This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D06583
Council Decision of 4 December 2025 replacing a member of the Management Board of the European Agency for Safety and Health at Work for Malta
Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Mhálta
Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Mhálta
ST/15644/2025/INIT
IO C, C/2025/6583, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6583/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6583 |
10.12.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Nollaig 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Mhálta
(C/2025/6583)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Melhino MERCIECA a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas Mhálta don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar Silvio FARRUGIA ina chomhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Melhino MERCIECA, don suíochán sin ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. DANIELSEN
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6583/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)