This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0957
Council Decision (CFSP) 2025/957 of 20 May 2025 amending Decision (CFSP) 2024/1484 concerning restrictive measures in view of the situation in Russia
Cinneadh (CBES) 2025/957 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
Cinneadh (CBES) 2025/957 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
ST/5945/2025/INIT
IO L, 2025/957, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/957/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/957 |
20.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/957 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1484 (1). |
|
(2) |
Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé go géar na sáruithe ar chearta an duine agus an cos ar bolg sa Rúis. |
|
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 28 nduine nádúrtha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach sa Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/1484 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí sa tábla faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘20. |
Olesya Anatoleyevna MENDELEYEVA (Олеся Анатольевна МЕНДЕЛЕЕВА) |
Post: breitheamh i gCúirt Meshchansky i Moscó Dáta breithe: 18.4.1981 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh í Olesya Mendeleyeva i gCúirt Meshchansky i Moscó. Ghearr sí téarma príosúnachta 7 mbliana ar Alexei Gorinov, gníomhaí áitiúil agus ionadaí bardasach, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht de bhun Airteagal 207.1 de Chód Coiriúil Chónaidhm na Rúise maidir le faisnéis bhréagach a scaipeadh d’aon ghnó faoi ghníomhaíochtaí Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Ba é an bunús a bhí leis an bpianbhreith an tuairim a chuir Gorinov in iúl le linn cruinniú de Chomhairle na dTeachtaí i gceantar bardasach Krasnoselsky gurb é an chuma a bhí ar chomórtas líníochta do leanaí, tar éis fhogha na Rúise ar an Úcráin, gur “féasta le linn na plá” a bhí ann. Bhí an triail tapa agus de réir saineolaithe neamhspleácha úsáideadh í mar uirlis chun saoránaigh easaontacha eile na Rúise a imeaglú. Ba é an phianbhreith seo ceann de na chéad phianbhreitheanna príosúnachta a d’fhorchuir breitheamh de chuid na Rúise faoi Airteagal 207 nár cuireadh ar fionraí. Le linn na trialach, thacaigh an Breitheamh Mendeleyeva go rialta leis an ionchúiseamh agus dhiúltaigh sí beagnach gach iarraidh a rinne an chosaint agus an cosantóir, lena n-áirítear iarraidh chun é a scaoileadh saor ó choimeád mar gheall ar a riocht sláinte a bhí ag dul in olcas. Shásaigh an Breitheamh Mendeleyeva éilimh an ionchúisimh go hiomlán agus ghearr sí téarma príosúnachta 7 mbliana ar Gorinov as gníomh neamhfhoréigneach a dhéanamh. Mar thoradh ar an bpríosúnacht sin, tá meath suntasach tagtha ar a riocht sláinte sa choilíneacht phionósach ina bhfuil cúram leighis neamhleor á thabhairt dó. Dá bhrí sin, tá Olesya Mendeleyeva freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
21. |
Olga Vladimirovna BALANDINA (Ольга Владимировна БАЛАНДИНА) |
Post: breitheamh de Chúirt Chathair Sovetsky, Kaliningrad Oblast Dáta breithe: 5.6.1979 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is breitheamh í Olga Balandina de Chúirt Cathrach Sovetsky in Kaliningrad Oblast. Ghearr sí pianbhreith 7,5 bliain príosúnachta ar Igor Baryshnikov, gníomhaí áitiúil, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht, de bhun Airteagal 207.1 de Chód Coiriúil Chónaidhm na Rúise, as postálacha a fhoilsiú faoin mbuamáil a rinne an Rúis ar Mariupol agus faoina hainghníomhartha in Bucha. Le linn na trialach, in ainneoin gur thug a dhochtúir fianaise faoi mhionn go bhféadfadh príosúnacht a bheith marfach do Baryshnikov mar gheall ar chíteastóime agus cataitéar ina bholg, dhiúltaigh an breitheamh scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar shláinte an chosantóra. Dá bhrí sin, mar thoradh ar an bpríosúnacht tá cóireáil neamhleor á tabhairt sa choilíneacht phionósach agus tá meathlú ar riocht sláinte Igor Baryshnikov. Dhiúltaigh an breitheamh freisin ligean do Igor Baryshnikov freastal ar shochraid a mháthar nuair a fuair sí bás 1,5 mí tar éis ghearradh na pianbhreithe. Dá bhrí sin, tá Olga Balandina freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
22. |
Svetlana Fyodorovna Zhuravlova (Светлана Фёдоровна ЖУРАВЛЁВА) |
