Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0542

Cinneadh (AE) 2025/542 ón gComhairle an 18 Márta 2025 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála sin

ST/6394/2025/INIT

IO L, 2025/542, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/542/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/542/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/542

21.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/542 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2025

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’), socrú a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí’) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, tá siad ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Tá na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí (na ‘Rannpháirtithe’) le teacht ar chomhaontú maidir le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí a sholáthródh deimhneacht dhlíthiúil agus a neartódh cothrom iomaíochta idir Rannpháirtithe maidir le tacaíocht do chonarthaí cothabhála agus seirbhíse, onnmhairí páirteanna spártha agus fearas innill a bhaineann le haerárthaí a chumhdaítear leis an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí.

(3)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le cinneadh na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí bunaithe ar an dréacht-téacs atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le cinneadh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (an ‘Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí’) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí tacú leis na leasuithe bunaithe ar an dréacht-téacs atá i gceangal leis an gCinneadh seo (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1233/oj).

(2)  Féach doiciméad ST 6394/25 ADD 1 ar http://register.consilium.europa.eu.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/542/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top