This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0840
Commission Decision (EU) 2025/840 of 25 March 2025 recognising certain critical raw material projects as Strategic Projects under Regulation (EU) 2024/1252 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2025) 1904)
Cinneadh (AE) 2025/840 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 lena n-aithnítear tionscadail áirithe amhábhar criticiúil mar Thionscadail Straitéiseacha faoi Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1904)
Cinneadh (AE) 2025/840 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 lena n-aithnítear tionscadail áirithe amhábhar criticiúil mar Thionscadail Straitéiseacha faoi Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1904)
C/2025/1904
IO L, 2025/840, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/840/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/840 |
30.4.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/840 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2025
lena n-aithnítear tionscadail áirithe amhábhar criticiúil mar Thionscadail Straitéiseacha faoi Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1904)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (1), agus go háirithe Airteagal 7(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/1252 agus d’fhonn soláthar amhábhar criticiúil an Aontais a áirithiú, tá an Coimisiún le tionscadail a aithint maidir le heastóscadh, próiseáil, athchúrsáil nó ionadú amhábhar straitéiseach, agus é mar aidhm aige tionscadail den sórt sin a aithint mar Thionscadail Straitéiseacha faoin gcreat a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán sin. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/1252, an 23 Bealtaine 2024, sheol an Coimisiún glao chun iarratas a dhéanamh ar thionscadal amhábhar criticiúil a aithint mar Thionscadal Straitéiseach (2), agus an 22 Lúnasa 2024 an scoithdháta a bhí leis sin. |
|
(3) |
Tar éis do na hiarratasóirí na hiarratais a chur isteach, thug an Coimisiún fógra dóibh an 20 Meán Fómhair 2024 faoi cé acu a measadh nó nár measadh go raibh an fhaisnéis a soláthraíodh comhlánaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2024/1252. I gcás inar measadh go raibh iarratas neamh-chomhlánaithe, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach a raibh gá léi chun an t-iarratas a chomhlánú, laistigh de sprioc-am gearr. |
|
(4) |
Tráth an scoithdháta an 22 Lúnasa 2024, bhí 124 iarratas curtha isteach ó thionscadail bheartaithe atá lonnaithe sna Ballstáit, agus mheas an Coimisiún go raibh 122 díobh sin comhlánaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1252. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2024/1252, an Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (an Bord) a bunaíodh le hAirteagal 35(1) den Rialachán sin, chuir an Coimisiún ar an eolas é faoi na hiarratais a mheas sé a bheith comhlánaithe. |
|
(6) |
Tar éis na seiceála iomláine sin, tharchuir an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2024/1252, na hiarratais iomlána chuig na Ballstáit a mbaineann a gcríoch leis an tionscadal atá beartaithe. |
|
(7) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar na hiarratais sin i gcomhréir leis na critéir a shonraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1252, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha, saineolaithe a bhfuil saineolas acu ar na gnéithe teicniúla, airgeadais, comhshaoil, sóisialta agus rialachais de thionscadal, agus sa Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní (3). Rinne an Coimisiún measúnú ar iarratais ar léir nár chomhlíon siad na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1252 gan tacaíocht ó na saineolaithe seachtracha sin. Bhí tuairim chomhdhlúthaithe na saineolaithe seachtracha mar bhonn leis an gCinneadh seo. |
|
(8) |
Go sonrach, rinne an Coimisiún measúnú ar na hiarratais sin i bhfianaise an mhéid a chuir siad le slándáil sholáthar amhábhar straitéiseach an Aontais, le hindéantacht theicniúil, le cur chun feidhme inbhuanaithe, agus le tairbhí trasteorann, agus liostaigh sé, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, na tionscadail a chomhlíonann na critéir uile dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1252, ar tionscadail iad is ceart a aithint mar Thionscadail Straitéiseacha faoin Rialachán sin. |
|
(9) |
Chuir an Coimisiún a mheasúnú faoi bhráid an Bhoird i gcomhréir le hAirteagal 7(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1252. Ní bhfuair aon cheann de na tionscadail, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agóid ó na Ballstáit a mbaineann a gcríoch leis na tionscadail atá beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2024/1252. |
|
(10) |
Na hiarratasóirí uile ar aithint tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt dóibh faoi ghlacadh an Chinnidh seo. Go sonrach, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt do na hiarratasóirí uile faoi thoradh a mheasúnaithe agus faoin réasúnaíocht a bhaineann leis i gcomhréir le cosaint rún trádála agus gnó agus le cosaint faisnéise íogaire rúnda rúnaicmithe, dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1252. |
|
(11) |
Ba cheart don Choimisiún an Cinneadh seo a chur faoi bhráid an Bhoird agus faoi bhráid an Bhallstáit/na mBallstát a mbaineann a chríoch/a gcríoch leis an tionscadal/na tionscadail, i gcomhréir le hAirteagal 7(9), an dara mír, de Rialachán (AE) 2024/1252. |
|
(12) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhoird, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aithnítear na tionscadail a liostaítear san Iarscríbhinn mar Thionscadail Straitéiseacha.
