This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1107
Council Decision (CFSP) 2025/1107 of 27 May 2025 amending and updating Decision (CFSP) 2018/340 establishing the list of projects to be developed under PESCO
Cinneadh (CBES) 2025/1107 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO
Cinneadh (CBES) 2025/1107 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO
ST/8463/2025/INIT
IO L, 2025/1107, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1107/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1107 |
28.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1107 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2025
lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1),
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2315. |
|
(2) |
Le hAirteagal 4(2), pointe (e), de Chinneadh (CBES) 2017/2315 foráiltear go bhfuil an Chomhairle chun liosta na dtionscadal atá le forbairt faoin mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO) a bhunú, lena léirítear tacaíocht d’fhorbairt cumais agus do thacaíocht shuntasach a sholáthar d’oibríochtaí agus do mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) de réir acmhainne agus cumais. |
|
(3) |
An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (2), lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO. |
|
(4) |
An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Moladh a bhaineann le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (3) (‘an Moladh’) freisin. |
|
(5) |
I mír 9 den Mholadh, sonraíodh gur cheart don Chomhairle liosta tionscadal PESCO a nuashonrú faoi mhí na Samhna 2018 chun an chéad tacar eile tionscadal a áireamh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/2315, lena bhforáiltear go háirithe go bhféadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) moladh a dhéanamh a bhaineann le sainaithint tionscadal PESCO agus a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn measúnuithe arna soláthar ag rúnaíocht PESCO, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh, tar éis comhairle mhíleata a fháil ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC). |
|
(6) |
An 25 Meitheamh 2018 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/909 (4) lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO. |
|
(7) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1797 (5) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340. |
|
(8) |
An 16 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2008 (6) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340. |
|
(9) |
An 22 Bealtaine 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/995 (7) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340. |
|
(10) |
An 15 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1972 (8) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340. |
|
(11) |
An 19 Iúil 2024, chuir Rúnaíocht PESCO in iúl don Chomhairle gur chinn comhaltaí an tionscadail ‘Héileacaptair Ionsaithe TIGER Marc III de chuid na hEorpa’ deireadh a chur leis an tionscadal. |
|
(12) |
An 18 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Moladh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO a chomhlíonadh (9). |
|
(13) |
An 25 Márta 2025, thug an tArdionadaí moladh don Chomhairle maidir le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
(14) |
An 27 Márta 2025, chuir Rúnaíocht PESCO in iúl don Chomhairle gur chinn comhaltaí an tionscadail ‘an Lárionad Deimhniúcháin Oiliúna Eorpach um Airm Eorpacha’ deireadh a chur leis an tionscadal. |
|
(15) |
An 29 Aibreán 2025, tháinig an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir leis na moltaí atá i gcomhairle mhíleata EUMC i ndáil leis an moladh ón Ardionadaí i dtaca le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/340, a leasú agus a nuashonrú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/340 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas,
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(3) |
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.
(2) Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2018/340 an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, p. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/340/oj).
(3) Moladh ón gComhairle an 6 Márta 2018 a bhaineann le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (IO C 88, 8.3.2018, lch. 1).
(4) Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/909/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21.11.2018, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/1797/oj).
(6) Cinneadh (CBES) 2021/2008 ón gComhairle an 16 Samhain 2021 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 407, 17.11.2021, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2008/oj).
(7) Cinneadh (CBES) 2023/995 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 135, 23.5.2023, lch. 123, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/995/oj).
(8) Cinneadh (CBES) 2024/1972 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L, 2024/1972, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1972/oj).
(9) Moladh ón gComhairle an 18 Samhain 2024 lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a chomhlíonadh (IO C, C/2024/6982, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6982/oj).
