This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0818
Council Decision (EU) 2025/818 of 28 April 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Committee of the Parties of the Council of Europe Convention on preventing and combating violence against women and domestic violence on the amendments to the Committee’s Rules of Procedure, with regard to matters related to judicial cooperation in criminal matters, asylum and non-refoulement
Cinneadh (AE) 2025/818 ón gComhairle an 28 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
Cinneadh (AE) 2025/818 ón gComhairle an 28 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
ST/7295/2025/INIT
IO L, 2025/818, 2.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/818/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/818 |
2.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/818 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1), maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2), i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Go dtí seo, tá 39 bpáirtí sa Choinbhinsiún (‘na Páirtithe’), lena n-áirítear an tAontas agus 22 Bhallstát. |
|
(2) |
Is é atá i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) comhlacht de shásra faireacháin an Choinbhinsiúin. De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac an Coiste a rialacha nós imeachta féin (‘na Rialacha Nós Imeachta’). Foráiltear leis na Rialacha Nós Imeachta go mbeidh vóta amháin ag gach Páirtí. Le haontachas an Aontais don Choinbhinsiún, ceanglaítear coigeartuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta, a mhéid a bhaineann le cearta vótála go háirithe. |
|
(3) |
I mí Lúnasa 2023, mhol Rúnaíocht an Choiste leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun tionchar aontachas an Aontaisdon Choinbhinsiún ar fheidhmiú an Choiste (‘na leasuithe atá beartaithe’) a léiriú agus d’iarr sí ar na Páirtithe moltaí maidir le dréachtú a chur isteach. |
|
(4) |
An 22 Aibreán 2024, trí bhíthin Chinntí (AE) 2024/1669 (3) agus (AE) 2024/1680 (4) ón gComhairle, bhunaigh an tAontas a sheasamh ar na leasuithe atá beartaithe agus mhol sé leasuithe malartacha. |
|
(5) |
An 31 Bealtaine 2024, le linn an 16ú cruinniú den Choiste, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir leis na leasuithe atá beartaithe agus chinn an Coiste go reáchtálfadh a Chathaoirleach comhairliúcháin neamhfhoirmiúla chun teacht ar réiteach a bheadh sásúil do gach comhalta den Choiste. |
|
(6) |
I mí na Samhna 2024, tar éis comhairliúcháin neamhfhoirmiúla, chuir Cathaoirleach an Choiste togra athbhreithnithe faoi bhráid na bPáirtithe le haghaidh leasuithe a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2024)12 prov faoi bhráid na bpáirtithe. De réir an togra sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha vótála atá ann faoi láthair go fóill ach ba cheart iad a fhorlíonadh le clásal lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Coiste gach iarracht leanúint den chleachtas atá aige cinntí a dhéanamh de chomhthoil (‘an clásal comhthola’), agus clásal lena bhforáiltear go scrúdóidh an Coiste cur i bhfeidhm na rialacha laistigh de 3 bliana tar éis ghlacadh na leasuithe (‘an clásal athbhreithnithe’). Leis an gclásal comhthola, déantar códú ar an gcleachtas atá ann faoi láthair sa Choiste agus leis an gclásal athbhreithniúcháin, soiléirítear an rún athmheasúnú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis ghlacadh na leasuithe orthu. |
|
(7) |
An 13 Feabhra 2025 roinn Rúnaíocht an Choiste leis na Páirtithe ‘an Togra athbhreithnithe ó Chathaoirleach Choiste na bPáirtithe chun Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl a leasú’ a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2025)1 prov (‘an gníomh atá beartaithe’). D’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe an gníomh atá beartaithe a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn agus chuir sí in iúl freisin, mura gcuirfí agóidí faoi bhráid na Rúnaíochta i scríbhinn faoin 30 Aibreán 2025, go measfaí an gníomh atá beartaithe a bheith glactha. |
|
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta ceangailteach ó thaobh an dlí ar an Aontas. |
|
(9) |
Mar thoradh ar ghlacadh an ghnímh atá beartaithe, leanfadh na rialacha vótála atá ann faoi láthair d’fheidhm a bheith acu go bunúsach agus bheadh vóta amháin ag an Aontas sa bhreis ar vótaí na mBallstát sin atá ina bPáirtithe. Ba cheart cur isteach an chlásail comhthola agus an chlásail athbhreithniúcháin a bheith inghlactha don Aontas. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an Riail 2.2.b., ina liostaítear na rannpháirtithe nach comhaltaí den Choiste iad, ba cheart an tagairt don Aontas a scriosadh toisc go bhfuil sí imithe i léig. |
|
(11) |
Ba cheart gurb é seasamh an Aontais dá bhrí sin gan agóid a dhéanamh in aghaidh ghlacadh an ghnímh atá beartaithe. |
|
(12) |
Ba cheart seasamh an Aontais maidir leis an ngníomh atá beartaithe a bheith gan dochar do sheasaimh a bheidh ann amach anseo maidir le rialacha nós imeachta i ndáil le coinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa nó le comhaontuithe an Aontais le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coiste’), a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste a ghlacadh, gan agóid a dhéanamh in aghaidh ghlacadh an Togra athbhreithnithe ó Chathaoirleach an Choiste chun Rialacha Nós Imeachta Choiste a leasú a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2025)1 prov.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2024/1669 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement (IO L, 2024/1669, 12.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1669/oj).
(4) Cinneadh (AE) 2024/1680 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais, (IO L, 2024/1680, 12.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1680/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/818/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)