gach ceist sa cheistneoir seo a fhreagairt agus an ndearna tú na freagraí ar na ceisteanna sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb ábhartha? Rinne/Ní dhearna
Mura ndearna, téitear ar ais go dtí an cheist lena mbaineann. |
(1) Más rud é nach ionann an t-údarás inniúil le haghaidh CORSIA agus an t-údarás inniúil le haghaidh eitlíocht CTA AE, tugtar ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil sin freisin.
(2) Roghnaítear ón roghchlár anuas: údarás inniúil lárnach, údarás inniúil réigiúnach, údarás inniúil áitiúil, eile. Más údarás inniúil lárnach an t-údarás inniúil, ní gá líon na n-údarás inniúil a chur isteach.
(3) Sonraítear líon na n-údarás inniúil sa chás ina roghnaítear údaráis inniúla réigiúnacha nó áitiúla sa cholún ar chlé.
(4) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(6) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).
(8) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(9) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(10) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1842/oj).
(13) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L, 2023/2830, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).
(15) Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás inar chuir an Ballstát gníomhaíochtaí agus gáis san áireamh faoi Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE.
(16) Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin más rud é gur chuir an Ballstát gníomhaíochtaí seachas na gníomhaíochtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE san áireamh go haontaobhach sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompair agus gníomhaíochtaí breise i gcomhréir le hAirteagal 30j de Threoir 2003/87/CE.
(17) Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás ina bhfuil suiteálacha eisiata ag an mBallstát faoi Airteagal 27 agus Airteagal 27a de Threoir 2003/87/CE.
(18) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin, creidiúnú fíoraitheoirí agus formheas pleananna faireacháin ag údaráis riaracháin de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2917, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2917/oj).
(19) Gníomhaíochtaí comhordúcháin chun an córas trádála astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidlí II agus III de Threoir 2003/87/CE a bhainistiú.
(20) Gníomhaíochtaí comhordúcháin chun an córas trádála astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a bhainistiú.
(21) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj).
(22) Roghnaítear: CTA1 le haghaidh suiteálacha do-aistrithe, CTA1 le haghaidh eitlíochta, CTA2 nó CTA Muirí.
(23) Baintear úsáid as giorrúcháin na n-údarás inniúil dá dtagraítear i gceist 2.1. Má roinntear faisnéis le húdaráis nach liostaítear faoi cheist 2.1, tugtar léiriú ginearálta ar cad iad na húdaráis sin (e.g. údaráis chánach de bhun Threoracha 2003/96/CE agus (AE) 2020/262, údaráis faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha).
(24) Sonraítear i dtéarmaí ginearálta an cineál faisnéise a roinntear agus an bealach a roinntear í (e.g. cruinnithe tráthrialta, cruinnithe ad hoc, meithleacha, córas leictreonach TF, ceanglas sainordaitheach faisnéis a roinnt tríd an údarás inniúil).
(25) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj).
(26) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).
(27) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj).
(28) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).
(29) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2006/166/oj).
(30) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(31) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(32) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(33) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(34) Tugtar do d’aire nach gcumhdaítear bithmhais leis an gceist seo (lena n-áirítear bithbhreoslaí neamh-inbhuanaithe, bithleachtanna, bithmhais sholadach, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte nó breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin). Le ceist 5.14, cumhdaítear faisnéis a bhaineann le dóchán bithmhaise.
(35) Cód céannachta suiteála dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (OJ L 177, 2/7/2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1122/oj).
(36) Faoi pharaiméadar faireacháin lena mbaineann, roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamhfhachtóir astaíochta, fachtóir ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise, codán RFNBO/RCF, codán SLCF nó i gcás modheolaíocht thomhasbhunaithe: meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.
(37) Foinsí astaíochtaí a astaíonn níos mó ná 5 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana nó a astaíonn níos mó ná 10 % d’astaíochtaí bliantúla iomlána na suiteála, cibé acu is airde i dtéarmaí dearbhastaíochtaí.
(38) Foinsí astaíochtaí a astaíonn níos mó ná 5 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana nó a astaíonn níos mó ná 10 % d’astaíochtaí bliantúla iomlána na suiteála, cibé acu is airde i dtéarmaí dearbhastaíochtaí.
