This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D04940
Council Decision of 5 September 2025 adopting the Council's position on the draft general budget of the European Union for the financial year 2026
Cinneadh ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2025 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026
Cinneadh ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2025 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026
ST/11032/2025/INIT
IO C, C/2025/4940, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4940/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4940 |
9.9.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meán Fómhair 2025
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026
(C/2025/4940)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314(3) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
1. |
An 9 Iúil 2025, thíolaic an Coimisiún togra ina raibh dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026 (1), |
|
2. |
Scrúdaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún d’fhonn seasamh a shainiú a bheidh comhsheasmhach, ó thaobh an ioncaim de, le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (2), agus, ó thaobh an chaiteachais de, le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3), arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 (4). |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
An 5 Meán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026.
Is féidir breathnú ar an téacs iomlán (5) nó é a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle:
https://www.consilium.europa.eu/en/documents/public-register/public-register-search
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) COM(2025)300 final.
(2) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
(5) 11216/25 + ADD 1 + ADD 2.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4940/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)