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta chomhaltaí na dtionscadal i ngach tionscadal ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/340:
|
|
Tionscadal |
Comhaltaí na dTionscadal |
|
‘73. |
An Tionscnamh Comhpháirteach Eorpach um Chóineasú i leith Cogaíocht Leictreamaighnéadach (JEEWCI) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
74. |
Luaidhe a Ionadú in Armlón Coisithe (SLIA) |
an Ghearmáin, an tSeicia |
|
75. |
Comhéadan Optrónach Comhchoiteann Láimhe (CHOI) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
76. |
Loingseoireacht do Choisithe gan GNSS (InfNav w/o GNSS) |
an Ghearmáin, an Iodáil, an ísiltír |
|
77. |
Córais Fuinnimh Dhírithe (DES) |
an Iodáil, an Spáinn |
|
78. |
Córas na Saighdiúirí ar Chois den Chéad Ghlúin Eile (NGDSS) |
an Iodáil, an Laitvia |
|
79. |
Soitheach Modúlach do Ghrinneall na Farraige (MSV) |
an Fhrainc, an Iodáil |
|
80. |
Cumas Athbhreoslaithe san Aer (gan foireann) sa Todhchaí |
an Ghearmáin, an Spáinn |
|
81. |
Aeriompar Gan Foireann Saighdiúirí Gortaithe (UNATIS) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
82. |
Cumasóirí Candamacha le haghaidh Buntáiste Straitéiseach (QUEST) |
an Fhionlainn, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia |
|
83. |
Saoráid Cóireála Leighis - Ról 2 Chun Tosaigh - Forbairt Cumais (MTF R2F-CD) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Fhionlainn’ |
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NUASHONRAITHE COMHDHLÚITE DE CHOMHALTAÍ NA dTIONSCADAL AR LEITH
|
|
Tionscadal |
Comhaltaí na dTionscadal |
|
1. |
Raidió Bogearraí-Shainithe Slán Eorpach (ESSOR) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Fhionlainn |
|
2. |
Líonra na Mol Lóistíochta san Eoraip agus na Tacaíochta d’Oibríochtaí(NetLogHubs) |
an Ghearmáin, an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, Éire, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn |
|
3. |
An tSoghluaisteacht Mhíleata |
an Ísiltír, an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn |
|
4. |
Feidhm Oibríochtúil Fuinnimh (EOF) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Iodáil, an tSlóivéin |
|
5. |
Pacáiste chun Cumas Míleata Fóirithinte a Imlonnú i gcás Tubaistí (DM-DRCP) |
an Iodáil, Éire, an Ghréig, an Chróit, an Ostair |
|
6. |
Córais Mhuirí (leath-)Uathrialaitheacha um Fhrithbhearta Mianach (MAS MCM) |
an Bheilg, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSualainn |
|
7. |
Faireachas agus Cosaint Cuanta agus Mhuirí (HARMSPRO) |
an Iodáil, an Ghréig, an Pholainn, an Phortaingéil |
|
8. |
Uasghrádú Faireachais Mhuirí |
an Ghréig, an Bhulgáir, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir |
|
9. |
An tArdán le haghaidh Comhroinnt Faisnéise faoi Fhreagairt Cibearbhagairtí agus Cibirtheagmhas |
an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Phortaingéil |
|
10. |
Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil |
an Liotuáin, an Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia. an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin |
|
11. |
Córas Ceannais agus Comhordaithe (C2) Straitéiseach um Misin agus Oibríochtaí CBSC (EUMILCOM) |
an Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Phortaingéil |
|
12. |
Feithicil Troda Coisithe Armúrtha / Feithicil Ionsaithe Amfaibiach / Feithicil Armúrtha Éadrom (AIFV/AAV/LAV) |
an Iodáil, an Ghréig, an tSlóvaic |
|
13. |
Oiliúint ar phíolótú héileacaptar faoi theocht ard agus ar airde mhór (Oiliúint H3) |
an Ghréig, an Iodáil, an Rómáin |
|
14. |
Scoil faisnéise chomhpháirteach an Aontais (JEIS) |
an Ghréig, an Chipir |
|
15. |
Córas Comhtháite Talún Gan Foireann (iUGS) |
an Eastóin, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Fhionlainn |
|
16. |
Córais Diúracán Láthair Chatha Talún AE thar an líne amhairc (BLOS) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Chipir, an tSualainn |
|
17. |
Pacáiste Cumais Idirghabhála Fo-Uisce Modúlach In-imscartha (DIVEPACK) |