(39) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(40) Roghnaítear:
|
a) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh flosc bunaidh mór amháin; |
|
b) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh mionfhlosc bunaidh amháin; |
|
c) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh níos mó ná flosc bunaidh mór amháin nó mionfhlosc bunaidh amháin; nó |
|
d) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 sa mhodheolaíocht tomhas-bhunaithe dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. |
(41) Roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, toisc ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise codán RFNBO/RCF, codán SLCF nó, i gcás modheolaíocht tomhas-bhunaithe, meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.
(42) Líontar isteach na tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus, más infheidhme, cuirtear isteach an líon tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach le haghaidh na tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair.
(43) Roghnaítear: tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin nó tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(44) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil ceangal buan ceimiceach ag gáis cheaptha teasa i dtáirge (IO L, 2024/2620, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2620/oj).
(45) Roghnaítear: aistriú CO2 fréimhíochta (Airteagal 48), aistriú CO2 chun críche iompair agus stóráil gheolaíoch fhadtéarmach i láithreán stórála (Airteagal 49 (1), CO2 atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirge (Airteagal 49a), aistriú N2O (Airteagal 50). Má rinneadh CO2 a bhuancheangal go ceimiceach i gcarbónáit chailciam dheasctha, ná líontar isteach ach le haghaidh na bliana tuairiscithe 2024, CO2 atá buancheangailte go ceimiceach sa chúigiú colún agus sonraítear sa séú colún go raibh an CO2 ceangailte go ceimiceach i gcarbónáit chailciam dheasctha. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní féidir a thuilleadh CO2 atá buancheangailte go ceimiceach i gcarbónáit chailciam dheasctha a dhealú ó na hastaíochtaí iomlána.
(46) Cód céannachta suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(47) An tsuiteáil a aistríonn an CO2 fréimhíochta faoi Airteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, an tsuiteáil a aistríonn CO2 faoi Airteagal 49 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, an tsuiteáil a aistríonn an N2O faoi Airteagal 50 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, an tsuiteáil ina ngabhtar CO2 agus ina bhfuil sé buancheangailte go ceimiceach i dtáirge faoi Airteagal 49a den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(48) Más bonneagar iompair CO2 atá i gceist leis an bpáirtí a aistríonn CO2, luaitear é sin.
(49) Cuirtear ar fáil cód céannachta suiteála na suiteála a fuair an CO2 fréimhíochta, cód céannachta suiteála na suiteálacha a fuair CO2 de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó a fuair N2O de bhun Airteagal 50 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Más bonneagar iompair CO2 atá i gceist leis an bpáirtí is faighteoir nó más láithreán stórála í an tsuiteáil, luaitear sin. Más tomhaltóir neamh-CTA AE an páirtí is faighteoir, líontar isteach ‘tomhaltóir neamh-CTA AE’.
(50) Cuirtear ar fáil méid CO2 fréimhíochta nó CO2 a aistríodh de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
(51) Cód céannachta suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(52) Breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBO)/breoslaí carbóin athchúrsáilte (RCF), breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin (SLCF).
(53) Roghnaítear breosla bithmhaise, RFNBO/RCF nó SLCF.
(54) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(55) Roghnaítear: measúnú riosca a rinne an t-údarás inniúil nó measúnú riosca a rinne an t-oibreoir.
(56) Sonraítear bithbhreosla, RFNBO/RCF nó SLCF.
(57) Léirítear an mbaineann an feabhsúchán le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 nó le faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.
(58) Líontar isteach na tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus, más infheidhme, cuirtear isteach an líon tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach sa tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair.
(59) Roghnaítear: measúnú riosca a rinne an t-údarás inniúil nó measúnú riosca a rinne an t-oibreoir aerárthaí.
(60) Cód an eintitis rialáilte dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(61) Faoi pharaiméadar faireacháin lena mbaineann, roghnaítear: cainníocht bhreosla, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamhfhachtóir astaíochta, fachtóir coinbhéartúcháin aonaid, codán bithmhaise, codán RFNBO/RCF nó codán SLCF, an fachtóir raoin.
(62) Má tá úsáid luacha réamhshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 75 l(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún formheasta ag an gCoimisiún le haghaidh sreabha breosla áirithe, tugtar freagra ‘Ní éilíonn’ ar an gceist sin (ní bhaineann an cheist seo ach leis an gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit ar na heintitis rialáilte modh sonrach dá dtagraítear in Airteagal 75l(2) a úsáid).
(63) Baintear úsáid as uimhir chatagóir CRF chun an earnáil a shonrú.
(64) Roghnaítear eintiteas rialáilte de chatagóir A nó eintiteas rialáilte de chatagóir B.