Post: Cúntóir Sinsearach in Oifig Ionchúisitheora Idirdhúiche Meshchansky Dáta breithe: 8.7.1988 Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: 1 Krasnoselsky per. 5/14, 107140 Moscó |
Is Cúntóir Sinsearach í Svetlana Zhuravlova in Oifig Ionchúisitheora Idirdhúiche Meshchansky. Bhí sí ina hionchúisitheoir le linn thriail Alexei Gorinov. Is gníomhaí áitiúil agus ionadaí bardasach é Gorinov, ar gearradh téarma príosúnachta 7 mbliana air ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht de bhun Airteagal 207.1 de Chód Coiriúil Chónaidhm na Rúise maidir le faisnéis bhréagach a scaipeadh d’aon ghnó faoi ghníomhaíochtaí Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Ba é an bunús a bhí leis an bpianbhreith an tuairim a chuir Gorinov in iúl le linn cruinniú de Chomhairle na dTeachtaí i gceantar bardasach Krasnoselsky gurb é an chuma a bhí ar chomórtas líníochta do leanaí, tar éis fhogha na Rúise ar an Úcráin, gur “féasta le linn na plá” a bhí ann. Bhí an triail tapa agus de réir saineolaithe neamhspleácha úsáideadh í mar uirlis chun saoránaigh easaontacha eile na Rúise a imeaglú. Bhí an phianbhreith seo ar cheann de na chéad phianbhreitheanna príosúnachta a d’fhorchuir breitheamh de chuid na Rúise faoi Airteagal 207.1 nár cuireadh ar fionraí. Chuir an tIonchúisitheoir Zhuravlova i gcoinne iarrataí uile na cosanta a d’fhéadfadh feabhas a chur ar staid an chosantóra nó an staid dhlíthiúil a shoiléiriú, lena n-áirítear iarraidh chun Gorinov a scaoileadh ón gcaighean gloine ina raibh air fanacht le linn na trialach, iarraidh chun é a scaoileadh ó bheith faoi choimeád mar gheall ar a riocht sláinte a bhí ag dul in olcas agus iarraidh chun a mheas ar chomhlíon Airteagal 207.1 bunreacht na Rúise. Thaobhaigh an breitheamh leis an Ionchúisitheoir Zhuravlova maidir le gach iarraidh thuasluaite. D'éiligh an tIonchúisitheoir Zhuravlova go ngearrfadh an chúirt 7 mbliana príosúnachta ar Gorinov as gníomh neamhfhoréigneach a dhéanamh, rud a rinne an breitheamh ina iomláine. Mar thoradh ar an bpríosúnacht sin, tá meath suntasach tagtha ar a riocht sláinte sa choilíneacht phionósach ina bhfuil cúram leighis neamhleor á thabhairt dó. Dá bhrí sin, tá Svetlana Zhuravlova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
23. |
Alexey Sergeyevich KHARLAMOV (Алексей Сергеевич ХАРЛАМОВ) |
Post: Cathaoirleach Chúirt Réigiúnach Mhoscó Dáta breithe: 25.1.1975 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Alexey Kharlamov Cathaoirleach Chúirt Réigiúnach Mhoscó a bhí ina bhreitheamh roimhe sin i gCúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise agus ina chomhalta de Phraesaidiam na Cúirte Uachtaraí. Ina phost mar chomhalta de Phraesaidiam Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise, i mí Aibreáin 2018, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, agus a dheartháir Oleg i gcás Yves Rocher, cé gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mí Dheireadh Fómhair 2017 gur sháraigh an Rúis ceart na ndeartháireacha Navalny chun triail chóir a fháil agus pionós a bheith gearrtha atá iomlán bunaithe ar an dlí. Dá bhrí sin, tugadh an bhreith go raibh Alexei Navalny ciontach, agus mar thoradh air sin, cuireadh i bpríosún i gcoilíneacht phionósach ardslándála é blianta ina dhiaidh sin chun nach mbeadh sé in ann a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla. Dá bhrí sin, tá Alexey Kharlamov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú, agus gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
24. |
Tatiana Alexandrovna MOLITVINA (Татьяна Александровна МОЛИТВИНА) |
Post: breitheamh i gCúirt Chathair Mhoscó Dáta breithe: 28.3.1987 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Breitheamh i gCúirt Chathair Mhoscó í Tatiana Molitvina. Sular ceapadh sa phost a bhfuil sí anois ann, bhí sí ina breitheamh i gCúirt Dúiche Tverskoy i gcathair Mhoscó. Ina post mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Tverskoy i gcathair Mhoscó, dhiúltaigh sí glacadh le héileamh i gcoinne an Ard-Ionchúisitheora Yuri Chaika agus Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin arna dhéanamh ag Alexei Navalny agus a fhondúireacht in aghaidh an éillithe. Bhí an t-éileamh a rinne Navalny ar cheann de roinnt iarrachtaí a rinneadh chun an dlí a agairt ar Yuri Chaika as clúmhilleadh, tar éis d'fhondúireacht Alexei Navalny in aghaidh an éillithe scannán imscrúdaitheach a eisiúint inar cuireadh i leith bhaill teaghlaigh Chaika go raibh siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Dá bhrí sin, tá Tatiana Molitvina freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
