This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0876
Commission Implementing Decision (EU) 2025/876 of 14 March 2025 amending Implementing Decision (EU) 2019/2174 as regards the continuation of the existence of market conditions, within the meaning of Article 35 of Commission Implementing Regulation (EU) 2019/317, in respect of some of the terminal air navigation services at the airports of Alicante and Ibiza (notified under document C(2025) 1525)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/876 ón gCoimisiún an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 a mhéid a bhaineann le leanúint de dhálaí margaidh a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, i ndáil le cuid de na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1525)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/876 ón gCoimisiún an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 a mhéid a bhaineann le leanúint de dhálaí margaidh a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, i ndáil le cuid de na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1525)
C/2025/1525
IO L, 2025/876, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/876/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/876 |
8.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/876 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Márta 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 a mhéid a bhaineann le leanúint de dhálaí margaidh a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, i ndáil le cuid de na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1525)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (1), agus go háirithe Airteagal 37(11) agus Airteagal 58(3) de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (2), agus go háirithe Airteagal 35(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá dálaí margaidh á gcur i bhfeidhm ag an Spáinn faoi láthair chun seirbhísí rialaithe aerthráchta aeradróim a sholáthar sa limistéar muirearaithe críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza. An 25 Meitheamh 2024, chuir údaráis na Spáinne an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe síneadh a chur le cur i bhfeidhm dálaí margaidh le haghaidh na seirbhísí sin sa dá aerfort go dtí an ceathrú tréimhse thagartha agus go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 fós á gcomhlíonadh. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 58, an tríú mír, de Rialachán (AE) 2024/2803, leanfaidh na forálacha cur chun feidhme maidir leis an scéim feidhmíochta agus muirearaithe a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 de bheith infheidhme maidir leis an gceathrú tréimhse thagartha de réir bhrí Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, lena n-áirítear na forálacha a leagtar síos in Airteagal 35 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt faoi dhálaí margaidh. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/2803 faoi na coinníollacha a leagtar síos san airteagal sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoirí aerfoirt nó do ghrúpa oibreoirí aerfoirt seirbhísí aerthráchta a fháil le haghaidh rialú aeradróim agus/nó seirbhísí aerthráchta le haghaidh rialú ascnaimh faoi dhálaí margaidh, arb amhlaidh i gcás na Spáinne i ndáil le cuid de na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza. |
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 ón gCoimisiún (3) tagraítear do sheirbhísí a sholáthraítear le linn an tríú tréimhse thagartha. Mar sin féin, ós rud é nach gceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 go ndéanfar na céimeanna a liostaítear in Airteagal 35(3) arís ag tús gach tréimhse tagartha i gcás ina leanfar de dhálaí margaidh a chur i bhfeidhm, ba cheart síneadh a chur le cur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 chun an ceathrú tréimhse thagartha de réir bhrí Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chumhdach freisin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174:
‘Airteagal 1
Rinneadh an measúnú ar dhálaí margaidh maidir le soláthar seirbhísí rialaithe aerthráchta aeradróim i limistéar muirearaithe críochfoirt na Spáinne ag aerfoirt Alicante agus Ibiza, le linn an tríú agus an ceathrú tréimhse thagartha de réir bhrí Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, mar a thug an Spáinn fógra ina leith an 29 Iúil 2019 agus an 25 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.
Ní mór d’údaráis na Spáinne a fhionnadh go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/2803 amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.’
Airteagal 2
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.
(2) IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/317/oj.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2174 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le dálaí margaidh a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, i ndáil le cuid de na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfoirt Alicante agus Ibiza (IO L 329, 19.12.2019, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/2174/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/876/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)