Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0966

Cinneadh (CBES) 2025/966 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

ST/5953/2025/INIT

IO L, 2025/966, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/966/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/966/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/966

20.5.2025

CINNEADH (CBES) 2025/966 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2643 (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus gníomhaíochtaí urchóideacha na Rúise atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar thríú tíortha á gcáineadh aige.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 21 duine nádúrtha agus seisear daoine dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 mar a leanas:

(1)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘17.

Alik Yuryevich KHUCHBAROV

Alik Yuryevich HUCHBAROV

Alik HUTŠBAROV

(Rúisis: Алик Юрьевич ХУЧБАРОВ)

Feidhm: Oibrí de chuid GRU

Dáta breithe: 12.11.1992

Náisiúntacht: Rúiseach, Eastónach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 601515903509

Bhí Alik Khuchbarov freagrach as oibríocht san Eastóin a phleanáil agus a ullmhú ina ndearnadh damáiste do mhaoin pearsana poiblí a labhair amach in aghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus ina ndearnadh séadchomharthaí a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda a aghlot. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhí sé ag gníomhú faoi stiúir agus chun leasa ghníomhaireacht faisnéise míleata eachtraí na Rúise, agus arna iarraidh sin di, chun déantóirí ciona a earcú chun na hionsaithe a dhéanamh. Díríodh ar fheithiclí Aire Gnóthaí Baile na hEastóine agus phríomheagarthóir nuachtán Rúisise sna hionsaithe. D’éirigh le seirbhísí slándála na hEastóine cosc a chur ar ionsaithe breise ar phearsana poiblí eile. Ina theannta sin, rinneadh roinnt leachtanna cuimhneacháin cogaidh a aghlot, caitheadh péint orthu agus tarraingíodh svaisticí orthu. Ba é cuspóir na hoibríochta faitíos, scaoll, agus teannas a chruthú san Eastóin agus na daoine sin a bhíodh ag cáineadh ghníomhaíochtaí agus bheartas na Rúise a imeaglú. Mar ghníomhaire i líonra GRU, tá Alik Khuchbarov freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát, trí ghníomhartha foréigin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú, agus chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

18.

Ilya Sergeevich BOCHAROV

Ilja BOTŠAROV

(Rúisis: Илья Сергеевич БОЧАРОВ)

Feidhm: Oibrí de chuid GRU

Dáta breithe: 29.6.1991

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 561410364291

Bhí Ilya Bocharov freagrach as oibríocht san Eastóin a phleanáil agus a ullmhú ina ndearnadh damáiste do mhaoin pearsana poiblí a labhair amach in aghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus ina ndearnadh séadchomharthaí a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda a aghlot. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhí sé ag gníomhú faoi stiúir agus chun leasa ghníomhaireacht faisnéise míleata eachtraí na Rúise (GRU), agus arna iarraidh sin di, chun déantóirí ciona a earcú chun na hionsaithe a dhéanamh. Díríodh ar fheithiclí Aire Gnóthaí Baile na hEastóine agus phríomheagarthóir nuachtán Rúisise sna hionsaithe. D’éirigh le seirbhísí slándála na hEastóine cosc a chur ar ionsaithe breise ar phearsana poiblí eile. Ina theannta sin, rinneadh roinnt leachtanna cuimhneacháin cogaidh a aghlot, caitheadh péint orthu agus tarraingíodh svaisticí orthu. Ba é cuspóir na hoibríochta faitíos, scaoll, agus teannas a chruthú san Eastóin agus na daoine sin a bhíodh ag cáineadh ghníomhaíochtaí agus bheartas na Rúise a imeaglú. Mar ghníomhaire i líonra GRU, tá Ilya Bocharov freagrach as gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát, trí ghníomhartha foréigin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú, agus chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

19.

Elena KOLBASNIKOVA

(Rúisis: Елена КОЛБАСНИКОВА)

Náisiúntacht: Úcráineach, Rúiseach

Dáta breithe: 20.3.1975

Áit bhreithe: Dnipro, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

Is náisiúnach Rúiseach í Elena Kolbasnikova a bhfuil dlúthnaisc aici le Rossotrudnitschestwo, eintiteas stáit Rúiseach, agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón eintiteas sin. Bhunaigh Kolbasnikova struchtúir pholaitiúla le heite dheis fhrithdhaonlathach na Gearmáine mar thacú leis an díchobhsú a bhíonn á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin. Gearradh pianbhreith uirthi as fuathchaint i gcúirt céime deiridh sa Ghearmáin tar éis di an bonn bhaint de cheannasacht na hÚcráine agus institiúidí phoiblí na Gearmáine a cháineadh. Tá imscrúduithe coiriúla ar siúl maidir lena tacaíocht do na scarúnaithe i réigiún Donbas le crua-earraí míleata, trí bhíthin imeachtaí tiomsaithe airgid agus trí chúnamh a chur ar fáil do ghrúpaí scarúnaíochta. Ar a bharr sin, chuir Kolbasnikova chun cinn gníomhartha foréigneacha a rinne a fear céile, Rostislav Teslyuk, i gcoinne frith-léiritheoirí agus d’eagraigh sí railithe carranna chun mionaoisigh Úcránacha a bhí ag lorg tearmainn sa Ghearmáin a imeaglú.

Dá bhrí sin, tacaíonn sí le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát trí ghníomhaíochtaí arb é is cuspóir leo an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach sa Ghearmáin. Tacaíonn sí freisin le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de shlándáil tríú tír (an Úcráin), trí choinbhleacht armtha a thionscnamh nó a éascú, rud a dhéantar trí thacú le gluaiseachtaí scarúnaíocha san Úcráin.

Tá baint ag Elena Kolbasnikova le Rostislav Teslyuk agus tá iarrachtaí déanta acu go comhpháirteach an Úcráin a dhíchobhsú trí na gníomhaíochtaí atá déanta acu.

20.5.2025

20.