25. |
Tatiana Anatolevna PETROVA (Татьяна Анатольевна ПЕТРОВА) |
Post: Leaschathaoirleach Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 27.7.1961 Áit bhreithe: Sychevka, réigiún Smolensk Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is í Tatiana Petrova Leaschathaoirleach Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise. Ina post mar chomhalta de Phraesaidiam Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise, i mí Aibreáin 2018, sheas sí leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, agus a dheartháir Oleg i gcás Yves Rocher, cé gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mí Dheireadh Fómhair 2017 gur sháraigh an Rúis ceart na ndeartháireacha Navalny chun triail chóir agus pionós cóir a fháil. Dá bhrí sin, tugadh an bhreith go raibh Alexei Navalny ciontach, agus mar thoradh air sin cuireadh i bpríosún i gcoilíneacht phionósach ardslándála é blianta ina dhiaidh sin chun nach mbeadh sé in ann a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla. Dá bhrí sin, tá Tatiana Petrova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
26. |
Sergei Vladimirovich BOGDANOV (Сергей Владимирович БОГДАНОВ) |
Post: Ionchúisitheoir Stáit i Réigiún Kirov Dáta breithe: 1973, is dóigh Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ionchúisitheoir stáit i réigiún Kirov na Rúise é Sergei Bogdanov. Rinne sé ionadaíocht ar oifig an ionchúisitheora stáit i roinnt éisteachtaí cúirte i gcoinne Alexei Navalny agus Pyotr Ofitserov i gcás Kirovles. I mí Iúil 2013, d’iarr sé 6 bliana príosúnachta i gcoilíneacht phionósach de chuid an réimis ghinearálta do Navalny agus 5 bliana do Ofitserov. Thairis sin, ghearr an t-ionchúiseamh stáit pionós breise ar na cosantóirí, is é sin fíneáil dar méid 1 mhilliún RUB an duine. I mí na Nollag 2016, chuir an t-ionchúisitheoir stáit Bogdanov “díotáil chomhchosúil” isteach a bhí comhchosúil leis an gceann a comhdaíodh in 2013. Tharla sé sin in ainneoin gur chuir Cúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise an phianbhreith i gcoinne Navalny agus Ofitserov ar ceal tar éis chinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECHR) agus gur sheol sí an cás ar ais lena atriail. I mí Feabhra 2017, ag atriail chás Kirovles, thug an tIonchúisitheoir Bogdanov óráid cosúil leis an óráid a thug sé in 2013 agus ní dhearna sé ach barúil a chur isteach maidir le cinntí ECHR agus Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise pianbhreith Navalny agus Ofitserov a chur ar ceal. Ina thuairimse, ní raibh aon bhunús dlí leis an tagairt do na cinntí sin, ós rud é go raibh triail neamhspleách ar siúl, agus nach raibh aon fhórsa réamhchinntithe ag fíorasc na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Mar thoradh air sin, thug an chúirt an bhreith go raibh Navalny agus Ofitserov ciontach agus ghearr sí pianbhreith 5 bliana agus 4 bliana orthu agus fíneáil 500 000 RUB an duine. Dá bhrí sin, tá Sergey Bogdanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
27. |
Ekaterina Sergeevna FROLOVA (Екатерина Сергеевна ФРОЛОВА) |
Post: Ionchúisitheoir Stáit ag Oifig an Ard-Ionchúisitheora Dáta breithe: Thart ar 1988 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Eintitis chomhlachaithe: Roinn Dlí agus Cirt Choiriúil Oifig Ionchúisitheora Mhoscó |
Is ionchúisitheoir stáit in Oifig an Ard-Ionchúisitheora í Ekaterina Frolova. In 2020, tugadh ardú céime di ón Lárcheantar Riaracháin chuig ionchúisitheoir de chuid Roinn Cirt Choiriúil Oifig Ionchúisitheora Mhoscó. Sa phost sin, ghníomhaigh sí mar ionchúisitheoir i roinnt imeachtaí i gcoinne Alexei Navalny. I mí Feabhra 2021, thacaigh sí sa chúirt le fíorthéarma príosúnachta a chur in ionad phianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás Yves Rocher in ainneoin go raibh sé faoi chóir leighis i gclinic Charité, go raibh a thréimhse phromhaidh in éag agus gurb ann do rialú na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Sa mhí chéanna, d'iarr sí ar an gcúirt an bhreith a thabhairt go raibh Navalny ciontach as clúmhilleadh a dhéanamh ar an seansaighdiúir de chuid an Dara Cogadh Domhanda Ignat Artemenko. Tar éis di páirt a ghlacadh i dtriail Navalny, tugadh ardú céime do Ekaterina Frolova chuig ionchúisitheoir stáit in Oifig an Ard-Ionchúisitheora. Dá bhrí sin, tá Ekaterina Frolova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
