Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0433

Cinneadh (AE) 2025/433 ón gComhairle an 25 Feabhra 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 195ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

ST/6039/2025/INIT

IO L, 2025/433, 3.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/433/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/433/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/433

3.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/433 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 195ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda (RTDanna) ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ón 4 go dtí an 7 Márta 2025, le linn a 195ú seisiún, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh; agus togra le haghaidh leasú ar rún comhdhlúite na Náisiún Aontaithe maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.

(6)

Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún comhdhlúite ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar cinntitheach ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí sin, is iomchuí é a bhunú.

(7)

Chun an taithí agus na forbairtí teicniúla le linn an phróisis cineálcheadaithe a léiriú, maidir leis na ceanglais le haghaidh gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13, 39, 48, 49, 79, 83, 92, 96, 100, 105, 116, 124, 138, 148, 149, 152, 158, 161, 162, 163, 168 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe agus le rún comhdhlúite na Náisiún Aontaithe maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Chun dul chun cinn teicneolaíoch a éascú agus chun soghluaisteacht ghlan a chur chun cinn, ní mór rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh.

(9)

Tá na tograí sin i gcomhréir le treoshuíomhanna beartais straitéiseacha an Aontais maidir leis an earnáil mótarfheithiclí.

(10)

I bhfianaise na dtairbhí sin, ba cheart don Aontas vótáil i bhfabhar na dtograí sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 195ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, a thionólfar idir an 4 agus an 7 Márta 2025, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1997/836/oj).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/125/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal na míre ar chlár oibre

Cód tagartha an doiciméid  (1)

13

Togra le haghaidh shraith leasuithe 15 nua ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 91, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/37, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-47

ECE/TRANS/WP.29/2025/6

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 24 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 97, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-33

ECE/TRANS/WP.29/2025/8

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 97, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-33

ECE/TRANS/WP.29/2025/9

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 13 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 97, bunaithe ar GRVA-20-33

ECE/TRANS/WP.29/2025/10

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 14 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 97, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-33

ECE/TRANS/WP.29/2025/11

39

Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 39 ó na Náisiúin Aontaithe (Luasmhéadar agus Odaiméadar)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/36, arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2025/18/Rev.1

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 27, bunaithe ar GRE-88-17 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13

ECE/TRANS/WP.29/2025/30

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 23 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 27, bunaithe ar GRE-88-17 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13

ECE/TRANS/WP.29/2025/31

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 27, bunaithe ar GRE-88-17 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13

ECE/TRANS/WP.29/2025/32

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 21 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, míreanna 15, 24 agus 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/3, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/4, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/15 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/22

ECE/TRANS/WP.29/2025/33

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, míreanna 15, 24 agus 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/3, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/4, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/15 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/22

ECE/TRANS/WP.29/2025/34

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, míreanna 15, 24 agus 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/3, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/4, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/15 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/22

ECE/TRANS/WP.29/2025/35

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Gaireas Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, míreanna 15, 24 agus 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/3, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/4, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/15, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/22 agus GRE-90- 10

ECE/TRANS/WP.29/2025/36

49

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (LPG agus CNG))

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/91, mír 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/21, GRPE-91-37 agus arna leasú le linn an tseisiúin mar a léirítear in Iarscríbhinn V

ECE/TRANS/WP.29/2025/26

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 12 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 74, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-38

ECE/TRANS/WP.29/2025/12

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 74, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-38

ECE/TRANS/WP.29/2025/13

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/91, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/19

ECE/TRANS/WP.29/2025/27

92

Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 92 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Tosta Sceite Athsholáthair le haghaidh Gluaisrothar)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/78, mír 15, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/21 arna leasú le GRBP-80-29-Rev.3

ECE/TRANS/WP.29/2025/3

96

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 96 ó na Náisiúin Aontaithe (Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú na n-inneall atá le suiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é maidir le hastaíochtaí truailleán ón inneall)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/91, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/24

ECE/TRANS/WP.29/2025/28

100

Togra le haghaidh shraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil Gléasra Cumhachta Leictreach iontu)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2024/18, arna leasú le GRSP-76-08-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2025/41