Hüseyin DOGRU

Seoladh: Kavacık Mahallesi, Fatih Sultan Mehmet Caddesi, Tonoglu Block No.: 3, Beykoz, Iostanbúl, an Tuirc

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Is é Hüseyin Doğru bunaitheoir agus ionadaí AFA Medya A.Ş., cuideachta meán atá lonnaithe in Iostanbúl. Oibríonn AFA Medya A.Ş. RED, atá comhdhéanta de roinnt ardán meán agus a bhfuil dlúthnaisc airgeadais agus eagraíochtúla aige le heintitis bholscaireachta stáit na Rúise agus le gníomhaithe bolscaireachta stáit na Rúise agus roinneann sé naisc struchtúracha dhoimhne lena n-áirítear idirnaisc idir pearsanra aonair agus uainíocht pearsanra aonair le heagraíochtaí meán stáit na Rúise.

Bhain RED úsáid as a ardáin meán – agus é ag foilsiú go minic faoi “redstreamnet” nó “theredstream” – chun faisnéis bhréagach a scaipeadh go córasach maidir le hábhair atá conspóideach go polaitiúil d’fhonn easaontas eitneach, polaitiúil agus reiligiúnach a chruthú i measc a spriocphobail, ar Gearmánaigh iad den chuid is mó, lena n-áirítear trí insintí grúpaí sceimhlitheoireachta radacacha Ioslamacha, mar shampla Hamas, a scaipeadh.

Le linn forghabháil fhoréigneach ar ollscoil sa Ghearmáin arna déanamh ag lucht círéibe frith-Iosrael, rinne pearsanra RED comhordú leis na háititheoirí chun íomhánna dá loitiméireacht a scaipeadh – inar baineadh úsáid as siombailí Hamas – trína gcainéil ar líne, rud a chuir ardán eisiach meán ar fáil dóibh agus a d’éascaigh cineál foréigean na hagóide.

Dá bhrí sin, trí AFA Medya, tacaíonn Hüseyin Doğru le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, lena n-áirítear trí thacú go hindíreach le léirsithe foréigneacha agus iad a éascú agus trí ionramháil chomhordaithe ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

21.

Yulia Sergeevna PROKHOROVA

(Rúisis: Юлия Сергеевна ПРОХОРОВА)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 18.2.1992

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Landshut, Bavaria, an Ghearmáin, roimhe seo

Inscne: baineann

Is saoránach Rúiseach í Yulia Prokhorova. Bhí sí ina cónaí sa Ghearmáin go dtí 2024. Tá feachtas ag Yulia Prokhorova ar na meáin shóisialta inar chuir sí chun cinn cur amú fuinnimh d’aon ghnó sa Ghearmáin mar thacú le cogadh foghach na Rúise. Ag an am céanna, scaipeann sí mífhaisnéis ar mheáin stáit na Rúise maidir leis an soláthar fuinnimh, an smacht reatha agus dídeanaithe ón Úcráin sa Ghearmáin.

Ina theannta sin, rinne Yulia Prokhorova dídeanaithe ón Úcráin san Eoraip a imeaglú trí bhíthin ionsaithe poiblí agus cineálacha eile ciaptha, a thaifead sí agus a scaip sí ar líne.

Dá bhrí sin, tacaíonn Yulia Prokhorova le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reatha, den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i gceann amháin dá Bhallstáit, trí thabhairt faoi ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus trína bheith ag tacú go hindíreach le gníomhaíochtaí atá dírithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus seirbhísí atá chun leas an phobail.

20.5.2025

22.

Rostislav TESLYUK

(Rúisis: Ростислав ТЕСЛЮК)

ar a dtugtar freisin

Max SCHLUND

(Rúisis: Макс ШЛУНД)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 23.4.1982

Áit bhreithe: Moscó

Inscne: fireann

Is náisiúnach Rúiseach é Rostislav Teslyuk a bhfuil dlúthnaisc aige le Rossotrudnitschestwo, eintiteas stáit Rúiseach, agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón eintiteas sin. Bhunaigh Rostislav Teslyuk struchtúir pholaitiúla le heite dheis fhrithdhaonlathach na Gearmáine chun tacú leis an díchobhsú a bhíonn á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin. Tá imscrúduithe coiriúla fós ar siúl maidir lena thacaíocht do na scarúnaithe i réigiún Donbas le crua-earraí míleata. Rinne Teslyuk gníomhartha foréigneacha i gcoinne frith-léirsitheoirí agus d’eagraigh sé railithe carranna in éineacht le Elena Kolbasnikova chun mionaoisigh Úcránacha a bhí ag lorg tearmainn sa Ghearmáin a imeaglú.

Dá bhrí sin, tacaíonn sé le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil i mBallstát (an Ghearmáin) trí ghníomhaíochtaí arb é is cuspóir leo an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach sa Ghearmáin. Tá sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de shlándáil tríú tír (an Úcráin), trí choinbhleacht armtha a thionscnamh nó a éascú, rud a dhéanann sé trí thacú le gluaiseachtaí scarúnaíocha san Úcráin.

Tá baint ag Rostislav Teslyuk le Elena Kolbasnikova atá faoi réir bearta sriantacha agus tá iarrachtaí déanta acu go comhpháirteach an Úcráin a dhíchobhsú trí na gníomhaíochtaí atá déanta acu.

20.5.2025

23.

Alina LIPP

Feidhm: comhfhreagraí cogaidh

Dáta breithe: 17.9.1993

Áit bhreithe: Hamburg

Náisiúntacht: Gearmánach

Inscne: baineann

Tá blag ag Aline Lipp dar teideal “Neues aus Russland”, blag ina scaipeann sí go córasach mífhaisnéis faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ina ndéanann sí rialtas na hÚcráine a dhídhlisteanú, go háirithe d’fhonn dul i gcion ar mheon phobal na Gearmáine i leith na tacaíochta a thugann siad don Úcráin.

Ina theannta sin, tá a ról mar chomhfhreagraí cogaidh de chuid fhórsaí armtha na Rúise in oirthear na hÚcráine á úsáid aici chun bolscaireacht chogaidh na Rúise a scaipeadh. Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha siamsaíochta agus bolscaireachta do thrúpaí ar an gcainéal teilifíse míleata Rúiseach Zvezda.