28. |
Mikhail Yurevich KAZAKOV (Михаил Юрьевич КАЗАКОВ) |
Post: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó Dáta breithe: 9.2.1976 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Cúirt Chathair Mhoscó |
Breitheamh Rúiseach atá ag obair i gCúirt Chathair Mhoscó é Mikhail Kazakov. Sna himeachtaí chun an fhondúireacht in aghaidh an éillithe agus a eintiteas dlíthiúil, an Fhondúireacht um Chearta na Saoránach a Chosaint, agus ceanncheathrú Navalny a aicmiú mar eagraíochtaí antoisceacha, rinne sé ábhair sa chás a rúnaicmiú, rud a chuir cosc ar Alexei Navalny agus a dhlíodóirí rochtain a fháil orthu. I mí na Nollag 2021, rialaigh Kazakov go ndéanfaí an lárionad cuimhneacháin um chearta an duine agus a aonaid struchtúracha a leachtú. Dá bhrí sin, tá Mikhail Kazakov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe i réimse na saoirse comhlachais agus i réimse na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
29. |
Alexander Alexandrovich KEMEROV (Александр Александрович КЕМЕРОВ) |
Post: Imscrúdaitheoir ag Coiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise do réigiún Kemerovo Dáta breithe: 27.9.1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Alexander Kemerov an t-imscrúdaitheoir i gCoiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise do réigiún Kemerovo, Kuzbass. Ina phost, bhí baint aige le “cás antoisceachais” a chumadh le tabhairt i gcoinne lucht tacaíochta Alexei Navalny, lena n-áirítear Vadim Ostanin, iarcheann cheanncheathrú Navalny in Barnaul, chomh maith leis an gcás calaoise cumtha a tugadh i gcoinne Alexei Navalny é féin. Chuir Kemerov brú ar iarfhostaí de chuid fhondúireacht Alexei Navalny in aghaidh an éillithe, Fyodor Gorozhanko, fianaise a thabhairt i gcoinne Alexei Navalny chun é a ionchoiriú. Dá bhrí sin, tá Alexander Kemerov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach. Tá sé freagrach freisin as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
30. |
Valentin Valentinovich ERSHOV (Валентин Валентинович ЕРШОВ) |
Post: Leaschathaoirleach Chúirt Réigiúnach Mhoscó Dáta breithe: 8.4.1985 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Valentin Ershov Leaschathaoirleach Chúirt Réigiúnach Mhoscó. Bhí sé ina bhreitheamh i gCúirt Dúiche Presnensky i Moscó cheana, agus ina dhiaidh sin ina bhreitheamh i gCúirt Réigiúnach Mhoscó. Ina phost, mar chuid d’imeacht a rinneadh ar chúiseanna polaitiúla, dhiúltaigh sé cás dlí arna chomhdú ag Alexei Navalny agus ag a fhondúireacht in aghaidh an éillithe i gcoinne an Ionchúisitheora Ghinearálta Yuri Chaika agus bhord eagarthóireachta an tréimhseacháin leictreonaigh “Ekho Moskvy” a phróiseáil chun onóir, dínit agus clú gnó a chosaint. Dá bhrí sin, tá Valentin Ershov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
31. |
Ruslan Shavkyatovich NEVEROV (Руслан Шавкатович НЕВЕРОВ) |
Post: Imscrúdaitheoir le haghaidh cásanna atá thar a bheith tábhachtach sa chéad roinn den roinn rialaithe-criosach den roinn rialaithe nós imeachta agus coiriúlachta i bPríomh-Roinn Imscrúdaitheach Mhíleata an Choiste Fiosrúcháin, coirnéal an cheartais Dáta breithe: 22.6.1979 Náisiúntacht: Rúiseach Uimhir theileafóin: 20.5.20257-905-503-1997 |
Is é Ruslan Neverob an t-imscrúdaitheoir le haghaidh cásanna atá thar a bheith tábhachtach sa chéad roinn den roinn rialaithe-criosach den roinn rialaithe nós imeachta agus coiriúlachta i bPríomh-Roinn Imscrúdaitheach Mhíleata an Choiste Fiosrúcháin. Ina phost, i mí an Mhárta 2021 san imeacht sa Chúirt Mhíleata den 235ú Garastún, d’iarr sé go ndíbhfí gearán faoi neamhghníomhaíocht i bPríomh-Roinn Imscrúdaitheach Mhíleata an Choiste Fiosrúcháin maidir le Alexei Navalny in 2020 a bheith nimhithe leis an oibreán néaróg Novichok. D’aontaigh an Chúirt éileamh Navalny a dhiúltú. Dá bhrí sin, tá Ruslan Neverov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
32. |
Elena Alekseevna KOROBKOVA (Елена Алексеевна КОРОБКОВА) |
Post: Ceann na Roinne um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna nach mbaineann le Leithlisiú Daoránach ón tSochaí Dáta breithe: 4.10.1970 Inscne: baineann Uimhir theileafóin: 20.5.20257-916-456-3230 |