Airteagal 2
Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
|
|
Tionscnóir Tionscadal |
Seoladh an tionscnóra |
Ainm an Tionscadail |
|
1 |
Eramet |
10, Boulevard de Grenelle, 75015 Páras, an Fhrainc |
Ageli |
|
2 |
RIO NARCEA RECURSOS S.A. |
Monesterio a Cala, S/N, 06260, Monesterio (Badajoz), an Spáinn |
Aguablanca Project |
|
3 |
Solvay Chimica Italia Spa |
Rosignano Marittimo, Via Piave 6, an Iodáil |
Alpha Project |
|
4 |
Tokai COBEX savoie |
244 rue des Epicéas, NotreDame-de-Briançon - La Léchère, an Fhrainc |
BAM4EVER (Phase I&II) |
|
5 |
Savannah Lithium Unipessoal, Lda |
Rua 5 de Outubro, No 26 5460-304 Boticas, an Phortaingéil |
Barroso Lithium Project |
|
6a |
European Bauxites |
51st km National Road Lamia Amfissa, 331 00 Fokida, an Ghréig |
BAUX-EU |
|
6b |
Metlen Energy and Metals |
an Ghréig; 8 Artemidos str, Maroussi - Athens, Attiki 15125, an Ghréig |
GALLANT, LEADER |
|
7 |
CAREMAG SAS |
129 rue de Servient - Tour Part-Dieu, 69003 Lyon, an Fhrainc |
CAREMAG |
|
8 |
Euro Manganese Inc |
709-700 West Pender Street, Vancouver, BC, V6C 1G8, Ceanada |
Chvaletice Manganese Project |
|
9 |
Geomet s.r.o. |
Skolni 299, Mstisov, 417 03 Dubi, Poblacht na Seice |
Cínovec lithium project |
|
10 |
Atlantic Copper SLU |
Avda. Francisco Montenegro, s/n. 21001 Huelva, an Spáinn |
CirCular |
|
11 |
UP Catalyst |
Akadeemia tee 23, 12618 Taillinn, an Eastóin |
CO2 Graphite |
|
12a |
IMERYS Lithium France |
43 Quai de Grenelle, 75015 Páras, an Fhrainc |
Emili processing |
|
12b |
IMERYS Ceramics France |
43 Quai de Grenelle, 75015 Páras, an Fhrainc |
Emili extraction |
|
13 |
NGC Battery Materials GmbH |
Reinhard-Heraeus-Ring 27, 63801 Kleinostheim, an Ghearmáin |
European Initiative for Strategic and Sustainable Graphite Production |
|
14 |
Umicore |
Watertorenstraat 33, 2250, Olen, an Bheilg |
GePETO |
|
15 |
Sibanye-Stillwater Sandouville Refinery |
5059 ROUTE INDUSTRIELLE, 76430 SANDOUVILLE, an Fhrainc |
GALLICAM |
|
16 |
Hycamite TCD Technologies Ltd. |
Kemirantie 15, 67900, Kokkola, an Fhionlainn |
Hycamite TCD Technologies Ltd |
|
17 |
ORANO Batteries |
Quai à Pondéreux Ouest, Route du Terminal, 59.279 Loon-Plage, an Fhrainc |
Hydrometallurgy |
|
18 |
Jervois Finland Oy |
Metallitehtaantie 48, 67900 Kokkola, an Fhionlainn |
Jervois Finland Cobalt Refinery Expansion Project |
|
19 |
Keliber Technology Oy |
Toholammintie 496, 69600 Kaustinen, an Fhionlainn |
KELIBER LITHIUM |
|
20 |
Terrafame Ltd |
Malmitie 66, 88120 Tuhkakylä, an Fhionlainn |
Kolmisoppi |
|
21 |
LITHIUM IBERIA, S.L. |
Polígono Industrial San José Obrero, s/n, 10820, Cañaveral (Cáceres), an Spáinn |
Las Navas |
|
22 |
Itelyum Regeneration SpA |
Via Tavernelle 19, 26854 Pieve Fissiraga, Lodi, an Iodáil |
LIFE-22-ENV- IT- INSPIREE |
|
23 |
Lifthium energy, S.A. |
R. Silval 37 12° piso, 2780-373 Oeiras, an Phortaingéil |
Lift One |
|
24 |
Rock Tech Guben GmbH |
Balcke-Dürr-Allee 9, 40882 Ratingen, Nordrhein-Westfalen, an Ghearmáin |
Lithium Hydroxide Converter Guben |
|
25 |
MagREEsource |
209 Route des Béalières 38360 Noyarey, an Fhrainc |
MagFactory |
|
26 |
RECURSOS MINERALES DE GALICIA, S.A. |
Paseo Independencia no21, 3o Piso. 50001 Zaragoza, an Spáinn |
MINA DOADE PROJECT |
|
27 |
ABENÓJAR TUNGSTEN S.L. |
