This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0773
Council Decision (CFSP) 2025/773 of 14 April 2025 amending Joint Action 2005/889/CFSP on establishing a European Union Border Assistance Mission for the Rafah Crossing Point (EU BAM Rafah)
Cinneadh (CBES) 2025/773 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
Cinneadh (CBES) 2025/773 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
ST/7058/2025/INIT
IO L, 2025/773, 15.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/773/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/773 |
15.4.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/773 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Samhain 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES (1) maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah). |
|
(2) |
An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1806 (2), lenar cuireadh síneadh le EU BAM Rafah go dtí an 30 Meitheamh 2025. |
|
(3) |
An 18 Eanáir 2025, ba dhíol sásaimh don Aontas comhaontú an tsosa cogaidh in Gaza. |
|
(4) |
An 24 Eanáir 2025, d’údaraigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ath-imlonnú EU BAM Rafah chuig Pointe Trasnaithe Teorann Rafah. |
|
(5) |
Ba cheart an méid tagartha airgeadais le haghaidh EU BAM Rafah go dtí an 30 Meitheamh 2025 a mhéadú chun na costais bhreise a eascraíonn as an ath-imlonnú sin a chumhdach. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d’Airteagal 13(1):
‘Is é EUR 4 323 805,94 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 327, 14.12.2005, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2005/889/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1806 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L, 2024/1806, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1806/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/773/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)