Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D03123

Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh 2017/C 31/12 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin an tArdán maidir le Leas Ainmhithe

C/2025/3501

IO C, C/2025/3123, 6.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3123/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3123/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3123

6.6.2025

CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2025

lena leasaítear Cinneadh 2017/C 31/12 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘an tArdán maidir le Leas Ainmhithe’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/3123)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2017/C 31/12 ón gCoimisiún (1) bunaíodh grúpa saineolaithe darb ainm ‘an tArdán maidir le Leas Ainmhithe’ (‘an tArdán’). Is iad príomhchúraimí an Ardáin cúnamh a thabhairt don Choimisiún gníomhartha a fhorbairt agus a mhalartú lena gcuirtear le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe, agus leis an tuiscint ar reachtaíocht an Aontais agus ar chaighdeán idirnáisiúnta maidir le leas ainmhithe, forbairt agus úsáid gealltanas deonach maidir le leas ainmhithe a éascú, idirphlé maidir le cúrsaí Aontais a bhaineann le leas ainmhithe a spreagadh agus malartuithe faisnéise eolaíche agus faisnéise teicniúla, nuálaíochta, agus dea-chleachtas leasa ainmhithe a chur chun cinn.

(2)

I dtús báire, socraíodh go dtiocfadh deireadh le tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh 2017/C 31/12 an 31 Nollaig 2019, agus rinneadh an tréimhse sin a fhadú den chéad uair go dtí an 30 Meitheamh 2021 le Cinneadh 2019/C 405/05 ón gCoimisiún (2), agus ansin cuireadh síneadh eile léi go dtí an 30 Meitheamh 2025 le Cinneadh 2021/C 185/04 ón gCoimisiún (3).

(3)

Is fóram é an tArdán a aithnítear go forleathan mar fhóram ina gcoinnítear idirphlé oscailte ar bun maidir le leas ainmhithe agus ina gcomhroinntear dea-chleachtais lena bhféachtar le leas ainmhithe a fheabhsú. Bhí an tArdán dírithe ar dtús ar chúnamh a thabhairt don Choimisiún reachtaíocht Aontais maidir le leas ainmhithe a chur chun feidhme, i measc cúraimí eile, ach i bhfianaise na forbartha a rinneadh le déanaí agus a dhéanfar amach anseo ar reachtaíocht nua agus reachtaíocht tugtha cothrom le dáta de chuid an Aontais maidir le leas ainmhithe, tá gá le hionchur agus tuairimí an Ardáin a bhailiú, ós rud é gur ceann amháin de roinnt réimsí comhairliúchán de chuid an Choimisiúin é sin i gcomhréir le prionsabail maidir le Rialáil Níos Fearr.

(4)

Thairis sin, i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá an tArdán in ann cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirdhoiciméid a fhorbairt nó gníomhartha neamhreachtacha a ullmhú, trí ionchur a sholáthar maidir le saincheisteanna teicniúla agus eolaíocha chomh maith le taithí phraiticiúil sa réimse sin.

(5)

Tar éis don Choimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le leas madraí agus cat (5) agus a n-inrianaitheacht a ghlacadh, ba cheart don Ardán a bhallraíocht a leathnú trí saineolaithe i réimse leasa madraí agus cat a chuimsiú. Ar an gcúis sin, ba cheart líon chomhaltaí an Ardáin a mhéadú trí thriúr comhaltaí a chur leis a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí gnó ginearálta agus eagraíochtaí gairmiúla atá i mbun gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais i ndáil le hainmhithe nó le táirgí ainmhithe, agus le táirgí atá beartaithe le haghaidh ainmhithe, agus a bhfuil inniúlacht shonrach acu san earnáil a bhaineann le pórú agus trádáil madraí agus cat, agus beirt chomhaltaí a chur leis a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta atá i mbun gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais i ndáil le leas ainmhithe agus a bhfuil inniúlacht shonrach acu i réimse leasa madraí agus cat. Ba cheart na comhaltaí nua sin a roghnú trí ghlao poiblí ar iarratais, glao a bheidh le foilsiú ar Chlár Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin (‘an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe’) agus ar shuíomhanna gréasáin tiomanta.

(6)

Ní shonraítear le Cinneadh 2017/C 31/12 an bhféadfaidh tríú tíortha a bheith ina mbreathnóirí. Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfar stádas breathnóra a dheonú d’údaráis inniúla tríú tíortha i gcomhréir le Cinneadh (2016)3301 ón gCoimisiún (6). Thairis sin, i bhfianaise ábharthacht a saineolais theicniúil maidir le cúraimí an Ardáin i ndáil le malartú taithí, dea-chleachtas, eolais eolaíoch agus nuálaíochta a bhaineann le leas ainmhithe a chur chun cinn san Aontas, ba cheart do Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do Leas Ainmhithe arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/625 páirt a ghlacadh san Ardán mar bhreathnóirí ar feadh a dtréimhse ainmniúcháin féin. Dá bhrí sin, ba cheart an líon breathnóirí a mhéadú go dtí 20 breathnóir ar a mhéid.

(7)

Is iomchuí freisin síneadh 5 bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh 2017/C 31/12 go dtí an 30 Meitheamh 2030.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2017/C 31/12 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Leasaítear Cinneadh 2017/C 31/12 mar a leanas:

1.

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh an tArdán comhdhéanta de 85 chomhalta ar a mhéid.’

;

2.

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ceapfar na comhaltaí go dtí an 30 Meitheamh 2030. Fanfaidh siad in oifig go dtí deireadh a dtéarma oifige. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.’

;

3.

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I bprionsabal, tiocfaidh an tArdán le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad ag áitreabh an Choimisiúin, nó ar líne, nó i bhformáid hibrideach, agus aon uair a mheasann an Coimisiún go bhfuil gá le cruinniú.’

;

4.

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Féadfar stádas breathnóra a dheonú do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí, d’eintitis phoiblí agus d’údaráis inniúla tríú tíortha, i gcomhréir le Cinneadh (2016)3301 ón gCoimisiún, trí chuireadh díreach nó de thoradh glao ar iarratais.

2.   Na heagraíochtaí, na heintitis phoiblí agus na húdaráis inniúla tríú tíortha a cheaptar mar bhreathnóirí, ainmneoidh siad a n-ionadaithe.’

;

5.

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní bheidh níos mó ná 20 breathnóir ag an Ardán.’

;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Infheidhmeacht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meitheamh 2030.’

.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2017 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘an tArdán maidir le Leas Ainmhithe’ (IO C 31, 31.1.2017, lch. 61).

(2)  Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Cinneadh 2017/C 31/12 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘an tArdán maidir le Leas Ainmhithe’ (IO C 405, 2.12.2019, lch. 5).

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2017/C 31/12 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘an tArdán maidir le Leas Ainmhithe’ (IO C 185, 12.5.2021, lch. 7).

(4)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(5)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas madraí agus cat agus a n inrianaitheacht (COM(2023) 769 final).

(6)  Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún an 30.5.2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin (https://health.ec.europa.eu/publications/commission-decision-c2016-3301-final_ga).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3123/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top