Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0521

Cinneadh (AE) 2025/521 ón gComhairle an 10 Márta 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, , i bhfoirm Malartú Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)

ST/5943/2025/INIT

IO L, 2025/521, 18.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/521/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/521/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/521

18.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/521 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Márta 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, , i bhfoirm Malartú Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le Airteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1),bunaíodh an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), faoi Chlár Réime Fís 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go ceann tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2028.

(2)

Tá an Liobáin ar cheann de na 19 Stát Rannpháirteacha in PRIMA, tar éis di comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht in PRIMA (3) (‘Comhaontú PRIMA’). Tá Comhaontú PRIMA le feidhm a bheith aige fós fad a bheidh Cinneadh (AE) 2017/1324 i bhfeidhm.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuireadh síneadh le fad foriomlán PRIMA go dtí 31 Nollaig 2031 agus rinneadh foráil go leanfadh an Liobáin de bheith rannpháirteach in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach (5), faoi réir comhaontú a thabhairt i gcrích, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú PRIMA.

(4)

Ós rud é gur léirigh an Liobáin gur spéis léi leanúint de bheith rannpháirteach in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach, ba cheart di glacadh go foirmiúil leis na téarmaí agus coinníollacha nuashonraithe sin maidir le rannpháirtíocht den sórt sin.

(5)

Chuige sin, an 9 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/2621 (6) lena n-údaraítear an Choimisiún le comhaontú a chaibidliú, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Comhaontú PRIMA, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Liobáine in PRIMA faoin gClár Réime Fís Eorpach (‘an Comhaontú’).

(6)

An 22 Iúil 2024, tugadh an chaibidlíocht i gcrích go ráthúil, trí inisealacha a chur leis an gComhaontú.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe (7).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát, (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1324/oj).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) – agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1291/oj).

(3)  Comhaontú maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (IO L 79, 22.3.2018, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/467/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (‘PRIMA’) faoin gclár Fís Eorpach (IO L, 2024/1167, an 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj).

(6)  Cinneadh (AE) 2023/2621 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L, 2023/2621, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj)

(7)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/521/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top