This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D03229
Council Decision of 27 May 2025 replacing a member of the Management Board of the European Agency for Safety and Health at Work for Germany
Cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Gearmáine
Cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Gearmáine
ST/8795/2025/INIT
IO C, C/2025/3229, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3229/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3229 |
10.6.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Gearmáine
(C/2025/3229)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Eckhardt METZE a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostóirí BusinessEurope don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Melek GECICI ina comhalta ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Eckhardt METZE, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3229/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)