Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0799

Cinneadh (AE) 2025/799 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

ST/6960/2025/INIT

IO L, 2025/799, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/799/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/799/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/799

25.4.2025

CINNEADH (AE) 2025/799 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Aibreán 2025

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, ar gníomhartha iad nach ndéantar gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú leo.

(3)

Tá feidhm ag Airteagail 66 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) de bhun Airteagal 13(3) de Chreat Windsor. Is forálacha de ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais iad a bhfuil fágtha d’fhorálacha an Rialacháin sin, gníomh a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Níl feidhm aige sin maidir le hAirteagail 5 agus 67 de Rialachán (AE) 2024/2847.

(4)

Ba cheart don Chomhchoiste, ag a chéad chruinniú eile, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor, ar cinneadh é lena gcuirfear an gníomh nuaghlactha sin de chuid an Aontais, cé is moite d’Airteagail 5 agus 67 de, le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun an gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’), leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/135/oj).

(3)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(4)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2025 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an …

lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor.

(2)

De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe na cinntí sin a chur chun feidhme, agus tá an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar.

(3)

Tá feidhm ag Airteagail 66 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (3) de bhun Airteagal 13(3) de Chreat Windsor. Is forálacha iad a bhfuil fágtha d’fhorálacha an Rialacháin sin, cé is moite d’Airteagail 5 agus 67 de, i ngníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht), cé is moite d’Airteagail 5 agus 67 de, cuirfear le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 47 ‘Eile’ é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/i/sa …, …

Thar Ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign).

(2)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(3)   IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/799/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top