Ayala Street no 10, 4o Left, an Spáinn |
Mining project El Moto |
|
28 |
Northvolt Revolt AB |
Alströmergatan 20 SE-112 47 Stócólm, an tSualainn |
NorthCYCLE |
|
29 |
SOMINCOR |
Santa Barbara de Padroes, 7780-409 Castro Verde, an Phortaingéil |
Semblana, 3RD SILO, LOMBADOR North Phase 2 |
|
30 |
Iberian Resources Spain |
Finca La Parrilla, 10132 Almoharin, Caceres, an Spáinn |
P6 Metals |
|
31 |
Elemental Strategic Metals Sp. z o.o. |
05-825 Grodzisk Mazowiecki, Traugutta 42a Street, an Pholainn |
POLVOLT |
|
32 |
Cobre las Cruces S.A.U. |
CTRA 3410, KM 4.100. 41860. GERENA. SEVILLA, an Spáinn |
Polymetallic primary sulphite project |
|
33 |
Portovesme srl |
Piazzale dei Caduti della Montagnola, 7200144 an Róimh, an Iodáil |
Portovesme CRM Hub |
|
34 |
PCC Thorion GmbH |
Moerser Str. 149 |
ProHiPerSi |
|
35 |
Fortum Battery Recycling Oy |
Sepänkatu 12, 29200 Harjavalta, an Fhionlainn |
Project Fortum Hydromet |
|
36 |
Mkango Resources Ltd. |
550 Burrard Street, Suite 2900. Vancouver, BC. Ceanada, V6C 0A3 |
Pulawy Rare Earths Separation Plant |
|
37 |
Circular Materials s.r.l. |
Viale delle Industrie 20, 20040 Cambiago (MI) an Iodáil |
RECOVER-IT |
|
38 |
LKAB (Luossavaara-Kirunavaara AB) |
Varvsgatan 45, Luleå, an tSualainn |
ReeMAP Project: Malmberget, Lulea Industrial Park, Per Geijer |
|
39 |
Umicore |
Broekstraat 31 Rue du Marais, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg |
ReGAIN |
|
40 |
Lusorecursos Portugal Lithium S.A. |
Rua Direita, n.30, 5470-251, Montalegre, an Phortaingéil |
Romano Mine |
|
41 |
Euro Sun Mining Inc. |
198 Davenport Road, Toronto, Ontario, M5R 1J2, Ceanada |
Rovina |
|
42 |
Anglo American Services (UK) Ltd. |
17 Charterhouse Street, Londain, EC1N 6RA, an Ríocht Aontaithe, |
Sakatti |
|
43 |
Societatea Națională a Sării S.A. |
Calea Victoriei nr. 220, etaj 4, sector 1, Bucuresti, CP, 10099, an Rómáin |
SALROM Baia de Fier |
|
44 |
Talga AB |
Södra Kungsgatan 5B, 97235 Luleå, an tSualainn |
Talga Natural Graphite ONE |
|
45 |
Verde Magnesium SRL. |
21 Vointei Street, ground floor, District 5, Búcairist, an Rómáin |
Verde Magnesium |
|
46 |
Viridian Lithium |
9 rue de la Krutenau, 67000 Strasbourg, an Fhrainc |
Viridian Lithium |
|
47 |
Vulcan Energie Ressourcen GmbH |
Amalienbadstrasse 41, Bau 54, 76227 Karlsruhe, an Ghearmáin |
Zero Carbon Lithium |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Stéphane SÉJOURNÉ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.
(2) Call for applications [Glao ar iarratais]: Strategic Projects under the Critical Raw Materials Act - European Commission [Tionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla - an Coimisiún Eorpach].
(3) Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní | CEE-NA .
IARSCRÍBHINN
LIOSTA DE NA TIONSCADAIL STRAITÉISEACHA
(1)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa Fhrainc is ea Ageli. An tionscadal, a chuireann Eramet chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(2)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Spáinn is ea Aguablance. An tionscadal, a chuireann Rio Narcea Recursos S.A. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar cóbailt, miotal de chuid an ghrúpa platanaim, copair agus nicile (grád ceallra).