Dá bhrí sin, tá Alina Lipp ag dul i mbun gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus tacaíonn sí leo, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn den tslándáil agus den chobhsaíocht san Aontas agus i dtríú tír (an Úcráin) trí úsáid a bhaint as ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis, agus trí choinbhleacht armtha a éascú i dtríú tír.

20.5.2025

24.

Viktor Volodymyrovych MEDVEDCHUK

(Úcráinis: Віктор Володимирович МЕДВЕДЧУК)

(Rúisis: Виктор Владимирович МЕДВЕДЧУК)

Feidhm: Polaiteoir, pearsa gnó, úinéir meán de facto

Dáta breithe: 7.8.1954

Áit bhreithe: Pochet, Krasnoyarskyi Krai, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise, APSS

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Moscó

Uimhir Aitheantais Chánach Úcránach (Код ДРФО): 1994214296 (neamhní)

Is iarpholaiteoir agus iarphearsa gnó de chuid na hÚcráine é Viktor Medvedchuk, a bhí ar an bpríomhthacadóir do bheartas ar son na Rúise san Úcráin agus a chuir beartais agus gníomhaíochtaí chun cinn arb é is aidhm dóibh inchreidteacht agus dlisteanacht Rialtas na hÚcráine a scriosadh. Tá dlúthcheangal pearsanta ag Viktor Medvedchuk le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus tá baint aige leis.

Agus cabhair aige óna chomhlaigh, Artem Marchevskyi ina measc, rialaigh Viktor Medvedchuk eagraíochtaí meán na hÚcráine agus d’úsáid sé iad chun bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh san Úcráin agus níos faide i gcéin. Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, scaip Viktor Medvedchuk insintí bolscaireachta na Rúise faoin gcogadh, rud a bhain an bonn de cheannasacht na hÚcráine. Chuige sin, i mí Aibreáin 2023 bhunaigh Viktor Medvedchuk gluaiseacht pholaitiúil dar teideal “Another Ukraine” sa Rúis.

I dteannta a chomhpháirtithe agus a eintitis chomhlachaithe, Artem Marchevskyi agus an cainéal meán Voice of Europe san áireamh, agus i ndlúthchomhar le húdaráis na Rúise, leanann Viktor Medvedchuk de mhaoiniú a thabhairt do pháirtithe polaitiúla agus do pholaiteoirí aonair san Eoraip agus d’oibríochtaí tionchair a dhéanamh a bhfuil dírithe orthu. Bhí sé d’aidhm leis na gníomhaíochtaí sin tacaíocht a thabhairt do leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus an tionchar a bhaineann leis a scaipeadh, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin acmhainní airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaithe polaitiúla aonair san Eoraip, ina measc, iarrthóirí a bhí roghnaithe do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus le haghaidh comhar le hiriseóirí. Threoraigh agus choinnigh Viktor Medvedchuk smacht ar ghníomhaíochtaí urchóideacha Artem Marchevskyi agus Voice of Europe, agus úsáid á baint aige as an treoir de facto a thugann Artem Marchevskyi do Voice of Europe.

Dá bhrí sin, tá Viktor Medvedchuk freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus i dtríú tír nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát an Aontais agus na hÚcráine, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an bonn a bhaint de, agus an méid sin a phleanáil, a stiúradh agus a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, agus trína bheith páirteach in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

25.

Artem Pavlovich MARCHEVSKYI

Artem Pavlovich MARCHEVSKIJ

Artem Pavlovich MARCHEVSKIY

Artěm Pavlovič MARČEVSKIJ

(Úcráinis: Артем Павлович МАРЧЕВСЬКИЙ)

(Rúisis: Артем Павлович МАРЧЕВСКИЙ)

Feidhm: Polaiteoir, léiritheoir meán, bolscaire

Dáta breithe: 5.7.1988

Áit bhreithe: Cív, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hÚcráine, APSS, (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Úcránach, Iosraelach

Inscne: fireann

Seoladh: Hovorčovická 1079, 250 65 Líbeznice, Poblacht na Seice

Uimhir Aitheantais Chánach Úcránach (Код ДРФО): 3232824038

Is iarpholaiteoir Úcránach é Artem Marchevskyi a bhfuil dlúthcheangal aige le Viktor Medvedchuk, ar iarpholaiteoir Úcránach agus pearsa gnó é a bhfuil dlúthnaisc aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise. De bhua a ról sa pháirtí “Opposition Platform – For Life” [Ardán Freasúra - Ar feadh an tSaoil], páirtí atá ar son na Rúise, agus sa chainéal teilifíse atá bainteach le bolscaireacht atá ar son na Rúise, thacaigh Artem Marchevskyi le Viktor Medvedchuk agus thug sé cúnamh dó ó 2018 go 2021. Lean Artem Marchevskyi agus Viktor Medvedchuk de bheith ag comhordú tar éis dóibh beirt an Úcráin a fhágáil nuair a thosnaigh an Rúis a hionradh uirthi in 2022. Threoirigh agus rialaigh Viktor Medvedchuk gníomhaíochtaí Artem Marchevskyi lena n-éascófaí forbairt a dhéanamh ar líonra tionchair Viktor Medvedchuk san Aontas agus a Bhallstáit.

Bhí ról ríthábhachtach ag Artem Marchevskyi maidir le bréagaisnéis chomhbheartaithe agus insintí claonta a scaipeadh arb é ba aidhm leo tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus a thionchar a scaipeadh, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, tríd an bonn a bhaint d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise. Bhí ról ríthábhachtach ag Artem Marchevskyi maidir le branda meán Voice of Europe a fháil agus a ghníomhaíochtaí a ionchorpú i gcuideachta den ainm céanna. Agus é ina cheannaire faoi cheilt ar “Voice of Europe”, bhain Artem Marchevskyi úsáid as an gcuideachta chun acmhainní airgeadais a threorú, ar acmhainní iad a ainmníodh chun luach saothair a thabhairt do bholscairí agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Artem Medvedchuk agus a chomhpháirtithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip.

