Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0604

Cinneadh (CBES) 2025/604 ón gComhairle an 24 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

ST/5561/2024/INIT

IO L, 2025/604, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/604/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/604/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/604

25.3.2025

CINNEADH (CBES) 2025/604 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2025

lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir.

(2)

An 30 Iúil 2024, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2745 (2024), lena gcuirtear deireadh leis an trádbhac arm ar Rialtas Phoblacht na hAfraice Láir. Bunaítear leis an Rún sin freisin trádbhac arm ar ghrúpaí armtha agus ar dhaoine aonair a bhfuil baint acu leo atá ag feidhmiú i i bPoblacht na hAfraice Láir.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1.   Toirmiscfear ar náisiúnaigh na mBallstát nó ar náisiúnaigh de chríocha na mBallstát nó ar náisiúnaigh atá ag úsáid a soithí faoi bhratach nó a n-aerárthaí faoi bhratach, airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha le haghaidh an mhéid sin, a dhíol, a sholáthar, a aistriú, nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, do ghrúpaí armtha agus do dhaoine aonair a bhfuil baint acu leo atá ag feidhmiú i bPoblacht na hAfraice Láir, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a sholáthar, a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha le haghaidh an mhéid sin, a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, go díreach nó go hindíreach, do ghrúpaí armtha agus do dhaoine aonair a bhfuil baint acu leo atá ag feidhmiú i bPoblacht na hAfraice Láir;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do ghrúpaí armtha agus do dhaoine aonair a bhfuil baint acu leo atá ag feidhmiú i bPoblacht na hAfraice Láir;

(c)

páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó arb é is éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b).’

;

(2)

cuirtear an mhír seo a leanas in Airteagal 1 a:

‘Na Ballstáit a dhéanann ítimí a urghabháil, a chlárú agus a dhiúscairt, i gcomhréir leis an gcéad mhír, tabharfaidh siad fógra don Choiste arna bhunú de bhun mhír 57 de Rún 2127 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“an Coiste”) maidir leis an diúscairt sin laistigh de 30 lá, fógra ina dtabharfar mionsonraí ar na hítimí uile a diúscraíodh agus faoin mbealach beacht ar diúscraíodh iad.’

;

(3)

scriostar Airteagal 2.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 24 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. SIEKIERSKI


(1)  Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/604/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top