an Bhulgáir, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Rómáin |
|
18. |
Córais Eorpacha Aerárthaí Cianrialaithe Meánairde Fad-Aga - MALE RPAS (Eurodrone) |
an Ghearmáin, an tSeicia, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil |
|
19. |
Córas in aghaidh Aerárthaí Gan Foireann (C-UAS) |
an Iodáil, an tSeicia, an tSualainn |
|
20. |
Ardán Aerloinge Ard-Atmaisféir na hEorpa (EHAAP) – Síorchumas Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR) |
an Iodáil, an Fhrainc |
|
21. |
Post Ceannais (CP) In-imscartha Aonuaire do Cheannas agus Rialú (C2) Oirbheartaíoch na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta (SOF) i gcás Oibríochtaí Beaga Comhpháirteacha (SJO) – (SOCC) i gcás SJO |
an Ghréig, an Chipir |
|
22. |
Clár um Chumas Cogaíochta Leictreamaighnéadaí agus um Idir-inoibritheacht don Fhaisnéis, Faireachas agus Taiscéalaíocht (JISR) amach anseo |
an tSeicia, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin |
|
23. |
Faireachas Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) mar Sheirbhís (CBRN SaaS) |
an Ostair, an Fhrainc, an Chróit, an Ungáir, an tSlóivéin |
|
24. |
Aonad um Chomhordú na Tacaíochta (GMSCE) Geoimeitéareolaíche agus Aigéineolaíochta (GeoMETOC) |
an Ghearmáin, an Bheilg, an Ghréig, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin |
|
25. |
Réiteach Radaloingseoireachta an Aontais (EURAS) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSualainn |
|
26. |
An Líonra Míleata Eorpach um Fheasacht ar Fhaireachas Spáis (EU SSA-N) |
an Iodáil, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír |
|
27. |
An Lárionad Comhtháite Eorpach Oiliúna agus Ionsamhlúcháin (EUROSIM) |
an Ungáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Pholainn, an tSlóivéin |
|
28. |
Acadamh agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (AE CAIH) |
an Phortaingéil, an Bhulgáir, an Rómáin |
|
29. |
Lárionad oiliúna leighis d’fhórsaí oibríochtaí speisialta (SMTC) |
an Pholainn, an Ungáir |
|
30. |
Raon Oiliúna le haghaidh cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN) (CBRNDTR) |
an Rómáin, an Fhrainc, an Iodáil |
|
31. |
Líonra an Aontais Eorpaigh de Lárionaid Tumadóireachta (EUNDC) |
an Rómáin, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Fhrainc |
|
32. |
Córas Frith-Fhomhuireáin Muirí Gan Foireann (MUSAS) |
an Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn |
|
33. |
Coirbhéad Patróil Eorpach (EPC) |
an Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Rómáin |
|
34. |
Ionsaí Leictreonach Aerbheirthe (AEA) |
an Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn |
|
35. |
An Lárionad Comhordúcháin Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC) |
an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ungáir, an Ísiltír |
|
36. |
Rabhadh agus Tascradh Tráthúil le Faireachas ón Spás ar Limistéir Imlonnaithe (TWISTER) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ostair, an Fhionlainn |
|
37. |
Ábhair agus comhpháirteanna le haghaidh iomaíochas teicneolaíoch an Aontais (MAC-EU) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Phortaingéil, an Rómáin |
|
38. |
Cumas Comhoibríoch Cogaíochta AE (ECoWAR) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn |
|
39. |
Córas Eorpach um Chomhtháthú Domhanda Ollstruchtúr na gCóras Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS) (GLORIA) |
an Iodáil, an Fhrainc, an Rómáin |
|
40. |
Lárionad Ionsamhlúcháin agus Tástála um Príomhthainc Chatha (MBT-SIMTEC) |
an Ghréig, an Chipir |
|
41. |
Comhpháirtíocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh (AE MP) |
an Fhrainc, an Eastóin, an Iodáil, an Ostair |
|
42. |
Eilimintí Sár-Riachtanacha an Tionlacain Eorpaigh (4E) |
an Spáinn, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSualainn |
|
43. |
Feithicil Dhromchla Leath-Uathrialaitheach Mheánmhéide (M-SASV) |
an Eastóin, an Fhrainc, an Laitvia, an Rómáin, an tSualainn |