Dá bhrí sin, tá Artem Marchevskyi freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát dá chuid agus na hÚcráine, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an bonn a bhaint de, agus an méid sin a éascú ar bhealach eile, agus trína bheith páirteach in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

26.

Natallia SUDLIANKOVA

ar a dtugtar freisin

Natallia SUDLENKOVA

Natalia SUDLENKOVA

Natalia SUDLIANKOVÁ (ŠEVKOVÁ)

Natalija SUDLIANKOVÁ (ŠEVKOVÁ)

(Rúisis: Наталья СУДЛЕНКОВА (ШЕВКО))

Ar a dtugtar freisin

Natalyia KORNELYUK

(Rúisis: Наталья КОРНЕЛЮК)

Feidhm: Iriseoir, comhairleoir meán agus caidrimh phoiblí, comhordaitheoir

Dáta breithe: 9.6.1964

Áit bhreithe: an Bhealarúis

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: baineann

Seoladh: Borovanského 2381/22, 155 00 Prague, Poblacht na Seice

Doiciméid aitheantais: Doiciméad taistil: U0002974, bailí go dtí an 18.3.2031

Cead Cónaithe: 001631077, bailí go dtí an 13.3.2034

Is iriseoir agus comhairleoir meán agus caidrimh phoiblí í Natallia Sudliankova agus tá táirgí meán saincheaptha á ndéanamh aici lena n-áirítear ionramháil ar fhaisnéis agus scaipeadh insintí míthreoracha arb é is aidhm leo tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus arb é is aidhm leo an bonn a bhaint de mhuinín an phobail i leith luachanna agus próisis dhaonlathacha an Aontais agus na Seice. Tá obair á fháil ag Sudliankova ina leith sin le tamall fada agus tugtar cúiteamh airgeadais di.

Tá ról suntasach aici maidir le hionramháil chomhordaithe ar fhaisnéise atá beartaithe don phobal i bPoblacht na Seice agus i mBallstáit eile a phleanáil agus a threorú agus comhoibríonn sí le heintitis de chuid stát na Rúise (Rosatom, Pravfond), le heintitis a dhéanann ionadaíocht ar leasanna Chónaidhm na Rúise (Immortal Regiment of Russia), agus le Alexey Nikolayevich Shavrov, oifigeach de Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU).

Dá bhrí sin, tá Natallia Sudliankova freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Ballstát dá chuid agus na hÚcráine, trí úsáid ionramhála ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh agus páirt a ghlacadh inti.

20.5.2025

27.

Iurie NECULITI

(Rúisis: Юрие НЕКУЛИТИ)

Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin Stark Industries

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Inscne: fireann

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe; Chisinau, Poblacht na Moldóive

Áit bhreithe: Bender, Poblacht na Moldóive

Tá Iurie Neculiti ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Stark Industries Solutions Ltd., seirbhís óstála gréasáin atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe aici ar fud an domhan.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe i gcoinne an Aontais agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála na hEorpa.

Dá bhrí sin, ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Stark Industries Solutions Ltd., tá Neculiti ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena gcuirtear an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí ar mhaithe le leas an phobail.

Tá baint ag Iurie Neculiti le Ivan Neculiti agus le Stark Industries.

20.5.2025

28.

Ivan NECULITI

(Rúisis: Иван НЕКУЛИТИ)

Feidhm: Úinéir Stark Industries agus PQ Hosting

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Inscne: fireann

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe; Chisinau, Poblacht na Moldóive

Áit bhreithe: Bender, an Mholdóiv

Tá Ivan Neculiti ina úinéir ar Stark Industries Solutions Ltd. seirbhís óstála gréasáin atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe aici ar fud an domhan.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe i gcoinne an Aontais agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála na hEorpa.

Tá baint ag Ivan Neculiti le Iurie Neculiti agus le Stark Industries.

Dá bhrí sin, agus é mar úinéir ar Stark Industries Solutions Ltd., tá Ivan Neculiti ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise lena gcuirtear an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí ar mhaithe le leas an phobail.

20.5.2025

29.

Andrei KHARKOVSKY

(Rúiseach: Андрей ХАРКОВСКИЙ)

Feidhm: Príomhchomhalta de Cossack Warriors of Russia and Abroad (Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach)

Náisiúntacht: Rúiseach

Áit bhreithe: Réigiún Tomsk, an Rúis

Inscne: fireann

Seoladh: An Ghearmáin

Saoránach de chuid na Rúise a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin is ea Andrei Kharkovsky. Sa Ghearmáin, feidhmíonn Kharkovsky mar ionadaí ag Cossack Warriors of Russia and Abroad (Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach), lena n-áirítear trí chruinnithe míleata a eagrú dá chomhaltaí. Is eintiteas é Aontas Fhorsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach atá nasctha le Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus a ghlacann páirt i gcogadh foghach na Rúise agus i ngníomhartha foréigin san Úcráin chun tacú le scarúnaithe atá ar son na Rúise faoi scáth “misean stairiúil” chun smacht na Rúise ar dheisceart agus oirthear na hÚcráine a athbhunú. Mar bhall d’Aontas Fhórsaí Cosacach na Rúise agus na bhFórsaí Cosacach Eachtrach, tá Kharkovsky ag dul i mbun gníomhartha foréigneacha

Dá bhrí sin, tá Andrei Kharkovsky ag tacú le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de shlándáil na hÚcráine trí iarracht a dhéanamh ord bunreachtúil na hÚcráine a threascairt.

20.5.2025

30.

Anatoli Yurevich ABRAMOV

Anatoly Yurievich ABRAMOV

(Rúisis: Анатолий Юрьевич АБРАМОВ)

Feidhm: Stiúrthóir bhrainse de General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta) i gCeantar Cónaidhmeach an Iarthuaiscirt

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Anatoly Abramov stiúrthóir bhrainse de General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta) (GRFC) i gCeantar Cónaidhmeach an Iarthuaiscirt. Déanann Stiúrthóir GRFC ceannairí brainse a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost i gcomhaontú le Roskomnadzor, agus gníomhaíonn siad thar ceann GRFC.