Is í Elena Korobkova ceann na Roinne um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna nach mbaineann le Leithlisiú Daoránach ón tSochaí. Sa bhliain 2020, nimhíodh ceannaire an fhreasúra agus gníomhaí frith-éillithe de chuid na Rúise, Alexei Navalny, le hoibreán néaróg Novichok agus dá dheasca sin tugadh chuig an ospidéal i mBeirlín sa Ghearmáin é agus fíor-dhrochbhail air. Mar gheall ar an riocht ina raibh sé, ní raibh sé in ann freastal ar an gcigireacht a d’ordaigh Seirbhís Príosúin Chónaidhme (FSIN) na Rúise. Tar éis sin, an 29 Nollaig 2020, chuir Cigireacht Phríosúin Sheirbhís Phríosúin Chónaidhme na Rúise i Moscó aighneacht faoi bhráid na cúirte chun pianbhreith fhionraithe Navalny a chealú agus an phianbhreith a cuireadh leis an gcúirt a fhorghníomhú. D’éiligh Elena Korobkova, mar ionadaí de chuid FSIN, go gcuirfí pianbhreith choimeádta in ionad na pianbhreithe fionraithe a cuireadh ar an bhfear freasúra i dtús báire. Dá bhrí sin, tá Elena Korobkova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear as an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
33. |
Margarita Nikolaevna KOTOVA (Маргарита Николаевна КОТОВА) |
Post: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó; iarBhreitheamh de Chúirt Dúiche Lefortovsky i Moscó Dáta breithe: 25.6.1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Seoladh: Severodvinskaya Street, 11 Bldg. 1, Moscó, an Rúis, 127224 Uimhir aitheantais cánach: 771508948129 Uimhir theileafóin: 20.5.20257-926-288-0049 |
Is breitheamh i gCúirt Chathair Mhoscó í Margarita Kotova. Bhí sí ina breitheamh i gCúirt Dúiche Lefortovsky i Moscó go dtí 2022. Agus í ag obair ina seancháil, thug an Breitheamh Margarita Kotova an bhreith go raibh Alexei Navalny ciontach i gcúirt taobh istigh den phríosún uas-slándála in Pokrov 100km soir ó Mhoscó, áit a bhfuil pianbhreith 2,5 bliain á cur isteach aige cheana féin as parúl a shárú le linn dó a bheith ag teacht chuige féin tar éis a bheith nimhithe. Ghearr sí pianbhreith príosúnachta 9 mbliana i gcoilíneacht uas-slándála ar Alexei Navalny maille le fíneáil 1,2 milliún RUB ar chás bréige maidir le calaois a dhéanamh agus masla a thabhairt don chúirt. Cuireadh i leith Alexei Navalny freisin go raibh sé i mbun calaoise i dtaca le síntiúis a tugadh dó agus gur mhaslaigh sé breitheamh. Chuir sí síneadh freisin, ar bhunchúiseanna bréagacha, le fear a bheith á choinneáil sular cuireadh ar a thriail é mar gheall ar a thuairimí ar son na hÚcráine de shárú ar a chearta cosanta. Dá bhrí sin, tá Margarita Kotova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun cosanta agus ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
34. |
Nadezhda Viktorovna TIKHONOVA (Надежда Викторовна ТИХОНОВА) |
Post: ionchúisitheoir in Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 23.9.1974 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir in Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise í Nadezhda Tikhonova. D’iarr Nadezhda Tikhonova ar chúirt go dtabharfaí an bhreith go raibh Alexei Navalny ciontach agus go ngearrfaí pianbhreith 13 bliana príosúnachta air chomh maith le 2 bhliain de shrianta saoirse, mar aon le fíneáil 1,2 milliún RUB i gcás bréagach calaoise as síntiúis a bhailiú le haghaidh obair na fondúireachta in aghaidh an éillithe, agus as díspeagadh cúirte. Dá bhrí sin, tá Nadezhda Tikhonova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
35. |
Viktor Vladimirovich ROGOV (Виктор Владимирович РОГОВ) |
Post: Breitheamh sa Chéad Chúirt Achomhairc sa Dlínse Ginearálta Dáta breithe: 26.5.1965 Uimhir theileafóin: 20.5.20257-919-075-0024 |
Is breitheamh sa Chéad Chúirt Achomhairc sa Dlínse Ginearálta é Viktor Rogov. Sheas sé leis an bpianbhreith a cuireadh in aghaidh an pholaiteora Alexei Navalny agus in aghaidh Daniel Kholodny, stiúrthóir teicniúil chainéal YouTube “Navalny LIVE”. Thug Cúirt Chathair Mhoscó an bhreith go raibh Navalny ciontach as eagraíocht neamhrialtasach a chruthú a chuireann isteach ar chearta na saoránach, an t-antoisceachas a mhaoiniú, pobal antoisceach a chruthú, a chur ar mhionaoisigh a bheith páirteach i ngníomhartha contúirteacha agus an Naitsíochas a athshlánú. Gearradh pianbhreith 19 mbliana príosúnachta i gcoilíneacht réimis speisialta agus fíneáil 500 000 RUB ar Navalny. Ciontaíodh Kholodny as maoiniú gníomhaíochtaí antoisceacha agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eagraíochta antoiscí agus gearradh pianbhreith 8 mbliana príosúnachta i gcoilíneacht réimis ghinearálta air. Tar éis dóibh an phianbhreith a chloisteáil, d'iarr Navalny agus Kholodny achomharc ar chinneadh na cúirte ag an gCéad Chúirt Achomhairc i Moscó, áit ar dhiúltaigh an breitheamh Rogov a n-achomharc agus ar sheas sé leis an gcinneadh bunaidh. Chomh maith leis sin, sheas Rogov leis an gcinneadh pianbhreith 25 bliana príosúnachta i gcoilíneacht phionósach uas-slándála a ghearradh ar cheannaire an fhreasúra Vladimir Kara-Murza ar chúisimh tréasa, rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí grúpa neamh-inmhianaithe, agus as míchlú a tharraingt ar fhórsaí armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tá Viktor Rogov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
