Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D02479

Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena gceaptar comhalta malartach amháin ar Bhord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

ST/6349/2025/INIT

IO C, C/2025/2479, 29.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2479/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/01/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2479/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2479

29.4.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Aibreán 2025

lena gceaptar comhalta malartach amháin ar Bhord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

(C/2025/2479)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (1), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2019/942 go bhfuil an Chomhairle le cúigear comhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha a cheapadh ar Bhord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Bord Riaracháin’).

(2)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2019/942 nach bhfuil comhalta den Bhord Riaracháin le bheith ina chomhalta de Bhord Rialálaithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus go bhfuil comhaltaí an Bhoird Riaracháin le gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leas an Aontais ina iomláine.

(3)

An 24 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (2) lena gceaptar beirt chomhaltaí malartacha ar an mBord Riaracháin don tréimhse dar críoch an 28 Eanáir 2026. An 30 Eanáir 2025, d’éirigh duine de na comhaltaí malartacha sin, Jean-Laurent LASTELLE, as oifig mar chomhalta malartach ar an mBord Riaracháin.

(4)

Ba cheart don Chomhairle comhalta malartach a cheapadh chun teacht in ionad Jean-Laurent LASTELLE ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Attila NYIKOS (an Ungáir) ina chomhalta malartach ar Bhord Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, agus tiocfaidh deireadh lena shainordú an 28 Eanáir 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/942/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena gceaptar beirt chomhaltaí malartacha chuig Bord Riaracháin na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO C, C/2024/3502, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3502/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2479/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top