Déanann sé maoirseacht ar úsáid radaimhinicíochtaí agus gléasanna raidió i réigiún Kaliningrad.

Le deireanas, tá teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha nasctha le gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus spúfáil chomharthaí GPS, a théann i bhfeidhm go príomha ar na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Dá bhrí sin, tá Anatoly Abramov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú leo go díreach nó go hindíreach nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin trí dhul i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú bonneagair chriticiúil.

20.5.2025

31.

Ruslan Vasilyevich NESTERENKO

(Rúisis: Руслан Васильевич НЕСТЕРЕНКО)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Gníomhach General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Ruslan Nesterenko ardstiúrthóir gníomhach General Radio Frequency Centre (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta). Déanann sé maoirseacht ar úsáid radaimhinicíochtaí agus cinntíonn sé go gcomhlíontar an reachtaíocht.

Le deireanas, tá teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha nasctha le gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, an Rúis, lena n-áirítear trasnaíocht agus “spúfáil” chomharthaí GPS, a théann i bhfeidhm go príomha ar na Stáit Bhaltacha agus a chuireann isteach ar eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Faoi threoir Nesterenko, tá baint ag GRFC le hionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a mbíonn tionchar acu ar Bhallstáit an Aontais a phleanáil agus tacú leo. De réir Chairt GRFC, déanann an t-ardstiúrthóir ionadaíocht ar leasanna an fhiontair laistigh den Rúis agus lasmuigh dá teorainneacha.

Dá bhrí sin, tá Ruslan Nesterenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú leo go díreach nó go hindíreach nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíocht nó na beartais sin ar an méid sin trí dhul i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú an bhonneagair chriticiúil agus trí thacú le leas a baint as ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

32.

Viktor Aleksandrovitch LUKOVENKO

(Rúisis: Виктор Александрович ЛУКОВЕНКО)

ar a dtugtar freisin

Viktor VASILEV

(Rúisis: Виктор ВАСИЛЬЕВ)

Feidhm: Ceannasaí na gníomhaireachta nuachta “African Initiative” (“Tionscnamh na hAfraice”)

Dáta breithe: 6.4.1985

Náisiúntacht: Úisbeacach

Inscne: fireann

Tá Viktor Lukovenko gníomhach ar mhór-roinn na hAfraice le roinnt blianta anuas, mar chomhalta de Ghrúpa Wagner roimhe sin agus anois mar stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta “African Initiative” (“Tionscnamh na hAfraice”). Tá baint aige le bolscaireacht na Rúise a scaipeadh ar an mór-roinn. Tá baint aige le bolscairí aitheanta ar son na Rúise san Afraic. Ina theannta sin, seoladh Viktor Lukovenko chuig an Úcráin in 2022 roimh an gcogadh, faoi mhaoirseacht choirnéal GRU, chun lucht tacaíochta de chuid na Rúise a earcú.

Dá bhrí sin, tá Viktor Lukovenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó de shlándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, tacú leis an méid sin agus an méid sin a éascú go díreach nó go hindíreach.

20.5.2025

33.

Oleg Anatoliyovych VOLOSHIN

(Úcráinis: Олег Анатолійович Волошин)

(Rúisis: Олег Анатольевич Волошин)

Náisiúntacht: Rúiseach

Dáta breithe: 7.4.1981

Áit bhreithe: Nikolaev, APSS (an Úcráin anois)

Pasuimhir: ET870130

Uimhir aitheantais: 1981040705733; 2968200719

Inscne: fireann

Is iar-chomhairleoir Úcránach agus comhalta den pháirtí polaitiúil ar son na Rúise “Opposition Platform for Life” (OPFL) [Ardán Freasúra – Ar feadh an tSaoil] é Oleg Voloshin. Tá sé mar chuid den líonra atá taobh thiar de “Voice of Europe” agus tá sé gníomhach ar Golos.eu agus PolitWera, ardáin a scaipeann bréagaisnéis agus insintí ar son na Rúise. Bhí baint aige le híocaíochtaí breibe le polaiteoirí an Iarthair.

D’úsáid Oleg Voloshin a cháil mar thoscaire de chuid na hÚcráine i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (2019-2023) chun straitéis maidir le cur isteach na Rúise san Eoraip a chur chun feidhme, straitéis a bhí faoi stiúir an olagarc Viktor Medvedchuk, atá i gceannas ar OPFL.

Go háirithe, chuir Voloshin “plean síochána” Medvedchuk don Úcráin chun cinn, atá nasctha le hinsint na Rúise maidir lena cogadh foghach. Chun ionadaithe tofa ón Eoraip a mhealladh ar son a chúise, d’eagraigh sé comhdhálacha le parlaiminteoirí ón bhFrainc agus ón nGearmáin, agus é ag áitiú go bhfuil gné pharlaiminteach, mar a thugtar air, lasmuigh d’aon chreat oifigiúil ag “formáid na Normainne” (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Úcráin agus an Rúis). An 11 Feabhra 2022 i Seanad na Fraince a bhí an t-imeacht is déanaí a d’eagraigh Voloshin (“An próiseas síochána san Úcráin: conas teacht as an tsáinn”), cúpla lá sula ndearna arm na Rúise ionradh ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Oleg Voloshin freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear an Ghearmáin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trína bheith rannpháirteach go díreach agus go hindíreach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus an bonn a bhaint de, agus an méid sin a phleanáil agus a stiúradh.

20.5.2025

34.

Justin Blaise TAGOUH

(Rúisis: Жюстин Блез ТАГУ)

Feidhm: príomhoifigeach feidhmiúcháin an ghrúpa preasa International Afrique Media (IAM), ina bhfuil an cainéal teilifíse Afrique Média, athbhreithniú preasa IAM agus Courrier Confidentiel

Dáta breithe: 1959

Inscne: fireann

Tá Justin Tagouh ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an ngrúpa preasa International Africa Media. Tá naisc dhíreacha ag an ngrúpa meáin sin le húdaráis na Rúise agus tá insint na Rúise agus an insint fhrith-Iarthair á scaipeadh aige i dtíortha san Afraic.

