Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D06352

Cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2025 lena gceaptar ceathrar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia

ST/14232/2025/INIT

IO C, C/2025/6352, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6352/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6352/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6352

24.11.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Samhain 2025

lena gceaptar ceathrar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia

(C/2025/6352)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

Ag féachaint do na hainmniúcháin a chuir an Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin agus an tSualainn faoi bhráid na Comhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas, ardchaighdeáin eolaíocha, trédhearcacht agus éifeachtúlacht an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach comhar EFSA leis na Ballstáit a áirithiú.

(2)

Ceanglaítear, le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, go n-ainmneodh gach Ballstát ionadaithe ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha do Bhord Bainistíochta EFSA. Tá na comhaltaí agus comhaltaí malartacha arna n-ainmniú mar sin le ceapadh ag an gComhairle go ceann téarma 4 bliana, ar téarma é a fhéadfar a athnuachan, agus beidh ceart vótála acu.

(3)

Cheap an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh uaithi an 7 Aibreán 2022 (2), ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta EFSA don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

(4)

I litir dar dáta an 22 Aibreán 2025, cuireadh in iúl do EFSA gur éirigh Tejs BINDERUP, comhalta thar ceann na Danmhairge, as oifig.

(5)

I litir dar dáta an 6 Bealtaine 2025, cuireadh in iúl do EFSA gur éirigh Hendrik KUUSK, comhalta thar ceann na hEastóine, as oifig.

(6)

I litir dar dáta an 6 Bealtaine 2025, cuireadh in iúl do EFSA gur éirigh Annica SOHLSTRÖM, comhalta thar ceann na Sualainne, as oifig.

(7)

I litir dar dáta an 14 Iúil 2025, cuireadh in iúl do EFSA go ndeachaigh Herman DIRICKS, comhalta thar ceann na Beilge, ar scor.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, ceathrar ionadaithe nua a cheapadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaithe faoi seach.

(9)

Tá taithí agus saineolas forleathan ábhartha ag na hionadaithe arna n-ainmniú ag an mBeilg, an Danmhairg, an Eastóin agus an tSualainn i réimse dhlí agus bheartas an bhiashlabhra, lena n-áirítear measúnú riosca, agus i réimsí ábhar bainistíochta, riaracháin, airgeadais agus dlí chomh maith. Dá bhrí sin, lena gceapacháin, baintear amach i mBord Bainistíochta EFSA na caighdeáin is airde inniúlachta agus an raon is leithne taithí ábhartha atá ar fáil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia go dtí an 30 Meitheamh 2026:

Christine ROMEYNS (an Bheilg),

Cecilie SOLSTAD (an Danmhairg),

Triin KÕRGMAA (an Eastóin),

Christina NORDIN (an tSualainn).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 lena gceaptar ionadaithe ó na Ballstáit ina gcomhaltaí agus ina gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO C 159, 12.4.2022, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6352/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top