(65) Roghnaítear bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, RFNBO/RCF nó SLCF
(66) Líontar isteach na tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus, más infheidhme, cuirtear isteach an líon tuarascálacha feabhsúcháin a cuireadh isteach sa tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair.
(67) Roghnaítear: tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 75q(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 75q(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin nó tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 75q(4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(68) Tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua.
(69) Roghnaítear fíorú thuarascálacha suiteála do-aistrithe, fíorú thuarascálacha an oibreora aerárthaí, fíorú thuarascálacha an eintitis rialáilte nó fíorú thuarascáil na cuideachta loingseoireachta, lena n-áirítear an measúnú ar phlean faireacháin na cuideachta loingseoireachta.
(70) Roghnaítear CTA AE, CTA2 agus CTA muirí.
(71) Líontar isteach cuireadh isteach/níor cuireadh isteach/cuireadh isteach go páirteach.
(72) Agus nár tuairiscíodh mar ghearáin réitithe i dtuarascálacha roimhe seo.
(73) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(74) Sonraítear: níor cuireadh aon tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta; níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar mhíráitis ábhartha; níor eisíodh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar raon feidhme teoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067); níor tugadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bhun Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067); diúltaíodh don tuarascáil ar astaíochtaí mar gheall ar neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066; nó níor fíoraíodh tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(75) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig an oibreoir maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a úsáid.
(76) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(77) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(78) Sonraítear céatadán na seiceála.
(79) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na suiteálacha, gach suiteáil de chatagóir C, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(80) Roghnaítear na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(81) Roghnaigh formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(82) Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(83) Roghnaítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, diúltaíodh an tuarascáil ar astaíochtaí de bhrí nach raibh sí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, níor fíoraíodh an tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/2067.
(84) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig oibreoirí aerárthaí maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora aerárthaí a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a úsáid.
(85) Roghnaítear tuarascáil astaíochtaí nó tuarascáil maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.
(86) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr míráitis ábhartha, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(87) Roghnaítear: fíorú na tuarascála ar astaíochtaí nó fíorú na tuarascála maidir le héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2.
(88) Roghnaítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(89) Sonraítear céatadán na seiceála.
(90) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, gach oibreoir aerárthaí mór, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(91) Sonraítear céatadán na seiceála.
(92) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, gach oibreoir aerárthaí mór, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(93) Roghnaítear an chuairt fhíorúil ar an láithreán le linn fíorú astaíochtaí (Airteagal 34a), cuairt fhíorúil ar an láithreán le linn fíorú astaíochtaí (Airteagal 34b), cuairt fhíorúil ar an láithreán le linn fíorú éifeachtaí neamh-CO2 (Airteagal 34a), cuairteanna fíorúla ar an láithreán le linn fíorú éifeachtaí neamh-CO2 (Airteagal 34b).
(94) Ní gá an cineál force majeure a chomhlánú ach amháin i gcás cuairt fhíorúil ar an láithreán dá dtagraítear in Airteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(95) Roghnoghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(96) Cód céannachta an eintitis rialáilte dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(97) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 30 Aibreán, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar mhíráitis ábhartha (Airteagal 43r(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar raon feidhme teoranta (Airteagal 43r(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal 43r(1), pointe (d), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, diúltaíodh don tuarascáil ar astaíochtaí toisc nach raibh sí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, nó níor fíoraíodh tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(98) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig eintitis rialáilte maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an eintitis rialáilte a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a úsáid.
(99) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 30 Aibreán, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr míráitis ábhartha (Airteagal 43r(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 43r(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal 43r(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(100) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(101) Sonraítear céatadán na seiceála.
(102) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-eintiteas rialáilte, gach eintiteas rialáilte de chatagóir B, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(103) Roghnaítear an coinníoll/na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 43w de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(104) Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 43x agus Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(105) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2849 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh (IO L, 2023/2849, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2849/oj).
(106) Cód céannachta na cuideachta loingseoireachta dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(107) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin sprioc-am a ceanglaíodh, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar mhíráitis ábhartha, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar raon feidhme teoranta, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach toisc nach soláthraítear soiléireacht leordhóthanach le neamh-chomhréireachtaí comhiomlána nó aonair agus toisc go gcuireann siad cosc ar an bhfíoraitheoir a mhaíomh le dearbhú réasúnach go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha, diúltaíodh don tuarascáil ar astaíochtaí toisc nach raibh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 ná le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, nó níor fíoraíodh tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917.
