This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0853
Council Decision (EU) 2025/853 of 14 April 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union at the second session of the Supervisory Authority established pursuant to the Luxembourg Protocol to the Convention on International Interests in Mobile Equipment on Matters specific to Railway Rolling Stock
Cinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid
Cinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid
ST/7415/2025/INIT
IO L, 2025/853, 5.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/853/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/853 |
5.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/853 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’fhormheas an tAontas an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid (‘Coinbhinsiún Cape Town’), a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’), trí bhíthin Chinneadh 2014/888/AE ón gComhairle (1), agus bhain sé amach stádas mar Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta faoin bPrótacal sin. |
|
(2) |
Le linn an dara seisiún dá chuid an 23 Aibreán 2025, i measc míreanna eile ar an gclár oibre, tá coinne leis go ndéanfaidh Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg (‘an tÚdarás Maoirseachta’) athbhreithniú ar a Reachtanna agus ar a Rialacha Nós Imeachta agus go bhformheasfaidh sé na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid arna bhforbairt faoi chuimsiú Choiste Iompair Intíre Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (‘na Rialacha Samhla’) arna leasú an 13 Samhain 2024 (Athbhreithniú 2). |
|
(3) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta a bhunú, ós rud é go bhféadfadh an t-athbhreithniú atá beartaithe ar na Rialacha Samhla atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (3) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (4). Thairis sin, d’fhéadfadh na leasuithe ar na Reachtanna agus ar na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta tionchar cinntitheach a imirt ar rannpháirtíocht an Aontais sa chomhlacht sin. |
|
(4) |
Tá coinne leis go leasóidh an tÚdarás Maoirseachta a Reachtanna, ina sainítear gnéithe amhail a phearsantacht dhlítheanach, a chúraimí agus a chreat riaracháin, a éilítear le Coinbhinsiún Cape Town agus le Prótacal Lucsamburg. Leis na leasuithe atá beartaithe ar na Reachtanna, soiléirítear an sainmhíniú ar Stát is Páirtí trína shoiléiriú gur tagairt d’eagraíocht réigiúnach freisin é aon tagairt do Stát is Páirtí sna Reachtanna, rud a dhéanann difear do rannpháirtíocht an Aontais sa chomhlacht sin, agus gur cheart tacú leis dá bhrí sin. Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj). |
|
(5) |
Tá coinne leis go leasóidh an tÚdarás Maoirseachta a Rialacha Nós Imeachta chun na rialacha maidir le feidhmiú vótála trí thromlach cáilithe a shoiléiriú agus chun rialacha nua a thabhairt isteach maidir le heagrúchán chruinnithe eatramhacha práinneacha. Toisc nach féidir doiciméid le haghaidh cruinnithe práinneacha a scaipeadh ach 3 seachtaine roimh oscailt an chruinnithe, áfach, d’fhéadfadh deacrachtaí suntasacha a bheith ann maidir leis an nós imeachta chun seasaimh an Aontais a chomhordú agus d’fhéadfadh bunú liosta d’ábhair phráinneacha gné phráinneach a chur go huathoibríoch faoi ábhair nach bhfuil práinneach sa chleachtas. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Mhaoirseachta, ach amháin an t-athrú ar na spriocdhátaí chun na doiciméid le haghaidh an chruinnithe a sholáthar agus gan na hábhair a d’fhéadfaí a cháiliú mar ábhair phráinneacha a shonrú, chun a áirithiú go n-áiritheofar go héifeachtach na féidearthachtaí atá ag an Aontas seasaimh a chomhordú maidir le hábhar atá ábhartha don Aontas. |
|
(6) |
Is gá do Phrótacal Lucsamburg brath ar chóras soiléir sainaitheantais agus marcála rothstoic iarnróid bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Soláthraítear sna Rialacha Samhla creat chun an sainaitheantóir URVIS a shannadh agus é a mharcáil ar rothstoc iarnróid. Moltar mion-nuashonruithe ar na rialacha sin agus is chun leasa oibriú Phrótacal Lucsamburg atá na mion-nuashonruithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart tacú le formheas na Rialacha Samhla arna leasú an 13 Samhain 2024 (Athbhreithniú 2) chun críocha na Rialachán maidir leis an gClárlann Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun an Phrótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoic Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘an tÚdarás Maoirseachta’), leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo é.
Maidir le mionathruithe ar na seasaimh arna léiriú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, féadfaidh na hionadaithe ón Aontas iad a chomhaontú ag cruinniú an Údaráis Mhaoirseachta gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Ábhair a bhaineann go sonrach le Rothstoc Iarnróid, arna ghlacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (IO L 353, 10.12.2014, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/888/oj).
(2) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 ina leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear agus lena n aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj).
IARSCRÍBHINN
1. Réamhrá
Reáchtálfar an dara seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a Bhaineann go Sonrach le Cúrsaí Rothstoic Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’) an 23 Aibreán 2025.
2. Inniúlacht an Aontais
Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach i bPrótacal Lucsamburg. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith na míreanna ar chlár oibre an chruinnithe sin, mar a n-iarrfar ar an Údarás Maoirseachta gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) – is é sin Míreanna 7 agus 9 ar an gClár.
3. Barúlacha ar mhíreanna ar chlár oibre an dara seisiún den Údarás Maoirseachta
Mír 7 ar an gClár Oibre – Formheas na Rialacha Samhla arna leasú an 13 Samhain 2024 chun críocha na Rialachán maidir leis an gClárlann Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc
|
Doiciméad/Doiciméid |
SA2_2025_Item 7_Doc 6-Approval of the Model Rules (&ad).pdf |
|
Feidhmiú ceart vótála |
An tAontas Eorpach |
|
Seasamh |
I bhfabhar fhormheas na Rialacha Samhla arna leasú an 13 Samhain 2024 chun críocha na Rialachán maidir leis an gClárlann Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc. |
Mír 9 ar an gClár Oibre - Athbhreithniú ar Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta
|
Doiciméad/Doiciméid |
SA2_2025_Item 9_Doc 8-Revision of Statutes and Rules of Procedure (&ad).pdf |
||||
|
Feidhmiú ceart vótála |
An tAontas Eorpach |
||||
|
Seasamh |
I bhfabhar fhormheas an leasaithe atá beartaithe ar na Reachtanna. I bhfabhar fhormheas an leasaithe atá beartaithe ar na Rialacha Nós Imeachta, faoi réir na leasuithe seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/853/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)