36. |
Denis Gennadievich POPOV (Денис Геннадьевич ПОПОВ) |
Post: Ionchúisitheoir chathair Mhoscó Dáta breithe: 12.1.1972 Áit bhreithe: Sverdlovsk Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 770970517335 |
Is é Denis Popov ionchúisitheoir chathair Mhoscó. Cheap an tUachtarán Putin é in 2019. Tá Popov freagrach as ionchúiseamh stáit Alexei Navalny agus ceannairí freasúra agus gníomhaithe polaitiúla eile i Moscó a eagrú. Bhí sé i gceannas go díreach nuair a aithníodh mar struchtúir antoisceacha na heagraíochtaí a chruthaigh Alexei Navalny chun tacú lena ghníomhaíochtaí polaitiúla. Dá bhrí sin, tá Denis Popov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine nó as cur faoi chois na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
37. |
Alina Vladimirovna IBRAGIMOVA (Елена Владимировна ИБРАГИМОВА) |
Post: Breitheamh i gCúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Ina cáil mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair, ghearr Alina Ibragimova pianbhreith 1 mhí príosúnachta dar siocair an pholaitíocht ar Olga Smirnova, ailtire agus gníomhaí polaitiúil, as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Olga Smirnova as faisnéis frith-chogaíochta a fhoilsiú ar na meáin shóisialta i ngrúpa VK. Dá bhrí sin, tá Alina Ibragimova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
38. |
Olesya Igorevna KABOCHKINA (Олеся Игоревна КАБОЧКИНА) |
Post: Leas-Ionchúisitheoir i gCeantar Kalininsky i gCathair Pheadair Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Agus í ina leas-ionchúisitheoir i gCeantar Kalininsky i gCathair Pheadair, d’iarr Olesya Kabochkina go gcuirfí pianbhreith príosúnachta7 mbliana ar Ioann Kurmoyarov, blagálaí agus sagart, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as “bréagnuacht” mar a thugtar uirthi, a scaipeadh faoi arm na Rúise. Gabhadh Ioann Kurmoyarov as físeáin a fhoilsiú ar ardáin éagsúla meán sóisialta, físeáin inar cháin sé cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar bhonn an tsíochánachais Chríostaí agus na diagachta Ceartchreidmhí. Oibríonn Kabochkina mar ionchúisitheoir i gcás Evgeny Bestuzhev freisin, ar coinníodh é as “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, a scaipeadh faoi arm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Olesya Kabochkina freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear sáruithe ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
39. |
Ulyana Andreyevna KALUGINA (Ульяна Андреевна КАЛУГИНА) |
Post: Leas-Ionchúisitheoir i gCeantar Kalininsky i gCathair Pheadair Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Agus í ina leas-ionchúisitheoir i gCeantar Kalininsky i gCathair Pheadair, d’iarr Ulyana Kalugina bearta leighis éigeantacha do Viktoria Petrova, bainisteoir, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, a scaipeadh faoi arm na Rúise. Gabhadh Petrova as físeáin frith-chogaíochta YouTube, mar shampla, ábhar arna chruthú ag Maksim Katz, Aleksandr Nevzorov agus ag Uachtarán Zelenskyy na hÚcráine, a chomhroinnt ar a leathanach pearsanta VK. Ghníomhaigh Ulyana Kalugina mar ionchúisitheoir ag tús chás Ioann Kurmoyarov freisin, agus d’iarr go gcuirfí pianbhreith príosúnachta air as “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, a scaipeadh faoi arm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Ulyana Kalugina freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
40. |
Dmitry Alekseyevich MIHAILOV (Дмитрий Алексеевич МИХАЙЛОВ) |
Post: Breitheamh i gCúirt Uachtarach Phoblacht na Karelia Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Agus é ina bhreitheamh i gCúirt Uachtarach Phoblacht na Karelia in Petrozavodsk, ghearr Dmitry Mihailov pianbhreith 2 bhliain de shaothair éigeantais ar Sergey Drugov, blagálaí agus gníomhaí, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as an rud ar a dtugtar “athshlánú an Naitsíochais”. Gabhadh Drugov as faisnéis frith-chogaíochta a fhoilsiú ar a chainéal Telegram, a raibh cothrom is 67 leantóir aige, a fhoilsiú. Dá bhrí sin, tá Dmitry Mihailov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear sáruithe ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
