This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0827
Commission Implementing Decision (EU) 2025/827 of 25 April 2025 amending the Annex to Implementing Decision (EU) 2025/672 concerning certain emergency measures relating to outbreaks of foot and mouth disease in Hungary and Slovakia (notified under document C(2025) 2629)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/827 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic (tugadh fógra faoi leis an doicimead C(2025)2629)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/827 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic (tugadh fógra faoi leis an doicimead C(2025)2629)
C/2025/2629
IO L, 2025/827, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/827/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/827 |
28.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/827 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Aibreán 2025
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic
(tugadh fógra faoi leis an doicimead C(2025)2629)
(Is iad na téacsanna Gearmáinise, Ungáirise agus Slóvaicise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe san ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe de speicis liostaithe, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe de speicis liostaithe ar coimeád. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil i mbunaíochtaí ina bhfuil bó-ainmhithe ar coimeád i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, gar don teorainn leis an Ostair, agus i réigiún Trnava sa tSlóvaic, gar don teorainn leis an Ungáir. Go háirithe, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 maidir le criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise a bhunú san Ungáir agus sa tSlóvaic, agus crios faireachais agus criosanna srianta breise san Ostair, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis na ráigeanna sin, agus nach mór a chuimsiú sna criosanna sin, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Mar gheall ar dhéine na staide eipidéimeolaíche, foráiltear leis freisin maidir le srianta áirithe ar ghluaiseachtaí ainmhithe ó speicis shoghabhálacha. |
|
(5) |
Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672, arna dhéanamh trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/795 ón gCoimisiún (5), tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an Ungáir go bhfuil ráig nua den ghalar crúb agus béil deimhnithe i mbunaíochtaí ina bhfuil bó-ainmhithe ar coimeád. Tá an ráig nua sin ann i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Ungáir criosanna srianta nua, lena gcuimsítear criosanna cosanta, criosanna faireachais agus crios srianta breise, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin chun leathadh breise an ghalair sin chuig codanna eile den Ungáir, nó chuig Ballstáit eile, a chosc. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a áirítear sna criosanna srianta sin a shainiú, ó thaobh spáis agus ama de, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672, chun leathadh breise an ghalair a chosc, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc, agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil. Dá réir sin, ní mór an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais, agus ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise san Ungáir a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad na mbeart sin a shocrú, i gcomhar leis an mBallstát sin. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672.
Airteagal 2
Is chuig an Ungáir, chuig Poblacht na hOstaire agus chuig Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag gabháil leo i ndáil le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 ón gCoimisiún an 31 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/613 (IO L, 2025/672, 2.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/672/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/795 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/672 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le ráigeanna den ghalar crúb agus béil san Ungáir agus sa tSlóvaic (IO L, 2025/795, 15.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/795/oj).
IARSCRÍBHINN
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe:
|
Tír |
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00001 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666. |
2.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666, excluding the areas contained in the protection zone. |
2.5.2025 |
||
|
An Ungáir |
SK-FMD-2025-00001 |
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8049, Long. 17.6666. |
2.5.2025 |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00002 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214. |
4.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214, excluding the areas contained in the protection zone. |
4.5.2025 |
||
|
An Ungáir |
SK-FMD-2025-00002 |
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8433, Long. 17.6214. |
4.5.2025 |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00003 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387. |
30.4.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387, excluding the areas contained in the protection zone. |
30.4.2025 |
||
|
An Ungáir |
SK-FMD-2025-00003 |