100

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil Gléasra Cumhachta Leictreach iontu)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2024/22, arna leasú le GRSP-76-09

ECE/TRANS/WP.29/2025/42

100

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil Gléasra Cumhachta Leictreach iontu)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2024/22, arna leasú le GRSP-76-09

ECE/TRANS/WP.29/2025/43

105

Togra le haghaidh shraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 105 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí chun earraí contúirteacha a iompar)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 46, bunaithe ar GRSG-128-24-Rev.3

ECE/TRANS/WP.29/2025/19

116

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 116 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais frithghadaíochta agus córais aláraim)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 21, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/8

ECE/TRANS/WP.29/2025/20

124

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 124 ó na Náisiúin Aontaithe (Rothaí Ionadaíocha le haghaidh Gluaisteáin Paisinéirí)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/78, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/19

ECE/TRANS/WP.29/2025/5

138

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 138 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí Ciúine Iompair ar Bhóthar)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/78, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/20

ECE/TRANS/WP.29/2025/4

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/17

ECE/TRANS/WP.29/2025/37

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Soilsiúcháin Bóthair)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/18

ECE/TRANS/WP.29/2025/38

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Soilsiúcháin Bóthair)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, míreanna 23 agus 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/18, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/19 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/22

ECE/TRANS/WP.29/2025/39

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (AEBS le haghaidh M1/N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 84, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/19, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-10/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2025/14

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (AEBS le haghaidh M1/N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 84, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/19, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-11/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2025/15

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (AEBS le haghaidh M1/N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 84, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/19, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-12/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2025/16,

WP.29-195-06

158

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe (Gluaiseacht chúlaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 12, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/35, arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2025/24

161

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis i gcoinne Úsáid Neamhúdaraithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/9

ECE/TRANS/WP.29/2025/21

162

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (Baic dhúisithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/10

ECE/TRANS/WP.29/2025/22

163

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Aláraim Feithicle)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/107, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2024/11

ECE/TRANS/WP.29/2025/23

168

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí Domhanda Fíorthiomána (RDE Domhanda))

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/91, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/20, GRPE-91-09-Rev.1 agus GRPE-91-15-Rev.1 arna leasú le hIarscríbhinn IV

ECE/TRANS/WP.29/2025/29

171

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe (CCRT)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/20, mír 67, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/32, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-20-59/Rev.2

ECE/TRANS/WP.29/2025/7,

WP.29-195-05

Rialachán nua

Togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cumhacht chórais feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí fíorleictreacha ina bhfuil níos mó ná meaisín leictreach amháin le haghaidh tiomána a chinneadh

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/91, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/23 agus GRPE-91-19-Rev.1 arna leasú le hAguisín 1

ECE/TRANS/WP.29/2025/25


Nithe ilghnéitheacha

Teideal na míre ar chlár oibre

Cód tagartha an doiciméid

Sainmhínithe

Maidir le cumarsáid feithiclí: sainmhíniú, cineálacha, luach, úsáidí agus breithnithe

ECE/TRANS/WP.29/2025/2

Comhaontú

Togra le haghaidh leasuithe ar Sceideal 5 a ghabhann le Comhaontú 1958

ECE/TRANS/WP.29/1181, mír 92, bunaithe ar WP.29-194-33

ECE/TRANS/WP.29/2025/17

Rún

Togra le haghaidh Leasú 11 ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais (R.E.5)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/91, mír 10, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/14

ECE/TRANS/WP.29/2025/40

Tuarascáil

An chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le ADS

bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil WP.29-194-20/Add.1

ECE/TRANS/WP.29/2025/44

Údarú

Údarú le RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Rialú Luasghéaraithe ar Earráid Troitheáin (ACPE) a fhorbairt

bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/2024/167 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil WP.29-194-26

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/63

Léirmhíniú

Togra le haghaidh leasuithe ar an doiciméad léirmhíniúcháin le haghaidh Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (Nuashonrú ar bhogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí)

bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/31

ECE/TRANS/WP.29/2025/45


(1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag:

https://unece.org/info/Transport/Vehicle-Regulations/events/397262.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/433/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top