|
44. |
Aeriompar Straitéiseach do Lasta Ollmhór (SATOC) |
an Ghearmáin, an tSeicia, an Fhrainc, an Ísiltír |
|
45. |
RPAS Beag den Chéad Ghlúin Eile (NGSR) |
an Spáinn, an Ungáir, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin |
|
46. |
Stáisiún Nasctha Rótarárthaigh do Ladrainn (RDSD) |
an Iodáil, an Fhrainc |
|
47. |
Mionarmáin Inscálaithe (SSW) |
an Iodáil, an Fhrainc |
|
48. |
Aerchumhacht |
an Fhrainc, an Ghréig, an Chróit, an tSualainn |
|
49. |
Lasta Oirbheartaíochta Meánmhéide amach anseo (FMTC) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an tSualainn |
|
50. |
Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF) |
an Eastóin, An Bheilg, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ostair, an Fhionlainn |
|
51. |
Samhaltú Uathoibrithe, Sainaithint agus Measúnú Damáiste ar Thír-Raon Uirbeach (AMIDA-UT) |
an Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an Ostair |
|
52. |
Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI) |
an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin |
|
53. |
Sócmhainní Spáis a Chosaint (DoSA) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ostair an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin |
|
54. |
An tAertharlú Eorpach Cosanta - Acadamh Oiliúna (EDA-TA) |
an Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an Phortaingéil |
|
55. |
Córais Chomhtháite Talún Gan Foireann 2 (iUGS 2) |
an Eastóin, an Ghearmáin, an tSeicia, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Fhionlainn, an tSualainn |
|
56. |
Braiteoirí Frithbhataire (CoBaS) |
an Fhrainc, an Ísiltír |
|
57. |
Toirpéad Frith-Thoirpéid (ATT) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
58. |
Cosaint Bhonneagar Criticiúil Ghrinneall na Farraige (CSIP) |
an Iodáil, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Phortaingéil, an tSualainn |
|
59. |
Diúracán Gearr-Raoin ó Aer go hAer a bheidh ann amach anseo (FRSM) |
an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an tSualainn |
|
60. |
Héileacaptar Meánmhéide den chéad ghlúin eile (NGMH) |
an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Fhionlainn |
|
61. |
Córas Comhtháite Ilsrathach um Chosaint Aeir agus Diúracán (IMLAMD) |
an Iodáil, an Fhrainc, an Ungáir, an tSualainn |
|
62. |
Córas Éifeachtóirí agus Braiteoirí le haghaidh ceannais agus rialú san Artach (ACCESS) |
an Fhionlainn, an Eastóin, an Fhrainc, an tSualainn |
|
63. |
Bonneagar agus Líonraí Cumarsáide Stóinsithe (ROCOMIN) |
an tSualainn, an Ghearmáin, an Eastóin |
|
64. |
ROLE 2F |
an Spáinn, an Bheilg, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Fhionlainn, an tSualainn |
|
65. |
An Tionscnamh Comhpháirteach Eorpach um Chóineasú i leith Cogaíocht Leictreamaighnéadach (JEEWCI) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
66. |
Luaidhe a Ionadú in Armlón Coisithe (SLIA) |
an Ghearmáin, an tSeicia |
|
67. |
Comhéadan Optrónach Comhchoiteann Láimhe (CHOI) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
68. |
Loingseoireacht do Choisithe gan GNSS (InfNav w/o GNSS) |
an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír |
|
69. |
Córais Fuinnimh Dhírithe (DES) |
an Iodáil, an Spáinn |
|
70. |
Córas na Saighdiúirí ar Chois den Chéad Ghlúin eile (NGDSS) |
an Iodáil, an Laitvia |
|
71. |
Soitheach Modúlach do Ghrinneall na Farraige (MSV) |
an Fhrainc, an Iodáil |
|
72. |
Cumas Athbhreoslaithe san Aer (gan foireann) sa Todhchaí |
an Ghearmáin, an Spáinn |
|
73. |
Aeriompar Gan Foireann Saighdiúirí Gortaithe (UNATIS) |
an Ghearmáin, an Ísiltír |
|
74. |
Cumasóirí Candamacha le haghaidh Buntáiste Straitéiseach (QUEST) |
an Fhionlainn, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia |
|
75. |
Saoráid Cóireála Leighis - Ról 2 Chun Tosaigh - Forbairt Cumais (MTF R2F-CD) |
an Fhrainc, an Bheilg, an Fhionlainn’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1107/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)