Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D06073

Cinneadh ón gComhairle an 4 Samhain 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad lánchomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Slóvaice

ST/14026/2025/INIT

IO C, C/2025/6073, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6073/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6073/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6073

7.11.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Samhain 2025

lena ndéantar duine a chur in ionad lánchomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Slóvaice

(C/2025/6073)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 5 Márta 2025 (2), cheap an Chomhairle lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 6 Márta 2025 go dtí an 5 Márta 2028.

(2)

Tá suíochán lánchomhalta i gcatagóir ionadaithe na rialtas tagtha chun bheith folamh ó tharla gur éirigh Adam ŠULÍK as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag an tSlóvaic don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Kristína ŽAŤKOVÁ ina lánchomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Adam ŠULÍK ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 5 Márta 2028.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. AAGAARD


(1)   IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2025 lena gceaptar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C C/2025/1689, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1689/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6073/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top