(3)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl san Iodáil is ea Alpha Project. An tionscadal, a chuireann Solvay Chimica Italia Spa chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar miotal de chuid an ghrúpa platanaim.
(4)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Fhrainc is ea BAM4EVER (Phase I&II). An tionscadal, a chuireann Tokai COBEX savoie chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(5)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Phortaingéil is ea Barroso Lithium Project. An tionscadal, a chuireann Savannah Lithium, Unipessoal, Lda. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(6)
Tionscadal comhtháite atá ar siúl sa Ghréig is ea BAUX-EU, GALLANT agus LEADER ina bhfuil comhpháirt eastósctha amháin (BAUX-EU) agus dhá chomhpháirt phróiseála (GALLENT agus LEADER). An tionscadal, a chuireann Metlen Enery & Metals agus European Bauxites chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar báicsíte/alúmana/alúmanaim agus gailliam.
(7)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Fhrainc is ea CAREMAG. An tionscadal, a chuireann Caremag SAS chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar dúl tearc-chré le haghaidh maighnéad agus bóróin (grád miotalóireachta).
(8)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa tSeicia is ea Chvaletice Manganese Project. An tionscadal, a chuireann Euro Manganese Inc chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar mangainéise (grád ceallra).
(9)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa tSeicia is ea Cíneovec lithium project. An tionscadal, a chuireann Geomet s.r.o. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(10)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl sa Spáinn is ea CirCular. An tionscadal, a chuireann Atlantic Copper SLU chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar copair, nicile agus miotal de chuid an ghrúpa platanaim.
(11)
Tionscadal próiseála atá ar siúl san Eastóin is ea CO2Graphite. An tionscadal, a chuireann UP Catalyst OU chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(12)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa Fhrainc is ea EMILI. An tionscadal, a chuireann IMERYS Ceramics France agus IMERYS Lithium France chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(13)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Fhrainc, sa Namaib agus sa Ghearmáin is ea European Initiative for Strategic and Sustainable Graphite Production. An tionscadal, a chuireann NGC Battery Materials GmbH chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(14)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Bheilg is ea GePETO. An tionscadal, a chuireann Umicore chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar gearmáiniam.
(15)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Fhrainc is ea GALLICAM. An tionscadal, a chuireann Sibanye-Stillwater Sandouville Refinery chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar nicile (grád ceallra), cóbailt, litiam (grád ceallra), graifíte (grád ceallra), mangainéise (grád ceallra) agus copair.
(16)
Tionscadal próiseála atá ar siúl san Fhionlainn is ea Hycamite TCD Technologies Ltd. An tionscadal, a chuireann Hycamite TCD Technologies Ltd chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(17)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl sa Fhrainc is ea Hydrometallurgy. An tionscadal, a chuireann Orano Batteries chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra), cóbailt, nicile (grád ceallra), mangainéise (grád ceallra) agus graifíte (grád ceallra).
(18)
Tionscadal próiseála atá ar siúl san Fhionlainn is ea Jervois Finland Cobalt Refinery Expansion Project. An tionscadal, a chuireann Jervois Finland Oy chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar cóbailt.
(19)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl san Fhionlainn is ea KELIBER LITHIUM. An tionscadal, a chuireann Keliber Technology Oy chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(20)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl san Fhionlainn is ea Kolmisoppi. An tionscadal, a chuireann Terrafame Ltd. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar nicile (grád ceallra) agus cóbailt.
(21)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Spáinn is ea Las Navas. An tionscadal, a chuireann Lithium Iberia S.L chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(22)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl san Iodáil is ea LIFE22-ENV-IT-INSPIREE. An tionscadal, a chuireann Itelyum Regeneration SpA chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar dúl tearc-chré le haghaidh maighnéad.
(23)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Phortaingéil is ea Lift One. An tionscadal, a chuireann Lithium energy S.A. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(24)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Ghearmáin is ea Lithium Hydroxide Converter Guben. An tionscadal, a chuireann Rock Tech Guben GmbH chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(25)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl sa Fhrainc is ea MagFactory. An tionscadal, a chuireann MagREEsource chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar dúl tearc-chré le haghaidh maighnéad.
(26)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Spáinn is ea MINA DOADE PROJECT. An tionscadal, a chuireann Recursos Minerales de Galicia S.A. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(27)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Spáinn is ea Mining Project El Moto. An tionscadal, a chuireann Abenojar Tungsten S.L chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar tungstain.
