This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0792
Commission Implementing Decision (EU) 2025/792 of 24 April 2025 on the publication of a list indicating certain CO2 emissions values per manufacturer as well as average specific CO2 emissions of all new heavy-duty vehicles registered in the Union pursuant to Regulation (EU) 2019/1242 of the European Parliament and of the Council for the reporting period of the year 2022 (notified under document C(2025) 2307)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/792 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2022 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2307)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/792 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2022 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2307)
C/2025/2307
IO L, 2025/792, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/792/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/792 |
25.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/792 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Aibreán 2025
maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2022
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2307)
(Is iad na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise agus Sualainnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le feithiclí an mhonaróra sin. |
|
(2) |
Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear san Aontas a bhunú ar na sonraí a thuairiscítear maidir le feithiclí ó gach monaróir. |
|
(3) |
Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle le haghaidh gach monaróra a chinneadh agus na feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle arna dtuairisciú á gcur san áireamh. |
|
(4) |
Ba cheart an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra a chinneadh ar bhonn líon na bhfeithiclí nua tromshaothair, gan feithiclí seirbhíse san áireamh, a tuairiscíodh. Na feithiclí sin, a deimhníodh mar fheithiclí seirbhíse ach nár cláraíodh amhlaidh, sainaithníodh iad agus cuireadh na ceartúcháin ba ghá ar mheánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra i bhfeidhm maidir leo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún (3). |
|
(5) |
Tá na sonraí a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil don Choimisiún an 12 Meán Fómhair 2024. |
|
(6) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún na sonraí a fhoilsítear anseo a thabhairt cothrom le dáta, má fhaigheann sé sonraí breise a dhéanfadh difear do na ríomhanna sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra
Maidir leis na meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2022, léirítear iad sa dara colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra
An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra,dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2022, léirítear é sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra
An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2022, léirítear iad sa cheathrú colún agus sa chúigiú colún, faoi seach, den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 4
Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair
Is é 48,8 g/tkm méid mheánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2022, arna ríomh tríd an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, pointe 2.7, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242 a chur i bhfeidhm, agus feithiclí nua tromshaothair gach monaróra á gcur san áireamh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
|
(1) |
|
|
(2) |
|
|
(3) |
|
|
(4) |
|
|
(5) |
|
|
(6) |
|
|
(7) |
|
|
(8) |
|
|
(9) |
|
|
(10) |
|
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Wopke HOEKSTRA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/956/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos nós imeachta sonrach um shainaithint feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh agus lena gcuirtear i bhfeidhm ceartúcháin maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 an mhonaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh (IO L 205, 11.6.2021, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/941/oj).
IARSCRÍBHINN
Tagraíonn gach iontráil do thréimhse tuairiscithe na bliana 2022.
|
Monaróir |
Meánastaíochtaí sonracha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm |
Fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 |
Conair laghdaithe astaíochtaí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm |
Creidmheasanna astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm |
|
DAF TRUCKS N.V. |
49,12 |
0,999 |
51,40 |
89 410 |
|
DAIMLER TRUCK AG |
50,35 |
0,996 |
49,43 |
— |
|
FORD OTOMOTIV SANAYI A.Ş. |
53,95 |
1,000 |
50,12 |
— |
|
HYUNDAI HYDROGEN MOBILITY AG |
0,00 |
0,970 |
54,32 |
1 032 |
|
IVECO MAGIRUS AG |
51,93 |
1,000 |
48,30 |
— |
|
IVECO S.P.A. |
48,92 |
0,995 |
46,39 |
— |
|
MAN TRUCK & BUS SE |
48,89 |
0,999 |
49,37 |
15 524 |
|
RENAULT TRUCKS SAS |
46,46 |
0,984 |
47,11 |
13 773 |
|
SCANIA CV AB |
45,54 |
0,994 |
49,56 |
131 300 |
|
VOLVO TRUCK CORPORATION |
47,50 |
0,986 |
50,21 |
108 616 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/792/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)