This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0913
Commission Implementing Decision (EU) 2025/913 of 20 May 2025 amending Implementing Decision (EU) 2021/1067 as regards an update of technical conditions for the harmonised use of radio spectrum in the 5945–6425 MHz frequency band for the implementation of wireless access systems including radio local area networks (WAS/RLANs) (notified under document C(2025) 3032)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/913 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla a thabhairt cothrom le dáta maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5945 — 6425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3032)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/913 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla a thabhairt cothrom le dáta maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5945 — 6425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3032)
C/2025/3032
IO L, 2025/913, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/913/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/913 |
22.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/913 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla a thabhairt cothrom le dáta maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna)
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3032)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Aibreán 2021, de bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, d’eisigh an Coimisiún sainordú do Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (‘CEPT’) chun athbhreithniú a dhéanamh, faoi mhí Iúil 2024, ar theorainn na n-astaíochtaí as banda faoi bhun 5 935 MHz is infheidhme maidir le gléasanna WAS/RLAN ar Leibhéal Cumhachta An-íseal (VLP) a úsáideann an banda 5 945 — 6 425 MHz, bunaithe, go háirithe, ar an staidéar ar theicnící maolaithe féideartha chun córais iompair chliste (CIC) le haghaidh iarnróid uirbeacha a chosaint, d’fhonn an teorainn a ísliú go dtí -37 dBm/MHz. Tá údar leis sin i ngeall ar an ngá le sábháilteacht iompair a áirithiú agus le gléasanna den sórt sin a bheith ann in éineacht le CIC, lena n-áirítear rialú traenacha bunaithe ar chumarsáid (CBTC), a bhaineann úsáid as speictream i gcodanna den bhanda minicíochta 5 905 — 5 935 MHz. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 (2) ón gCoimisiún déantar comhchuibhiú ar an mbanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz le haghaidh córais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió. I dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin leagtar amach, i gcás gléasanna WAS/RLAN VLP, an teorainn le haghaidh dhlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí as banda faoi bhun 5 935 MHz ag -45 dBm/MHz go dtí an 31 Nollaig 2025. Thairis sin, déantar foráil le Nóta 3 den Tábla sin go bhfuil cinneadh le déanamh faoin 31 Nollaig 2025 maidir le teorainn -37 dBm/MHz a chur in ionad na teorann sin. |
|
(3) |
Mar fhreagairt ar an sainordú dá dtagraítear in Aithris 1, an 20 Samhain 2024, chuir CEPT isteach Tuarascáil 087 maidir leis an athbhreithniú ar an teorainn ar astaíochtaí as banda faoi bhun 5 935 MHz is infheidhme maidir le gléasanna WAS/RLAN VLP. Ar cheann de na moltaí sa tuarascáil tá maolú na teorann sin go -37 dBm/MHz faoi choinníollacha teicniúla áirithe. |
|
(4) |
Gléasanna WAS/RLAN VLP atá ag baint úsáid as an mbanda minicíochta faoi bhun 6 105 Mhz, féadfaidh siad úsáid a bhaint as sásra Rialaithe Cumhachta Tarchuir. |
|
(5) |
Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a leasú mar, leis an tuarascáil, tá críoch curtha go héifeachtach ag CEPT leis an athbhreithniú ar na coinníollacha teicniúla le haghaidh gléasanna WAS/RLAN VLP maidir le teorainn -45 dBm/MHz ar dhlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí as banda faoi bhun 5 935 MHz, de bhun an tsainordaithe dá dtagraítear in Aithris 1. Ar cheann de na hathruithe ar an Iarscríbhinn tá maolú na teorann sin go -37 dBm/MHz faoi choinníollacha teicniúla a thuairiscítear inti. |
|
(6) |
Toisc go mbaineann gléasanna WAS/RLAN faoi dhíon ar leibhéal íseal (‘LPI’) le haghaidh naisc leathanbhanda ar bord traenacha agus aerárthaí úsáid as córais aeróige dáilte de ghnáth chun cumhdach maith a sholáthar agus a scaipeadh go cothrom i gcarráiste na bpaisinéirí, moltar sa tuarascáil an creat rialála a thabhairt cothrom le dáta chun úsáid na gcóras aeróige dáilte sna cásanna úsáide sin a shoiléiriú. |
|
(7) |
Toisc go bhfuil an t-athbhreithniú sonrach de bhun an tsainordaithe dá dtagraítear in Aithris 1 curtha i gcrích anois, ba cheart gnáthchlásal athbhreithnithe a chur in ionad Airteagal 4. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Speictream Raidió, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ‘Airteagal 4 Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éabhlóid caighdeán agus ar éabhlóid na teicneolaíochta i ndáil le húsáid bhanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz le haghaidh WAS/RLANanna agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún arna iarraidh sin dó nó ar a dtionscnamh féin chun go mbeifear in ann athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar an gCinneadh seo.’ |
|
(2) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Henna VIRKKUNEN
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 108, 24.4.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/676(1)/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (IO L 232, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1067/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Coinníollacha teicniúla comhchuibhithe le haghaidh WAS/RLANanna sa bhanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz
Tábla 1:
Gléasanna WAS/RLAN faoi dhíon ar leibhéal cumhachta íseal (‘LPI’)
|
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||||||
|
Oibriú incheadaithe |
Srianta don úsáid faoi dhíon, lena n-áirítear i dtraenacha ina bhfuil fuinneoga faoi bhrat miotail (nóta 1) agus aerárthaí. Ní cheadaítear úsáid lasmuigh, lena n-áirítear i bhfeithiclí bóthair. |
||||||
|
Catagóir gléis |
Pointe rochtana nó droichead LPI a sholáthraítear le cumhacht ó nasc sreinge a bhfuil aeróg chomhtháite ann (nóta 2) agus nach bhfuil faoi chumhacht ceallraí. Gléas cliaint LPI atá nasctha le pointe rochtana LPI nó le gléas cliaint LPI eile a fhéadfaidh a bheith faoi chumhacht ceallraí nó gan bheith. |
||||||
|
Banda minicíochta |
5 945 — 6 425 MHz |
||||||
|
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach (e.i.r.p.) le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda (nóta 3) |
23 dBm |
||||||
|
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda (nóta 3) |
10 dBm/MHz |
||||||
|
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí lasmuigh den bhanda faoi bhun 5 935 MHz (nóta 3) |
-22 dBm/MHz |
||||||
|
|||||||
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
Tábla 2:
Gléasanna WAS/RLAN ar Leibhéal Cumhachta An-íseal (VLP)
|
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||||||
|
Oibriú incheadaithe |
Faoi dhíon agus lasmuigh. Níl úsáid ar Chórais Aerárthaí Gan Foireann (UAS) ceadaithe. |
||||||
|
Catagóir gléis |
Is gléas iniompartha é an gléas VLP. |
||||||
|
Banda minicíochta |
5 945 — 6 425 MHz |
||||||
|
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda (nóta 1) |
14 dBm |
||||||
|
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda (nóta 1) |
1 dBm/MHz |
||||||
|
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach ar caolbhanda le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda (nóta 1) (nóta 2) |
10 dBm/MHz |
||||||
|
Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí lasmuigh den bhanda faoi 5 935 MHz (nóta 1) |
- 37 dBm/MHz (nóta 3) |
||||||
|
|||||||
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
(1) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/913/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)