(28)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl sa tSualainn is ea NorthCYCLE. An tionscadal, a chuireann Northvolt Revolt AB chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar mangainéise (grád ceallra), litiam (grád ceallra), graifíte (grád ceallra), nicile (grád ceallra) agus cóbailt.
(29)
Tionscadal comhtháite atá ar siúl sa Phortaingéil is ea Lombador North Phase 2, Semblana agus 3rd SILO ina bhfuil dhá chomhpháirt eastósctha (Lombador North Phase 2 agus Semblana) agus comhpháirt phróiseála amháin (3rd SILO). An tionscadal, a chuireann SOMINCOR chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar copair.
(30)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa Spáinn is ea P6 Metals. An tionscadal, a chuireann Iberian Resources Spain chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar tungstain.
(31)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl sa Pholainn is ea POLVOLT. An tionscadal, a chuireann Elemental Battery Metals SP. z.o.o. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar nicile (grád ceallra), copair, cóbailt, litiam (grád ceallra), miotal de chuid an ghrúpa platanaim agus mangainéise (grád ceallra).
(32)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl sa Spáinn is ea Polymetallic primary sulphide project. An tionscadal, a chuireann Cobre las Cruces S.A.U. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar copair.
(33)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl san Iodáil is ea Portovesme CRM Hub. An tionscadal, a chuireann Portovesme s.r.l. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra) agus mangainéise (grád ceallra).
(34)
Tionscadal ionadaíochta atá ar siúl sa Ghearmáin is ea ProHiPerSi. An tionscadal, a chuireann PCC Thorion GmbH chun cinn, is é is aidhm dó cur le hionadú graifíte (grád ceallra).
(35)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl san Fhionlainn is ea Project Fortum Hydromet. An tionscadal, a chuireann Fortum Battery Recycling Oy chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra), graifíte (grád ceallra), copair, nicile (grád ceallra) agus cóbailt.
(36)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Pholainn is ea Pulawy Rare Earths Separation Plant. An tionscadal, a chuireann Mkango Resources Ltd. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar dúl tearc-chré le haghaidh maighnéad.
(37)
Tionscadal athchúrsála atá ar siúl san Iodáil is ea RECOVER-IT. An tionscadal, a chuireann Circular Material s.r.l. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar copair, nicile (grád ceallra) agus miotal de chuid an ghrúpa platanaim.
(38)
ReeMAP Project: Tionscadal comhtháite atá ar siúl sa tSualainn is ea Malmbergt, Per Geijer agus Lulea Industrial Park ina bhfuil dhá chomhpháirt eastósctha (Malmberget agus Per Geijer) agus comhpháirt phróiseála amháin (Lulea Industrial Park). An tionscadal, a chuireann Luossavaara-Kirunavaara AB (LKAB) chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar dúl tearc-chré le haghaidh maighnéad.
(39)
Tionscadal ionadaíochta atá ar siúl sa Bheilg is ea ReGAIN. An tionscadal, a chuireann Umicore chun cinn, is é is aidhm dó cur le hionadú gearmáiniam.
(40)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Phortaingéil is ea Romano Mine. An tionscadal, a chuireann Lusorecursos Portugal Lithium S.A. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(41)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Rómáin is ea Rovina. An tionscadal, a chuireann Euro Sun Mining Inc. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar copair.
(42)
Tionscadal eastósctha agus próiseála comhtháite atá ar siúl san Fhionlainn is ea Sakatti. An tionscadal, a chuireann Anglo American Services (UK) Ltd. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar cóbailt, miotal de chuid an ghrúpa platanaim, copair agus nicile (grád ceallra).
(43)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Rómáin is ea SALROM Baia de Fier. An tionscadal, a chuireann Societatea Națională a Sării S.A. chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(44)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa tSualainn is ea Talga Natural Graphite ONE. An tionscadal, a chuireann Talga AB chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar graifíte (grád ceallra).
(45)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Rómáin is ea Verde Magneisium. An tionscadal, a chuireann Verde Magnesium SRL chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar miotail maignéisiam.
(46)
Tionscadal próiseála atá ar siúl sa Fhrainc is ea Viridian Lithium. An tionscadal, a chuireann Viridian Lithium chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
(47)
Tionscadal eastósctha atá ar siúl sa Ghearmáin is ea Zero Carbon Lithium. An tionscadal, a chuireann Vulcan Energie Ressourcen GmbH chun cinn, is é is aidhm dó cur le soláthar litiam (grád ceallra).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/840/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)