Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0129

Cinneadh (CBES) 2025/129 ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine

ST/17094/2024/INIT

IO L, 2025/129, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/129/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/129/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/129

22.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/129 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú ar nós gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar síos mar chuspóirí i Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le CBES an tslándáil agus an chosaint a neartú, infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, agus cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach agus é mar chuspóir aige a bheith ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as SES mar thaca le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Sna Conclúidí uaithi an 17 agus an 18 Aibreán 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach cuspóir an Aontais oibriú leis na comhpháirtithe uile sa Mheánoirthear chun nach mbeidh tuilleadh teannais sa réigiún, go háirithe sa Liobáin, agus chuir sí i dtreis gealltanas an Aontais tacú le cobhsaíocht na tíre sin.

(5)

Sna Conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur cúis imní di an teannas méadaitheach go háirithe feadh na Líne Goirme, agus an scrios leanúnach agus easáitiú éigeantach na sibhialtach ar dhá thaobh na teorann idir Iosrael agus an Liobáin. D’iarr sí freisin go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta chun an Liobáin a neartú, lena n-áirítear Fórsaí Armtha na Liobáine.

(6)

Sna Conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an sos comhraic a comhaontaíodh an 27 Samhain 2024 idir Iosrael agus an Liobáin, a d’eascair as na hiarrachtaí idirghabhála a rinne an Fhrainc agus na Stáit Aontaithe go háirithe. Thathantaigh sí ar na páirtithe an sos comhraic a chur chun feidhme mar a comhaontaíodh é, agus d’iarr sí go gcuirfí Rún 1701 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme go hiomlán agus ar bhealach siméadrach. Meabhraíodh don Chomhairle Eorpach sa chomhthéacs sin ról bunúsach cobhsúcháin fhórsa eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) i ndeisceart na Liobáine. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Liobáine agus dá iarrachtaí forbartha stáit, lena n-áirítear trí chabhair a thabhairt chun Fórsaí Armtha na Liobáine a neartú. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar cheannairí polaitiúla na Liobáine an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an tsáinn pholaitiúil agus eacnamaíoch a shárú, lena n-áirítear uachtarán a thoghadh go tapa.

(7)

An 13 Nollaig 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ón Liobáin ar chúnamh breise ón Aontas le feabhas a chur ar acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Liobáine.

(8)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin SES.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Liobáine (‘an tairbhí’) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Liobáine a neartú chun ath-imlonnú, agus chun an chobhsaíocht a dhaingniú agus a choinneáil i nDeisceart earnáil Litani na Liobáine, i gcomhréir le Rún 1701 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus cuideoidh sé sin, dá réir sin, leis an bpobal sibhialta a chosaint.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:

(a)

trealamh tacaíochta allamuigh;

(b)

trealamh oibreacha innealtóireachta;

(c)

trealamh innealtóireachta comhraic;

(d)

trealamh soghluaisteachta;

(e)

trealamh leighis.

Maoineofar leis an mbeart cúnaimh chomh maith soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh 36 mhí ón dháta ghlactha an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 60 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

3.   Beidh caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh incháilithe ó dháta glactha an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na Liobáine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Déanfaidh iad seo a leanas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme:

(a)

an Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal;

(b)

Aireacht Cosanta na hIodáile trína Agenzia Industrie Difesa;

(c)

an riarthóir um bearta cúnaimh, trí shocrú riaracháin leis an Économat des Armées i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Cosanta na Liobáine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na míreanna ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú mar sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/129/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top