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9097, Long. 17.5387. |
30.4.2025 |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00004 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947. |
1.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947, excluding the areas contained in the protection zone. |
1.5.2025 |
||
|
An Ungáir |
SK-FMD-2025-00004 |
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9704, Long. 17.4947. |
1.5.2025 |
|
An Ungáir |
HU-FMD-2025-00002 |
Crios cosanta: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.90917, Long. 17.19819. |
16.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.90917, Long. 17.19819, excluding the areas contained in the protection zone. |
16.5.2025 |
||
|
An Ostair |
HU-FMD-2025-00002 |
Crios faireachais: In the Federal State Burgenland within the district Neusiedl am See the cadastrial communities of Nickelsdorf, Mönchhof, Halbturn and Deutsch Jahrndorf. |
16.5.2025 |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00005 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 48.3861, Long. 16.9924. |
11.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 48.3861, Long. 16.9924, excluding the areas contained in the protection zone. |
11.5.2025 |
||
|
An Ostair |
SK-FMD-2025-00005 |
Crios faireachais: Those parts of Austria, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 48.3861, Long. 16.9924. |
11.5.2025 |
|
An Ungáir |
HU-FMD-2025-00003 |
Crios cosanta: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8522, Long. 17.41222. |
18.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8522, Long. 17.41222, excluding the areas contained in the protection zone. |
18.5.2025 |
||
|
An tSlóvaic |
HU-FMD-2025-00003 |
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.8522, Long. 17.41222. |
18.5.2025 |
|
An Ungáir |
HU-FMD-2025-00004 |
Crios cosanta: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.96161, Long. 17.29801. |
20.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.96161, Long. 17.29801, excluding the areas contained in the protection zone. |
20.5.2025 |
||
|
An tSlóvaic |
HU-FMD-2025-00004 |
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.96161, Long. 17.29801. |
20.5.2025 |
|
An tSlóvaic |
SK-FMD-2025-00006 |
Crios cosanta: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9395, Long. 17.5353. |
14.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Slovakia, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9395, Long. 17.5353, excluding the areas contained in the protection zone. |
14.5.2025 |
||
|
An Ungáir |
SK-FMD-2025-00006 |
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.9395, Long. 17.5353. |
14.5.2025 |
|
An Ungáir |
HU-FMD-2025-00005 |
Crios cosanta: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.565074, Long. 17.331777. |
30.5.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.565074, Long. 17.331777, excluding the areas contained in the protection zone. |
30.5.2025 |
Criosanna srianta breise:
|
Tír |
Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí |
||||||||
|
An Ungáir |
The following areas excluding the areas contained in any protection or surveillance zone:
|
30.5.2025 |
||||||||
|
An tSlóvaic |
Regions of Bratislava, Trnava and Nitra, excluding the areas contained in any protection or surveillance zone. |
20.5.2025 |
||||||||
|
An Ostair |
In the Federal State Niederösterreich the district Gänserdorf and within the district Bruck an der Leitha the municipalities Au am Leithaberge, Bad Deutsch-Altenburg, Berg, Bruck an der Leitha, Enzersdorf an der Fischa, Göttlesbrunn-Arbesthal, Götzendorf an der Leitha, Hainburg a.d. Donau, Haslau-Maria Ellend, Höflein, Hof am Leithaberge, Hundsheim, Mannersdorf am Leithagebirge, Petronell-Carnuntum, Prellenkirchen, Rohrau, Scharndorf, Sommerein, Trautmannsdorf an der Leitha, Wolfsthal, Ebergassing, Fischamend, Klein-Neusiedl, Schwadorf; in the district Mistelbach the municipalities Altlichtenwarth, Bernhardsthal, Bockfließ, Großengersdorf, Großkrut, Hausbrunn, Herrnbaumgarten, Pillichsdorf, Rabensburg, Schrattenberg, Wilfersdorf; in the district Mistelbach within the municipality Drasenhofen the cadastrial communities Drasenhofen, Steinebrunn; in the district Mistelbach within the municipality Geweinstal the cadastrial communities Gaweinstal, Schrick, Martinsdorf; in the district Mistelbach within the minicipality Großebersdorf the cadastrial Community Eibesbrunn; in the district Mistelbach within the community Mistelbach the cadastrial communitry Kettlasbrunn; in the district Mistelbach within the municipality Poysdorf the cadastrial communities Höbertsgrub, Ketzelsdorf, Passauerhof, Poysbrunn, Walterkrichen; in the district Mistelbach within the municipality Wolkersdorf im Weinviertel the cadastrial communities Obersdorf and Wolkersdorf; in the district Wiener Neustadt (Land) the municipalities Lichtenwörth, Zillingdorf. In the Federal State Burgenland the districts Eisenstadt-Stadt, Rust-Stadt, Eisenstadt-Umgebung, Mattersburg, Neusiedl am See (with the exception of the municipalities Nickelsdorf, Mönchhof, Halbturn and Deutsch Jahrndorf) und Oberpullendorf. |
20.5.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/827/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)