This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0170
Council Decision (EU) 2025/170 of 27 January 2025 on the partial suspension of the application of the Agreement between the European Union and Georgia on the facilitation of the issuance of visas
Cinneadh (AE) 2025/170 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena ndéantar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach
Cinneadh (AE) 2025/170 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena ndéantar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach
ST/5045/2025/INIT
IO L, 2025/170, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/170/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/170 |
28.1.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/170 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Eanáir 2025
lena ndéantar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), agus Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú (‘an Comhaontú um Éascú’) i bhfeidhm an 1 Márta 2011. |
|
(2) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú um Éascú eisiúint na víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus na Seoirsia a éascú, ar bhonn na cómhalartachta, i gcás tréimhsí fanachta atá beartaithe le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith aon tréimhse 180 lá. Leis an gComhaontú um Éascú, rannchuidítear le teagmhálacha duine le duine a fheabhsú agus le luachanna a chomhroinnt, lena n-áirítear urramú do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha. |
|
(3) |
Faoi Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Éascú, tá gach Páirtí i dteideal an Comhaontú um Éascú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí. 48 n-uair ar a dhéanaí roimh a theacht i bhfeidhm is ea a thabharfar fógra don Pháirtí eile maidir le cinneadh fionraíochta. An Páirtí a chuir cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Éascú ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach a thúisce a bheidh deireadh feidhme le cúiseanna na fionraí. |
|
(4) |
In 2024 ghlac an tSeoirsia an ‘Dlí maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh’ agus an pacáiste reachtach maidir le ‘luachanna teaghlaigh agus cosaint mionaoiseach’. Meastar go mbaineann na bearta sin an bonn de chearta bunúsacha mhuintir na Seoirsia, lena n-áirítear an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí, agus go méadaítear leo an stiogmatú agus an t-idirdhealú. |
|
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir gurb ionann an ‘Dlí maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh’ agus cúlú ar na céimeanna a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún maidir le stádas mar iarrthóir agus d’iarr sí ar údaráis na Seoirsia soiléiriú a dhéanmah ar a bhfuil ar intinn acu trí ghníomhaíocht a aisiompú lenar cuirfeadh conair na Seoirsia i dtreo an Aontais Eorpaigh i mbaol, rud a chuir stop de facto leis an bpróiseas aontachais. Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2024, mheabhraigh an Chomhairle Eorpach gur chuir an ghníomhaíocht a rinne rialtas na Seoirsia conair Eorpach na Seoirsia i mbaol agus gur chuir an ghníomhaíocht stop de facto leis an bpróiseas aontachais, agus d’iarr sí ar an tSeoirsia athchóirithe daonlathacha cuimsitheacha inbhuanaithe a ghlacadh, i gcomhréir le croíphrionsabail an lánpháirtithe Eorpaigh. |
|
(6) |
An 28 Samhain 2024, d’fhógair údaráis na Seoirsia go raibh sé ar intinn acu gan tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Aontas Eorpach go dtí 2028. Spreag an fógra sin ollagóidí in go leor cathracha sa tSeoirsia, ar fhreagair údaráis na Seoirsia dóibh trí fhorneart díréireach agus modhanna foréigneacha a úsáid chomh maith le gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt d’agóideoirí, do pholaiteoirí agus d’iriseoirí. |
|
(7) |
Na gníomhartha a rinne an tSeoirsia, is sárú iad ar na prionsabail bhunúsacha ar ar tugadh an Comhaontú um Éascú i gcrích, agus téann siad in aghaidh leasanna an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, ní urramaíonn na gníomhaíochtaí sin cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha agus dá bhrí sin níl siad i gcomhréir le luachanna an Aontais agus cuireann siad bac ar fhorbairt sheasta nasc eacnamaíoch, daonnúil, cultúrtha, eolaíoch agus eile idir an tAontas agus an tSeoirsia. |
|
(8) |
I bhfianaise an mhéid sin, sa 7ú Tuarascáil ón gCoimisiún faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, leagadh béim ar na bearta atá le déanamh go práinneach ag an tSeoirsia chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin agus tugadh faoi deara go bhfuil machnamh leanúnach á dhéanamh ar ghníomhachtú féideartha an tsásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí i ndáil le catagóirí áirithe daoine. |
|
(9) |
Chun an t-ord poiblí sna Ballstáit agus san Aontas a chosaint, is iomchuí agus is comhréireach go gceanglóidh na Ballstáit víosa ar shaoránaigh de chuid na Seoirsia a bhfuil pasanna taidhleoireachta bailí acu agus a thaistealaíonn chuig an Aontas, ós rud é go ndéanann na daoine sin ionadaíocht ar leasanna atá contrártha leis na leasanna sin a thug ar an Aontas an Comhaontú um Éascú a thabhairt i gcrích ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú um Éascú lena bhforáiltear do dhíolúintí do shaoránaigh de chuid na Seoirsia a bhfuil pasanna taidhleoireachta bailí acu agus d’éascú do chatagóirí áirithe saoránach de chuid na Seoirsia a dhéanann iarratas ar víosa ghearrfhanachta, is iad sin comhaltaí de thoscaireachtaí oifigiúla na Seoirsia, comhaltaí de Rialtais agus de pharlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na Seoirsia, agus comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil agus de Chúirt Uachtarach na Seoirsia, agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu, ba cheart na forálacha sin a chur ar fionraí. |
|
(10) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(12) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSeoirsia, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú (‘an Comhaontú um Éascú’) a chur ar fionraí ón 29 Eanáir 2025:
|
(a) |
Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla na Seoirsia atá le páirt a ghlacadh, de bhun cuireadh oifigiúil a seoladh chuig an tSeoirsia, i gcruinnithe oifigiúla, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir um malartú, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát; |
|
(b) |
Airteagal 5(1), pointe (b), maidir le comhaltaí de rialtais náisiúnta agus réigiúnacha na Seoirsia agus comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil agus de Chúirt Uachtarach na Seoirsia; |
|
(c) |
Airteagal 5(1), pointe (c), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla na Seoirsia atá le páirt a ghlacadh go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil a seoladh chuig an tSeoirsia, i gcruinnithe, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir um malartú, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát; |
|
(d) |
Airteagal 5(2), pointe (a), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla na Seoirsia atá le páirt a ghlacadh go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil a seoladh chuig an tSeoirsia, i gcruinnithe, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir um malartú, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát; |
|
(e) |
Airteagal 5(3), maidir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a); |
|
(f) |
Airteagal 6(1), maidir le táillí ar iarratais ar víosaí a phróiseáil le haghaidh chatagóirí na saoránach agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointí (c) agus (f), agus in Airteagal 10(1); |
|
(g) |
Airteagal 6(3), pointí (c) agus (f), maidir le comhaltaí de rialtais náisiúnta agus réigiúnacha na Seoirsia, comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil agus de Chúirt Uachtarach na Seoirsia, agus comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla na Seoirsia atá le páirt a ghlacadh, de bhun cuireadh oifigiúil a seoladh chuig an tSeoirsia, i gcruinnithe, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir um malartú, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát; |
|
(h) |
Airteagal 7, maidir le catagóirí na saoránach agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointí (c) agus (f), agus in Airteagal 10(1); |
|
(i) |
Airteagal 10(1), maidir le saoránaigh de chuid na Seoirsia a bhfuil pasanna taidhleoireachta bailí acu arna n-eisiúint ag an tSeoirsia. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 52, 25.2.2011, lch. 34.
(2) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/170/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)