Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0504

Cinneadh (AE) 2025/504 ón gComhairle an 11 Márta 2025 lena leasaítear Prótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

ST/6143/2025/INIT

IO L, 2025/504, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/504/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/504/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/504

14.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/504 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2025

lena leasaítear Prótacal (Uimh. 5) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 308 de,

Ag féachaint don iarraidh ón mBanc Eorpach Infheistíochta,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bhí an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) faoi réir athbhreithniú 2022 ar na creata leordhóthanachta caipitil ag bainc forbartha iltaobhacha a choimisiúnaigh G20 (‘an t-athbhreithniú ar CLCanna’). Ceann de na moltaí san athbhreithniú ar CLCanna ba ea go mbainfeadh na bainc forbartha iltaobhacha aon teorainneacha iasachtaithe seasta óna reachtanna.

(2)

Rinneadh an moladh ón athbhreithniú ar CLCanna maidir le teorainneacha iasachtaithe seasta a bhaint de reachtanna na mbanc forbartha iltaobhach agus é mar aidhm leis údarás iomlán a thabhairt dá gcomhlachtaí rialaithe faoi leith ar mhéadrachtaí bainistíochta riosca agus ar mhéadrachtaí giarála.

(3)

Mar fhreagairt ar an moladh sin, tá bainc forbartha iltaobhacha eile i mbun a reachtanna a leasú i ndáil le teorainneacha iasachtaithe seasta.

(4)

Le hAirteagal 16(5) de Reacht BEI bunaítear teorainn le hiomlán na n-oibríochtaí fiachais sínithe (‘an cóimheas giarála’), teorainn le hoibríochtaí cothromais eisíoctha agus leithdháileadh sonrach cúlchiste le haghaidh gníomhaíochtaí speisialta.

(5)

Mar a leagtar amach i dTreochlár Straitéiseach 2024 – 2027 Ghrúpa BEI (‘an Treochlár Straitéiseach’), iarrtar d’aon toil ar Ghrúpa BEI ról níos tábhachtaí fós a imirt chun bearna infheistíochta na hEorpa a dhúnadh, chun táirgiúlacht, comhtháthú sóisialta agus críochach na hEorpa, gníomhú na hEorpa ar son na haeráide, síocháin, slándáil agus uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a neartú, chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda agus chun a thionchar a threisiú sa chomhthéacs geopholaitiúil nua.

(6)

Tá sé beartaithe leis an Treochlár Straitéiseach freagairt ar an iarraidh sin trína chur ar chumas Ghrúpa BEI a chaipiteal a úsáid ar bhealach éifeachtúil, agus a neart airgeadais á chosaint agus caipiteal maolánach leordhóthanach a choinneáil ag an am céanna.

(7)

Táthar ag súil go gcuirfeadh an cóimheas giarála srian mór ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa BEI faoin Treochlár Straitéiseach, rud a chuireann teorainn le méid neamhchosaint ainmniúil fhoriomlán Ghrúpa BEI go 250 %. Ní chuirtear san áireamh sa chóimheas giarála cáilíocht phunann Ghrúpa BEI ná feabhsuithe creidmheasa amhail ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais, agus leis an gcóimheas giarála sin cuirtear srian ar leith le hinfheistíochtaí cothromais, amhail iad siúd a thagann faoin gCiste Eorpach Infheistíochta.

(8)

An 21 Meitheamh 2024, chinn Bord Gobharnóirí BEI d’aon toil an cóimheas giarála a mhéadú go 290 %, chun a chur ar chumas Ghrúpa BEI cur lena sheasamh láidir caipitil, lena chreat láidir bainistíochta riosca agus rialachais, chun leas a bhaint as a acmhainneacht iomlán chun tacú le tosaíochtaí an Aontais agus chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh. Tá an méadú sin faoi réir theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo ón gComhairle.

(9)

Is inmhianaithe comhthoil a bhunú idir scairshealbhóirí BEI sula ndéantar aon choigeartuithe ar an gcóimheas giarála. Ar an gcaoi sin, tá údar maith leis an gceanglas go ndéanfadh an Bord Gobharnóirí an cóimheas giarála a fhormheas d’aon toil.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Reacht BEI a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16(5) de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘An méid comhiomlán a bheidh amuigh tráth ar bith d’iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc, ní mó é ná cóimheas uasta dá chaipiteal suibscríofa, dá chúlchistí, dá sholáthairtí neamhchionroinnte agus den bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais, agus beidh an cóimheas uasta sin le bunú ag an mBord Gobharnóirí ag gníomhú dóibh d’aon toil. Laghdófar an méid comhiomlán sin méid is ionann agus an méid atá suibscríofa, bíodh nó ná bíodh sé íoctha isteach, i gcomhair aon rannpháirtíocht cothromais de chuid an Bhainc.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Tuairim an 14 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 27 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/504/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top