This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D06243
Council Decision of 13 November 2025 replacing an alternate member of the Advisory Committee on freedom of movement for workers for Denmark
Cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Danmhairge
Cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Danmhairge
ST/14527/2025/INIT
IO C, C/2025/6243, 19.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6243/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6243 |
19.11.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Danmhairge
(C/2025/6243)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (1), agus go háirithe Airteagail 23 agus 24 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 23 Meán Fómhair 2024 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don tréimhse ón 25 Meán Fómhair 2024 go dtí an 24 Meán Fómhair 2026. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir ionadaithe chomhlachais na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Birgitte NYMARK a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag an Danmhairg don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar Ida Helmi HOUSE ina comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe in ionad Birgitte NYMARK ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 24 Meán Fómhair 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 141, 27.5.2011, lch. 1.
(2) CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meán Fómhair 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe (IO C, C/2024/5865, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5865/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6243/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)