This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0144
Council Decision (CFSP) 2025/144 of 27 January 2025 appointing the European Union Special Representative for the Belgrade-Pristina Dialogue
Cinneadh (CBES) 2025/144 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine
Cinneadh (CBES) 2025/144 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine
ST/16748/2024/INIT
IO L, 2025/144, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/144/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
11/02/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/144 |
28.1.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/144 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Eanáir 2025
lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 de, i gcomhar le Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 (1) lena gceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar. Chuir an Chomhairle síneadh leis an sainordú sin le Cinntí (CBES) 2021/470 (2), (CBES) 2022/1240 (3) agus (CBES) 2024/2085 (4). Tá an sainordú sin ag dul in éag an 31 Eanáir 2025. |
|
(2) |
Ba cheart ISAE a cheapadh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine don tréimhse ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 28 Feabhra 2026. |
|
(3) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leis seo, ceaptar Peter SØRENSEN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine don tréimhse ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 28 Feabhra 2026. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE (‘an sainordú’) a fhoirceannadh níos luaithe, ar bhonn measúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar bhonn togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).
Airteagal 2
Cuspóirí beartais
Maidir leis an sainordú, beidh sé bunaithe ar na cuspóirí beartais seo a leanas de chuid an Aontais agus beidh sé i gcomhréir le beartais seanbhunaithe an Aontais:
|
(a) |
normalú cuimsitheach ar an gcaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv (*1) a bhaint amach, ar ní é atá ríthábhachtach ina gconair Eorpacha faoi seach; |
|
(b) |
feabhas a chur ar infheictheacht agus éifeachtacht an Aontais tríd an taidhleoireacht phoiblí; |
|
(c) |
rannchuidiú le haontas, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais, de réir mar is iomchuí. |
Airteagal 3
Sainordú
Chun na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ISAE:
|
(a) |
an t-idirphlé idir Béalgrád agus Pristine a éascú thar ceann an Ardionadaí, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus obair a dhéanamh ar normalú cuimsitheach an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv trí chomhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt i gcrích lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna uile idir na páirtithe atá fós gan réiteach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus rannchuidiú leis an gcobhsaíocht réigiúnach, agus faireachán a dhéanamh ar obair na bpáirtithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe a baineadh amach san am atá caite faoi chuimsiú an Idirphlé arna éascú ag an Aontas, agus cúnamh a thabhairt don obair sin de réir mar is gá, go háirithe an Comhaontú maidir leis an gConair i dtreo an Normalaithe idir an Chosaiv agus an tSeirbia agus an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis a glacadh i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023; |
|
(b) |
páirt ghníomhach a ghlacadh chun éifeachtacht agus infheictheacht an Aontais a fheabhsú tríd an taidhleoireacht phoiblí; |
|
(c) |
oibriú ar bhealach comhordaithe comhleanúnach le hiarrachtaí uile an Aontais agus le beartais fhoriomlána an Aontais i dtaca le réigiún na mBalcán Thiar, agus go háirithe leis an gCeann Oifige/ISAE sa Chosaiv agus leis an gCeann Toscaireachta sa tSeirbia, agus dlútheagmháil a choimeád ar bun leis na Ballstáit; |
|
(d) |
tacú le hobair an Ardionadaí agus le gníomhaíochtaí an Aontais sa réigiún. |
Airteagal 4
An sainordú a chur chun feidhme
1. Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó faoi údarás an Ardionadaí.
2. Maidir leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) coimeádfaidh sé nasc pribhléideach le ISAE ar bun agus is é a bheidh ann príomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Soláthróidh CPS treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.
3. Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhordú agus i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na ranna ábhartha di. Tacóidh an Ceann Oifige/ISAE sa Chosaiv agus an Ceann Toscaireachta sa tSeirbia le ISAE, nuair is gá, lena n-áirítear trí shaineolaithe a chur ar fáil maidir le haon saincheist shonrach a bhaineann le cur chun feidhme an tsainordaithe.
Airteagal 5
Maoiniú
1. Is é EUR 2 320 997,62 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an sainordú (‘an caiteachas’) don tréimhse ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 28 Feabhra 2026 a chumhdach.
2. Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as an gcaiteachas.
Airteagal 6
Comhdhéanamh fhoireann ISAE
1. Laistigh de theorainneacha an tsainordaithe agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar ar fhoireann ISAE saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh fhoireann ISAE aici.
2. Féadfaidh Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go dtabharfaí pearsanra ar iasacht chun oibriú ar fhoireann ISAE. Is é Ballstát an phearsanra ar iasacht sin, nó institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, de réir mar is iomchuí, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin. Féadfar saineolaithe a phostaíonn na Ballstáit chuig institiúidí de chuid an Aontais nó chuig SEGS a thabhairt ar iasacht chun oibriú ar fhoireann ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Ballstáit ag an bpearsanra idirnáisiúnta ar conradh.
3. An pearsanra uile ar iasacht, fanfaidh siad faoi údarás riaracháin údarás seolta an Bhallstáit, faoi institiúid seolta an Aontais nó faoi ISAE agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus gníomhóidh siad chun leasa an tsainordaithe.
Airteagal 7
Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE
Na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise a bhaineann le ISAE agus le foireann ISAE a bhfuil gá leo le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú an tsainordaithe, déanfar iad a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.
Airteagal 8
Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais
Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus íoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (5).
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.
2. Soláthróidh toscaireachtaí agus oifigí an Aontais, agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta do ISAE agus d’fhoireann ISAE.
Airteagal 10
Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí
1. Cuirfidh ISAE i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Glacfaidh an tArdionadaí na rialacha cur chun feidhme ábhartha a bhaineann le ISAE.
2. Déanfaidh ISAE daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a gcuid sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Glacfaidh an tArdionadaí rialacha cur chun feidhme ábhartha a bhaineann le ISAE.
Airteagal 11
Slándáil
I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir leis an sainordú agus ar bhonn staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, agus bainistiú teagmhas slándála, chomh maith le plean teagmhais agus plean aslonnaithe misin a bhunú; |
|
(b) |
a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca de réir mar a cheanglaítear i bhfianaise na coinníollacha i réimse na freagrachta; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag pearsanra a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a sholáthar don Chomhairle, don Ardionadaí agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú an tuarascála ar dhul cinn agus an tuarascála chuimsithigh ar chur chun feidhme an tsainordaithe dá dtagraítear in Airtegal 15 den Chinneadh seo. |
Airteagal 12
Tuairisciú
Soláthróidh ISAE tuarascálacha go rialta don Ardionadaí. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála agus, de réir mar is gá, faoi bhráid mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.
Airteagal 13
Comhordú agus comhchuibheas
1. Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a chur i bhfeidhm nó a chur chun feidhme go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú de réir mar is iomchuí le gníomhaíochtaí SEGS, an Choimisiúin, an Chinn Toscaireachta sa tSeirbia, an Chinn Oifige/ISAE sa Chosaiv agus Cheann Misin Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv. Soláthróidh ISAE faisnéis rialta do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí agus oifigí an Aontais.
2. Ar an láthair, leanfaidh ISAE d’idirchaidreamh a chothú go dlúth le cinn thoscaireachtaí agus oifigí an Aontais sa réigiún agus le cinn mhisin na mBallstát. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu, lena n-áirítear trí chomhairle agus saineolas polaitiúil áitiúil a chur ar fáil. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.
Airteagal 14
Cúnamh i ndáil le héilimh
Tabharfaidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE cúnamh chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAE a bhí ann roimhe seo don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna eile de chuid na mBalcán Thiar, agus soláthróidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na doiciméid ábhartha chun na gcríoch sin.
Airteagal 15
Athbhreithniú
Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2025 agus tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 30 Samhain 2025.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2020/489 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 105, 3.4.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/489/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/470 ón gComhairle an 18 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 96, 19.3.2021, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/470/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 190, 19.7.2022, lch. 131, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1240/oj).
(4) Cinneadh (CBES) 2024/2085 ón gComhairle an 26 Iúil 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 (IO L, 2024/2085, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2085/oj).
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún UNSC 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(5) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/144/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)