Dá bhrí sin, tá Justin Tagouh freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú go díreach nó go hindíreach leis an méid sin nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

35.

Mikhaïl Mikhaïlovich PRUDNIKOV

ar a dtugtar freisin

“Micha”

(Rúisis: Михаил Михайлович Прудников)

Feidhm: comhalta de Africa Politology, eintiteas atá freagrach as bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise i bPoblacht na hAfrice Láir

Áit bhreithe: Réigiún Tambov

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is gníomhaí bréagaisnéise Rúiseach é Mikhaïl Prudnikov a fheidhmíonn i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) agus a bhfuil dlúthnaisc aige le réaltra Wagner agus leis an bhfeachtas bréagaisnéise atá á chur i gcrích in PAL trí nuachtáin agus líonraí éagsúla. D’fhorbair sé, go háirithe, insint i gcoinne thíortha an Iarthair agus ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí cumarsáide chun an bonn a bhaint d’íomhá an Aontais in PAL agus bagairt a dhéanamh ar an íomhá sin.

Dá bhrí sin, tá Mikhaïl Prudnikov freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú go díreach nó go hindíreach leis an méid sin nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

36.

Sylvain AFOUA

(Rúisis: Сильвен АФУА)

ar a dtugtar freisin

Egountchi BEHANZIN

(Rúisis: Эгунчи БЕХАНЗИН)

Feidhm: bunaitheoir an ghrúpa uile-Afracaigh “Ligue de défense noire Africaine” (LDNA); tionchaire/gníomhaí a bhfuil an bréagainm “Egountchi Behanzin” air

Dáta breithe: 5.11.1988

Áit bhreithe: Madjikpeto, Tóga

Náisiúntacht: Francach, Tógalannach

Inscne: fireann

Is gníomhaí ar son na Rúise é Sylvain Afoua, bunaitheoir an “Ligue de défense noire Africaine” (LDNA) (Black African Defence League) (Léig Cosanta na nAfracach Dubh), grúpa a raibh páirteach i ngníomhaíochtaí spriocdhírithe ar chríoch na Fraince. Díscaoileadh an struchtúr le forógra ó aire na Fraince an 29 Meán Fómhair 2021 toisc gur scaip sé idé-eolaíocht lena spreagtar fuath, idirdhealú agus foréigean. Scaipeann Sylvain Afoua insintí agus mífhaisnéis na Rúise maidir leis an gcogadh foghach ar an Úcráin, rud a dhéanann sé go háirithe ar mhór-roinn na hAfraice. Tarchuirtear a theachtaireacht trí líonraí sóisialta agus suíomh gréasáin a chomhlachais. Tugtar cuireadh dó go rialta chuig fóraim de chuid na Rúise agus, thairis sin, tá nasc airgeadais aige le Grúpa Wagner.

Dá bhrí sin, tá Sylvain Afoua freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo agus as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn de dhaonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil an Aontais nó i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil nó a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, agus tacú leis an méid sin go díreach nó go hindíreach nó an méid sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

37.

Thomas Röper

(Rúisis: Томас Рёпер)

Feidhm: comhfhreagraí cogaidh

Dáta breithe: 26.11.1971

Áit bhreithe: Bremen

Náisiúntacht: Gearmánach

Inscne: fireann

Is blagálaí Gearmánach é Thomas Röper. Trína líonra de chainéil ar líne darb ainm “Anti-Spiegel”, scaipeann sé mífhaisnéis faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin go córasach agus déanann sé rialtas na hÚcráine a dhídhlisteanú, go háirithe d’fhonn dul i gcion ar mheon phobal na Gearmáine i leith na tacaíochta a thugann siad don Úcráin.

Ina theannta sin, déanann sé ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar chríoch na hÚcráine a dhlisteanú trí fheidhmiú mar “breathnóir” toghcháin agus trí pháirt a ghlacadh i bhfeachtas chun reifreann neamhdhleathach na Rúise maidir leis na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis a scaradh ón Úcráin. Thairis sin, bhí sé ina urlabhraí le haghaidh Rialtas Chónaidhm na Rúise chun insintí bolscaireachta na Rúise a scaipeadh, lena n-áirítear fóram Arria na Náisiún Aontaithe.

Dá bhrí sin, tá páirt á glacadh ag Thomas Röper in ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, tacaíonn sé leo agus éascaíonn sé coinbhleacht armtha i dtríú tír.

20.5.2025’;

(2)

Cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’ seo a leanas:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘4.

AFA Media, ar a dtugtar freisin RED

AFA Medya Anonim Şirketi, ar a dtugtar freisin RED

AFA Медиа

Seoladh: Kavacık Mahallesi, Fatih Sultan Mehmet Caddesi, Tonoglu Block No.: 3, Beykoz, Iostanbúl, an Tuirc

An cineál eintitis: cuideachta meán

Áit chlárúcháin: Iostanbúl

Dáta clárúcháin: 22.11.2022

Uimhir CBL: 0081804196

Uimhir chlárúcháin 423277-5

Príomháit ghnó: an Tuirc

Suíomh gréasáin: https://thered.stream/imprint/

Bunaitheoir: Hüseyin Dogru

Is cuideachta meán é AFA Medya A.Ş. atá lonnaithe in Iostanbúl. Oibríonn AFA Medya A.Ş. RED, atá comhdhéanta de roinnt ardán meán agus a bhfuil dlúthnaisc airgeadais agus eagraíochtúla aige le heintitis bholscaireachta stáit na Rúise agus le gníomhaithe bolscaireachta stáit na Rúise agus roinneann sé naisc struchtúracha dhoimhne lena n-áirítear idirnaisc idir pearsanra aonair agus uainíocht pearsanra aonair le heagraíochtaí meán stáit na Rúise.