41. |
Natalya Vladimirovna PETROVA (Наталья Владимировна ПЕТРОВА) |
Post: Breitheamh i gCúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Ina cáil mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Vasileostrovsky i gCathair Pheadair, ghearr Natalya Petrova pianbhreith 6 bliana príosúnachta ar Olga Smirnova, ailtire agus gníomhaí polaitiúil, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Olga Smirnova as faisnéis frith-chogaíochta a fhoilsiú ar na meáin shóisialta i ngrúpa VK. Dá bhrí sin, tá Natalya Petrova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
42. |
Gennadi Yuvinaliyevich PILEHIN (Геннадий Ювиналиевич ПИЛЕХИН) |
Post: Breitheamh i gCúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair Dáta breithe: 11.8.1972 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: st. Vosstaniya, 17, St. Petersburg, Russia, 191036 Apartment 2 |
Ina cháil mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair, ghearr Gennadi Pilehin bearta éigeantach leighis ar Viktoria Petrova, bainisteoir, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Petrova as físeáin frith-chogaíochta YouTube, mar shampla ábhar arna chruthú ag Maksim Katz, Aleksandr Nevzorov agus Uachtarán na hÚcráine, Zelenskyy, a chomhroinnt ar a leathanach pearsanta VK. Dá bhrí sin, tá Gennadi Pilehin freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
43. |
Ekaterina Feliksovna TIAMINA (Екатерина Феликсовна ТЯМИНА) |
Post: Breitheamh i gCúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Ina cáil mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Kalininsky i gCathair Pheadair, ghearr Ekaterina Tiamina téarma príosúnachta 3 bliana ar Ioann Kurmoyarov, blagálaí agus sagart, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Ioann Kurmoyarov as físeáin a fhoilsiú ar ardáin éagsúla meán sóisialta, físeáin inar cháin sé cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar bhonn an tsíochánachais Chríostaí agus na diagachta Ceartchreidmhí. Chuir Ekaterina Tiamina síneadh le tréimhse príosúnachta Viktoria Petrova, bainisteoir, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht as ucht “bréagnuacht”, mar a thugtar uirthi, faoi arm na Rúise a scaipeadh. Gabhadh Petrova as físeáin frith-chogaíochta YouTube, mar shampla ábhar arna chruthú ag Maksim Katz, Aleksandr Nevzorov agus Uachtarán na hÚcráine, Zelenskyy, a chomhroinnt ar a leathanach pearsanta VK. Dá bhrí sin, tá Ekaterina Tiamina freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
44. |
Vyacheslav Vasilyevich VITUKHIN (Вячеслав Васильевич ВИТУХИН) |
Post: Ionchúisitheoir de chuid Oifig an Ionchúisitheora in Petrozavodsk, Poblacht Karelia Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ina cháil mar ionchúisitheoir de chuid Oifig an Ionchúisitheora in Petrozavodsk, Poblacht Karelia, d’iarr Vyacheslav VITUKHIN go ngearrfaí pianbhreith 2 bhliain príosúnachta ar Sergey Drugov, blagálaí agus gníomhaí, ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht, as “athshlánú an Naitsíochais”, mar a thugtar air. Gabhadh Drugov as faisnéis frith-chogaíochta a fhoilsiú ar a chainéal Telegram, a raibh cothrom is 67 leantóir aige, a fhoilsiú. Dá bhrí sin tá Vyacheslav Vitukhin freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear sáruithe ar an gceart chun saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
45. |
Yulia Viacheslavovna Shilova (Юлия Вячеславовна Шилова) |
Post: Breitheamh Cónaidhme i gCúirt Dúiche Petushinsky na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: an 28.9.1990 Áit bhreithe (cathair, tír): Tulaga, Gorkovskaya Oblast, USSR (ar a dtugtar faoi láthair Nizhegorodskaya Oblast, Cónaidhm na Rúise) Inscne: baineann |