(108) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig cuideachtaí loingseoireachta maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála na cuideachta loingseoireachta a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a úsáid.
(109) Roghnaítear measúnú an fhíoraitheora ar phleananna faireacháin, fíorú tuarascálacha ar astaíochtaí, fíorú tuarascálacha ar leibhéal cuideachta.
(110) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil isteach faoin sprioc-am a ceanglaíodh, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar mhíráitis ábhartha, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar raon feidhme teoranta, níor tugadh aon dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach toisc nach soláthraítear soiléireacht leordhóthanach le neamh-chomhréireachtaí comhiomlána nó aonair agus toisc go gcuireann siad cosc ar an bhfíoraitheoir a mhaíomh le dearbhú réasúnach go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha, diúltaíodh don tuarascáil toisc nach raibh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 ná le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927, nó níor fíoraíodh tuarascáil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe 2023/2917, níor chomhlíon plean faireacháin Rialachán (AE) 2015/757 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927.
(111) Líontar isteach líon na gcuideachtaí loingseoireachta chun measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus chun tuarascálacha a fhíorú ar leibhéal cuideachta. Líontar isteach líon na long chun tuarascálacha ar astaíochtaí a fhíorú.
(112) Roghnaítear tuarascáil ar astaíochtaí nó tuarascáil ar leibhéal na cuideachta loingseoireachta.
(113) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, moltaí le haghaidh feabhais.
(114) Líontar isteach an líon long chun tuarascálacha astaíochtaí a fhíorú agus líon na gcuideachtaí loingseoireachta chun tuarascálacha a fhíorú ar leibhéal cuideachta loingseoireachta.
(115) Roghnaítear tuarascáil ar astaíochtaí nó tuarascáil ar leibhéal na cuideachta loingseoireachta.
(116) Sonraítear céatadán na seiceála.
(117) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na long nó na gcuideachtaí loingseoireachta, mórlonga nó cuideachtaí loingseoireachta, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(118) Cód céannachta suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(119) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1122/oj).
(120) Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(121) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(122) I gcomparáid le riachtanais an teimpléid agus na bhformáidí comhaid sonracha a d’fhoilsigh an Coimisiún.
(123) Ní mór an cheist sin a fhreagairt den chéad uair sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2027.
(124) Ní gá an cheist sin a fhreagairt ach amháin sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2026.
(125) Sonraítear: ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(126) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(127) Sonraítear an tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó an tuarascáil aeráidneodrachta.
(128) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta isteach faoin 31 Márta, níor cuireadh tuarascáil aeráidneodrachta isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar mhíráiteas ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach toisc nach mbaintear garspriocanna agus spriocanna amach (Airteagal 27(1)(ba) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar raon feidhme teoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar Airteagal 27(1) (ca) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach mar gheall ar Airteagal 27(1), pointe (d), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(129) Ní gá an colún seo a líonadh isteach ach amháin le haghaidh tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta.
(130) Roghnaítear an tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó an tuarascáil aeráidneodrachta.
(131) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamh-chomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach mar thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441, moltaí le haghaidh feabhais.
(132) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú (IO L, 2023/2441, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj).
(133) Roghnaítear an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(134) Roghnaítear an tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó an tuarascáil aeráidneodrachta.
(135) Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(136) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(137) Líontar isteach na sonraí maidir le heitlíocht agus CTA muirí, más ábhartha.
(138) Roghnaítear an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaí, an t-eintiteas rialáilte, an chuideachta loingseoireachta.
(139) Roghnaítear an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaí, an t-eintiteas rialáilte, an chuideachta loingseoireachta.
(140) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(141) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(142) Sonraítear faoi ‘eile’ cé na ceanglais sonracha CORSIA nár comhlíonadh.
(143) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(144) Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(145) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(146) Cód céannachta an eintitis rialáilte dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(147) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(148) Cód céannachta na cuideachta loingseoireachta dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(149) Má tá an fhreagairt le haghaidh an chórais trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus gníomhaíochtaí breise a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó na gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE difriúil i gcomparáid le CTA AE le haghaidh tionscail nó le haghaidh eitlíochta, luaitear é sin.
(150) Má tá difríocht idir CTA AE le haghaidh suiteálacha agus eitlíochta, CTA2 le haghaidh eintitis rialáilte agus CTA AE le haghaidh gníomhaíochtaí muiriompair, sonraítear na difríochtaí sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1162/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)