Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0479

Cinneadh (AE) 2025/479 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 maidir le tabhairt i gcrích, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

ST/8441/2024/INIT

IO L, 2025/479, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/479/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/479/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/479

13.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/479 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2025

maidir le tabhairt i gcrích, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/… ón gComhairle (2) , síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (an ‘Comhaontú’) an 25 Meitheamh 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth is faide anonn.

(2)

De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE (4) ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas.

(6)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú a thabhairt,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais (5).

Airteagal 2

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun an ógra dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl (6).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Toiliú ón 21 Eanáir 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Cinneadh (AE) 2024/1639 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia. (IO L, 2024/1639, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1639/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2025/480, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/480/oj.

(6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/479/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top