This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0269
Commission Implementing Decision (EU) 2025/269 of 4 February 2025 amending Implementing Decision (EU) 2024/3238 concerning certain emergency measures relating to infection with peste des petits ruminants virus in Bulgaria (notified under document C(2025) 866)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/269 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 866)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/269 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 866)
C/2025/866
IO L, 2025/269, 7.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/269/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/269 |
7.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/269 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 866)
(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)
Téacs atá ábhartha maidir le LEE
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1) agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Foráiltear in Airteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin gur cuid den chrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir mar fhreagairt ar ráig a deimhníodh an 25 Samhain 2024 i mbardasacht Velingrad, i réigiún Pazardzhik. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
(5) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 ann, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi mhoilleanna tromchúiseacha ar chur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar is gá a chur i bhfeidhm i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A in ainmhithe ar coimeád i mbunaíocht i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, a mhéid a bhaineann leis an ráig a deimhníodh i mbardasacht Velingrad, i réigiún Pazardzhik. |
(6) |
Tá méid agus fad tréimhse na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise chomh maith leis na bearta atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh an staid eipidéimeolaíoch maidir le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte chomh maith le staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán an ionfhabhtaithe le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir, chomh maith leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin laistigh den Bhallstát sin agus san Aontas. Thairis sin, fad na mbeart a ndéantar foráil maidir leo leis an gcinneadh seo, tá sé cinnte i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH). I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair, chun an riosca go leathfadh an galar laistigh den Bhulgáir agus chuig na Ballstáit eile araon a mhaolú go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach fad tréimhse na mbeart rialaithe a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise le haghaidh na Bulgáire a choigeartú san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238. Leis na coigeartuithe sin, tugtar aghaidh ar an riosca mór a bhaineann le cúrsaíocht leanúnach agus leathadh féideartha an ghalair lasmuigh de na limistéir atá buailte faoi láthair fad is nach mbeidh na bearta rialaithe galar curtha i gcrích. |
(7) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas á cur san áireamh a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn is gá feidhm a bheith ag na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 go dtí an 31 Bealtaine 2025. |
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 mar a leanas:
1. |
In Airteagal 4, cuirtear ‘31 Bealtaine 2025’ in ionad an dáta ‘31 Márta 2025’; |
2. |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3238 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3109 (IO L, 2024/3238, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3238/oj).
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
Aonad réigiúnach agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é |
Réigiún Pazardzhik BG-PPR-2024-00001 |
Crios cosanta: Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1) |
22.3.2025 |
Crios faireachais: Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1) excluding the areas contained in the protection zone |
31.3.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1) |
23.3.2025 - 31.3.2025 |
B. Criosanna srianta breise
Aonad réigiúnach |
Limistéir a áirítear sa chrios srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é |
||
Réigiún Pazardzhik |
|
30.4.2025 |
||
|
1.4.2025 - 30.4.2025 |
|||
Réigiún Blagoevgrad |
|
30.4.2025 |
||
Réigiún Smolyan |
|
30.4.2025 |
||
Réigiún Sóifia oblast |
|
30.4.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/269/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)