This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0868
Council Decision (EU) 2025/868 of 23 April 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union at the twelfth meeting of the Conference of the Parties to the Stockholm Convention on Persistent Organic Pollutants as regards the requests for extension of specific exemptions and the proposals for amendment of Annex A to that Convention
Cinneadh (AE) 2025/868 ón gComhairle an 23 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha agus na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
Cinneadh (AE) 2025/868 ón gComhairle an 23 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha agus na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
ST/7111/2025/REV/1
IO L, 2025/868, 12.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/868/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/868 |
12.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/868 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha agus na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (1) (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004 agus thug an tAontas i gcrích é trí bhithín Chinneadh 2006/507/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, tugtar de chumhacht do Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinní A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus bearta rialaithe a bhaineann leis na ceimiceáin sin a shonrú. |
|
(3) |
Ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, tá coinne leis go nglacfaidh an chomhdháil cinntí maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
|
(4) |
Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar phairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin ar an leibhéal domhanda a laghdú nó a dhíothú agus tacú lena liostú sna hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
|
(5) |
Ós rud é gur shainaithin an Coiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC) an gá atá le díolúintí sonracha áirithe maidir le gach ceann de na trí cheimiceán d’fhonn roinnt ama a thabhairt chun deireadh a chur lena n-úsáid de réir a chéile, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí roghanna malartacha a shainaithint, ba cheart díolúintí sonracha áirithe a dheonú a bhfuil teorainn ama leo, agus gá ag an Aontas le cuid de na díolúintí sin. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le raon feidhme na ndíolúintí sonracha le haghaidh pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu a mhol POPRC, ní chumhdaítear leo gach úsáid a bhfuil gá ag an Aontas léi sula gcuirfidh sé an t-aistriú chuig roghanna malartacha i gcrích agus, dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a iarraidh go gcuirfí díolúintí sonracha isteach maidir le húsáid i bhfeidhmeanna áirithe cosanta agus aeraspáis, amhail bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht, agus, i gcás inar gá, teorainneacha ama níos faide chun gur féidir roghanna malartacha a shainaithint agus ionadú a dhéanamh sna hearnálacha ardrialáilte sin. |
|
(7) |
Chun go mbeidh tréimhse ama réasúnta ann chun roghanna malartacha a shainaithint agus chun páirteanna spártha áirithe a úsáid in earnáil na heitlíochta, d’fhéadfadh sé gur ghá úsáid leanúnach UV-328 a cheadú in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n-áirítear i bpáirteanna spártha ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis an togra ó Phoblacht Dhaonlathach Chónaidhme na hAetóipe an díolúine shonrach faoi seach a chur leis an iontráil maidir le UV-328 in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, rud ba cheart a bheith chomh gearr agus is féidir chun a áirithiú go gcuirfear deireadh go pras leis an úsáid sin de UV-328. |
|
(8) |
Tar éis an toirmisc ar aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile gaolmhara PFOA, aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin lena n-úsáid i gcúir comhraicthe dóiteáin sa Chóiré a mhonarú, a allmhairiú agus a chur ar an margadh, chuir Poblacht na Cóiré in iúl do na Páirtithe (3) go bhfuil stoc-chairn na gcúr sin fós aici agus go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil uaithi chun na stoc-chairn sin a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. Féadfar na stoc-chairn sin a úsáid le linn na tréimhse sin ag gléasraí peitriceimiceacha, ag aerfoirt, nó ag láithreáin eile, nuair a tharlaíonn dóiteán mór agus nuair nach bhfuil na roghanna malartacha atá ar fáil éifeachtach go leor. Chun níos mó ama a thabhairt do Phoblacht na Cóiré roghanna malartacha a thabhairt isteach de réir a chéile agus ós rud é go gcomhlíonann an iarraidh ó Phoblacht na Cóiré síneadh a chur le dáta éaga na ndíolúintí sonracha sin, nach mbeidh feidhm aige ach maidir le Poblacht na Cóiré mar an Páirtí iarrthach, an próiseas athbhreithnithe arna ghlacadh i gcinneadh SC 4/3 agus SC 7/1, ba cheart don Aontas tacú leis an iarraidh sin. |
|
(9) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a leagan síos, ós rud é go mbeidh na cinntí ceangailteach ar an Aontas nó go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘Comhdháil na bPáirtithe’), agus aird chuí á tabhairt ar na moltaí ábhartha ón gCoiste Athbhreithniúcháin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC), an méid seo a leanas:
|
(a) |
tacú le pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu a liostú in Iarscríbhinn A, maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC (5), agus díolúintí sonracha breise a iarraidh lena n-úsáid i bhfeidhmeanna áirithe cosanta agus aeraspáis, amhail bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht, agus dátaí éaga sínte le haghaidh roinnt eisceachtaí maidir le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis go dtí 2041, le síneadh féideartha ar an dáta éaga sin go dtí deireadh ré trealaimh agus páirteanna spártha má úsáidtear na substaintí sin i bhfeidhmeanna den sórt sin; |
|
(b) |
tacú le clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A, maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC (6); |
|
(c) |
tacú le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC (7). |
Airteagal 2
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe tacú leis an togra arna thíolacadh ag Poblacht Dhaonlathach Chónaidhme na hAetóipe chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí dhíolúine shonrach a chur isteach le haghaidh úsáidí teoranta áirithe UV-328 in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n-áirítear páirteanna spártha ábhartha, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an díolúine ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir agus nach faide ná 5 bliana.
Airteagal 3
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe glacadh leis an iarraidh arna déanamh ag Poblacht na Cóiré síneadh a chur le dáta éaga na ndíolúintí sonracha, nach mbeidh feidhm aige ach amháin maidir le Poblacht na Cóiré mar Pháirtí iarrthach, maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA, aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid i gcúr comhraicthe dóiteáin le haghaidh sochtadh gaile breosla leachtaigh agus dóiteáin breosla leachtaigh (dóiteáin Aicme B) i gcórais shuiteáilte, lena n-áirítear córais shoghluaiste agus fhosaithe araon.
Airteagal 4
Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1, 2 agus 3 a mhionchoigeartú, i bhfianaise na bhforbairtí a dhéanfar ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, le linn cruinnithe comhordúcháin ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 209, 31.7.2006, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2006/507/oj.
(2) Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/507/oj).
(3) SC/COMM/01.2025/2
(4) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).
(5) POPRC-20/2.
(6) POPRC-20/1.
(7) POPRC-20/3.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/868/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)