Bhain RED úsáid as a ardáin meán – agus é ag foilsiú go minic faoi “redstreamnet” nó “theredstream” – chun faisnéis bhréagach a scaipeadh go córasach maidir le hábhair atá conspóideach go polaitiúil d’fhonn easaontas eitneach, polaitiúil agus reiligiúnach a chruthú i measc a spriocphobail, ar Gearmánaigh iad den chuid is mó, lena n-áirítear trí insintí grúpaí sceimhlitheoireachta radacacha Ioslamacha, mar shampla Hamas, a scaipeadh.

Le linn forghabháil fhoréigneach ar ollscoil sa Ghearmáin arna déanamh ag lucht círéibe frith-Iosrael, rinne pearsanra RED comhordú leis na háititheoirí chun a loitiméireacht a scaipeadh – inar baineadh úsáid as siombailí Hamas – trí chainéil RED ar líne, rud a chuir ardán eisiach meán ar fáil dóibh.

Dá bhrí sin, tacaíonn AFA Medya Anonim Şirketi le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i gceann amháin dá Bhallstáit nó níos mó ná sin, lena n-áirítear trí thacú go hindíreach le léirsithe foréigneacha agus iad a éascú agus trí ionramháil ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

5.

Voice of Europe

(Rúisis: Голос Европы)

Seoladh: Krakovská 583/9, 110 00 Prág, Poblacht na Seice

Suíomh gréasáin: www.voiceofeurope.com, www.voiceofeurope.eu

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta (s.r.o.)

Áit chlárúcháin: Prág

Dáta clárúcháin: 14.3.2023

Uimhir chlárúcháin: CZ05185327

Príomháit ghnó: Poblacht na Seice

Is eagraíocht meán ar líne é Voice of Europe atá ag gabháil d’fheachtas córasach idirnáisiúnta maidir le hionramháil ar na meáin agus saobhadh fíricí trína shuíomh gréasáin agus trína chuntais ar Facebook, YouTube, Telegram agus X. Scaip Voice of Europe bréagaisnéis chomhbheartaithe i dtaca leis an Úcráin, leis an Aontas agus a Bhallstáit agus é mar aidhm aige tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise. Bhain sé an bonn go córasach d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise, agus ar inchreidteacht chúnamh an Aontais agus a Bhallstát do chosaint na hÚcráine, lena n-áirítear roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Ba é Viktor Medvedchuk, ar polaiteoir agus duine gnó de chuid na hÚcráine atá ar son na Rúise é agus a bhfuil dlúthnaisc aige le ceannaireacht Chónaidhm na Rúise, trína chomhpháirtí Artem Marchevskyi, ba eisean a mhaoinigh agus a stiúir Voice of Europe go rúnda. Baineadh úsáid as Voice of Europe chun acmhainní airgeadais a threorú, ar acmhainní iad a ainmníodh chun luach saothair a thabhairt do bholscairí agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Medvedchuk agus a chomhpháirtithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip. Dá bhrí sin, bhí Voice of Europe páirteach i ngníomhaíochtaí lenar éascaíodh líonra tionchair Viktor Medvedchuk a thógáil san Aontas agus ina Bhallstáit.

Trína ghníomhaíochtaí, tá Voice of Europe ag cur gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise chun feidhme agus ag tacú leo, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Aontas agus san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas roinnt Bhallstát den Aontas, trína bheith páirteach sa bhac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó tríd an mbonn a bhaint de, nó tríd an méid sin a éascú ar bhealach eile, lena n-áirítear toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, agus trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a dhéanamh.

20.5.2025

6.

Norebo JSC

Seoladh: Office 510, 43 Schmidta Street, 183038 Murmansk, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Murmansk

Dáta clárúcháin: 2.11.2007

Uimhir chlárúcháin: 1201000007889

UAC/KPP: 2901170107 / 519001001

Is cuideachta iascaireachta Rúiseach é Norebo JSC. Léiríonn soithí atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag Norebo JSC patrún gluaiseachta ar leith atá ar neamhréir leis an ngnáthchleachtas eacnamaíoch agus leis na gnáthghníomhaíochtaí iascaireachta. Tá na patrúin ghluaiseachta sin ag teacht le cuspóirí urchóideacha, mar shampla, a bheith cóngarach arís agus arís eile do bhonneagar criticiúil agus do shuíomhanna míleata agus guairdeall thart. Dá bhrí sin, tá nasc aitheanta ag údaráis na mBallstát agus ag údaráis tríú stáit idir na patrúin ghluaiseachta sin agus feachtas faireachais státurraithe na Rúise ina bhfostaítear, inter alia, trálaeir iascaireachta shibhialtacha, chun misin spiaireachta a dhéanamh atá dírithe ar an mbonneagar sibhialtach agus míleata sa Muir Thuaidh agus i Muir Bhailt. D'fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin oibríochtaí sabaitéireachta a éascú amach anseo. Tá teicneolaíocht a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh spiaireachta feistithe freisin ar shoithí loingseoireachta ar le Norebo JSC iad agus atá á n-oibriú aige. Tá toirmeasc ar shoitheach Norebo JSC dul isteach i saoráidí calafoirt na hÍsiltíre mar gheall ar spiaireacht.

Fuair Norebo JSC roinnt iasachtaí freisin ó Sberbank, banc Rúiseach atá faoi úinéireacht an stáit.

Thairis sin, i mí Iúil 2022, d’eisigh an Rúis a “teagasc muirí” nua, ina leagtar béim ar thábhacht straitéiseach na long sibhialtach agus a bhfoirne don ullmhacht mhuirí, lena n-áirítear trína n-ullmhú d’am cogaidh agus trína cheadú d'fhórsaí armtha iad a úsáid in am síochána.

Dá bhrí sin, cuireann Norebo JSC chun feidhme gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann an bonn den tslándáil san Aontas, i roinnt dá Bhallstáit agus i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an tslándáil sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar chur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, agus trí thacú leis na gníomhaíochtaí sin.

20.5.2025

7.