Is breitheamh cónaidhme í Yulia Shilova i gCúirt Dúiche Petushinsky na Rúise. Ceapadh in 2022 í ar ordú a thug Vladimir Putin. Ba í Yulia Shilova an breitheamh a ceapadh ar chás a raibh údar polaitiúil leis, is é sin, triail an triúr dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar Alexei Navalny, nach maireann: V. Kobzev, I. Sergunin agus A. Liptser. Gabhadh na dlíodóirí sin i mí Dheireadh Fómhair 2023, tráth a bhí na trialacha i gcoinne Alexei Navalny ar siúl. Reáchtáladh na himeachtaí cúirte i gcoinne na ndlíodóirí go rúnda ó mhí Mheán Fómhair 2024 go dtí deireadh mhí na Nollag 2024. Triail threallach, neamhchothrom a bhí ann, arna húdarú ag Yulia Shilova; reáchtáladh na héisteachtaí go rúnda agus an cinneadh a rinne sí pianbhreith a ghearradh ar na dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar Alexei Navalny, nach maireann, cinneadh ab ea é a rinneadh ar fhorais threallacha. Ghearr an breitheamh Yulia Shilova téarmaí príosúnachta go treallach ar an triúr dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar Alexei Navalny bunaithe ar na “gníomhaíochtaí antoisceacha” a cuireadh ina leith. Dá bhrí sin, tá Yulia Shilova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i ndáil leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh agus an ceart chun trialach córa, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
46. |
Andrei Valerievich KATKOV (Андрей Валерьевич КАТКОВ) |
Post: Ceann Roinn na nIonchúisitheoirí Stáit i Réigiúin Vladimir Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: 28.8.1979 Áit bhreithe (cathair, tír): Ní fios cad é Inscne: fireann |
Is é Andrei Katkov Ceann Roinn na nIonchúisitheoirí Stáit in Oifig Ionchúisitheoir Réigiún Vladimir sa Rúis. Ba é Andrei Katkov an t-ionchúisitheoir sa triail a raibh cúis pholaitiúil léi i gcoinne an triúr dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar Alexey Navalny, nach maireann: V. Kobzev, I. Sergunin agus A. Liptser. Gabhadh na dlíodóirí i mí Dheireadh Fómhair 2023, tráth a bhí an triail i gcoinne Navalny fós ar siúl. Reáchtáladh na himeachtaí cúirte i gcoinne na ndlíodóirí go rúnda ó mhí Mheán Fómhair 2024 go dtí deireadh mhí na Nollag 2024. Ina cháil mar Ionchúisitheoir Stáit, d’iarr Andrei Katkov go ngearrfaí uas-phianbhreitheanna ar na dlíodóirí bunaithe ar fhorais threallacha, agus bhunaigh sé a ráitis ar fhaisnéis a thagann salach ar an bpribhléid ghairmiúil dlíodóra. Is ar chúiseanna polaitiúla a cúisíodh iad agus chuir Andrei Katkov i leith dhlíodóirí Alexei Navalny, gur bhain siad le “pobal antoisceach”. Triail threallach, neamhchothrom a bhí inti agus nuair a gearradh pianbhreith ar na dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar Alexei Navalny, nach maireann, cinneadh ar fhorais threallacha ab ea é an cinneadh a rinne an breitheamh ceaptha. Dá bhrí sin, tá Andrei Katkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha i ndáil leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh agus an ceart chun trialach córa, agus as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025 |
|
47. |
Natalia Vladimirovna BORISENKOVA (Наталья Владимировна БОРИСЕНКОВА) |
Post: Breitheamh agus Leas-Chathaoirleach i gCúirt Dúiche Nagatinsky i Moscó na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: 12.8.1979 Áit bhreithe (cathair, tír): Ní fios cad é, Cónaidhm na Rúise Inscne: baineann |
Is breitheamh agus Leas-Chathaoirleach i gCúirt Dúiche Nagatinsky i Moscó na Rúise í Natalia Borisenkova. Ceapadh in 2012 í ar ordú a thug an tUachtarán Vladimir Putin. Ba í Natalia Borisenkova an breitheamh a ceapadh i gcás a raibh cúis pholaitiúil leis, is é sin, an triail maidir leis an gceathrar iriseoirí, K. Gabov, S. Karelin, A. Kriger agus A. Favorskaya, a scríobh faoi Alexei Navalny, nach maireann. Reáchtáladh na himeachtaí cúirte i gcoinne na n-iriseoirí go rúnda ó mhí Lúnasa 2024 go dtí an 15 Aibreán 2025. Ghearr an breitheamh Natalia Borisenkova téarmaí príosúnachta 5,5 bliain ar an gceathrar iriseoirí “as baint a bheith acu”, mar dhea, “i ngrúpa antoisceach”, is é sin fondúireacht Alexei Navalny (nach maireann) in aghaidh an éillithe. Ba thriail threallach neamhchothrom í an triail a d'údaraigh Natalia Borisenkova, agus reáchtáladh na héisteachtaí go rúnda. An cinneadh a rinne Natalia Borisenkova pianbhreith a ghearradh ar na hiriseoirí, cinneadh ab ea é a rinneadh ar fhorais threallacha, inar luadh “gníomhaíochtaí antoisceacha” líomhnaithe, ar líomhain í a úsáidtear i gcoinne na ngrúpaí freasúra go minic sa Rúis. Dá bhrí sin, tá Natalia Borisenkova freagrach as sáruithe tromchúiseacha i ndáil leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh agus an ceart chun trialach córa, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis. |
20.5.2025’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/957/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)