Murman Sea Food

(Rúisis: Мурман СиФуд, Мурманские морепродукты)

Seoladh: Ulitsa Karla Marksa, 28, Murmansk, Murmansk Oblast, Cónaidhm na Rúise, 183025

An cineál eintitis: Cuideachta faoi dhliteanas teoranta

Áit chlárúcháin: Murmansk

Is cuideachta iascaireachta Rúiseach é Murman SeaFood (MSF). Tá iompar neamhghnách léirithe arís agus arís eile ag Melkart-5 (Rúisis: Мелькарт–5), soitheach atá faoi úinéireacht MSF agus atá á oibriú aige, iompar nach bhfuil i gcomhréir lena ghnáthghníomhaíochtaí iascaireachta ná a ghnáthchleachtas eacnamaíoch, lena n-áirítear láithreacht i ndlúthghaireacht d’fhreachnamh míleata ECAT atá ar siúl, agus láithreacht rialta gar do bhonneagar criticiúil agus láithreáin mhíleata na hIorua. Go háirithe, léirigh Melkart-5 cleachtais loingseoireachta thar a bheith neamhghnách an-ghar do chábla fomhuirí i Muir Thuaidh na hIorua; chuaigh sé thar an cábla an iliomad uaireanta díreach sula ndearnadh damáiste tromchúiseach don chábla. Ina theannta sin, sháraigh criú Melkart-5 rialacháin na hIorua maidir le teacht i dtír nuair a rugadh orthu agus iad ag triail ar imscrúdú a dhéanamh ar dhroichead Ioruach atá ríthábhachtach chun críoch lóistíochta míleata ar bhealach folaitheach.

Thairis sin, i mí Iúil 2022, d’eisigh an Rúis a “teagasc muirí” nua, ina leagtar béim ar thábhacht straitéiseach na long sibhialtach agus a bhfoirne don ullmhacht mhuirí, lena n-áirítear trína n-ullmhú d’am cogaidh agus trína cheadú d'fhórsaí armtha iad a úsáid in am síochána.

Dá bhrí sin, cuireann MSF chun feidhme gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tacaíonn sé leo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann an bonn den tslándáil san Aontas, i roinnt dá Bhallstáit agus i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an tslándáil sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar chur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, agus trí thacú leis na gníomhaíochtaí sin.

20.5.2025

8.

Federal State Unitary Enterprise “Main Radio Frequency Center” (“Príomhionad Radaimhinicíochta” de Fhiontar Aonadach an Stáit Cónaidhme)

General Radio Frequency Center (Lárionad Radaimhinicíochta Ginearálta)

GRFC

Федеральное Государственное Унитарное Предприятие “Главный Радиочастотный Центр”

ФГУП “ГРЧЦ”

Seoladh: 7, Derbenevskaya nab. 7 p., Moscó 115114. 15

115114, город Москва, Дербеневская наб, д. 7 стр. 15

An cineál eintitis: Gníomhaireacht chónaidhme

Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.3.2001

BIN: 1027739334479

UAC: 7706228218

KPP: 772501001

Príomháit ghnó: an Rúis

Tá General Radio Frequency Center (GRFC) (Ionad Radaimhinicíochta Ginearálta) freagrach as úsáid chuí radaimhinicíochtaí agus gléasanna raidió chun críoch sibhialta a áirithiú agus déanann sé faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta. Tá sé ar cheann de na príomheagraíochtaí a chuireann le cinntí maidir le húsáid agus maoirseacht na hearnála radaimhinicíochta.

Le déanaí, tá nasc ann idir teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha agus gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus spúfáil chomharthaí GPS, a dhéanann difear go príomha do na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta. Is gá cead a fháil ó GRC chun srian a chur le comharthaí GPS.

Fuair an lárionad cogaíochta leictreonaí in Kaliningrad trealamh trasnaíochta nua agus rinne sé cleachtaí trí úsáid a bhaint as ardchórais atá in ann cur isteach ar chumarsáid ar fud limistéir mhóra.

Dá bhrí sin, tá GRFC freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, tacú go díreach nó go hindíreach leo nó iad a éascú ar bhealach eile, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar fheidhmiú an bhonneagair chriticiúil agus trí thacú le leas a bhaint as ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

20.5.2025

9.

Stark Industries Solutions Ltd.

Dáta clárúcháin: 10.2.2022

Seoladh: 71-75 Shelton Street, Covent Garden, Londain, an Ríocht Aontaithe

(seoladh poist)

Uimhir chlárúcháin: 13906017

Suíomh gréasáin: https://stark-industries.solutions/

Suíomh gréasáin: https://pq.hosting/

Is seirbhís óstála gréasáin é Stark Industries Solutions Ltd. atá cláraithe mar chuideachta poist sa Ríocht Aontaithe. Tá Stark Industries Solutions Ltd. faoi úinéireacht náisiúnaigh de chuid na Moldáive, is iad sin Ivan Neculiti agus Iurie Neculiti, agus tá sé á oibriú acu freisin, tríd an tseirbhís óstála gréasáin PQ Hosting. Soláthraíonn an chuideachta óstáil freastalaithe agus tá suíomhanna freastalaithe ar fud an domhain.

Cuireann Stark ar chumas gníomhaithe éagsúla atá urraithe ag stát na Rúise agus atá cleamhnaithe leis gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis agus cibirionsaithe ar an Aontas agus tríú tíortha trí sheirbhísí a sholáthar atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a cheilt ó ghníomhaireachtaí Eorpacha forfheidhmithe dlí agus slándála.

Dá bhrí sin, tá Stark Industries Solutions Ltd. ag tacú le gníomhaíochtaí de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chuireann an daonlathas agus an smacht reachta, an chobhsaíocht nó an tslándáil san Aontas, i gceann dá Bhallstáit agus i dtríú tír, i mbaol, trí ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a éascú agus trí ghníomhaíochtaí a éascú atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí leasa phoiblí.

Tá baint ag Stark le Ivan Neculiti agus Iurie Neculiti.

20.5.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/966/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top