This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0087
Commission Implementing Decision (EU) 2025/87 of 13 January 2025 concerning certain interim emergency measures relating to foot and mouth disease in Germany (notified under document C(2025) 206)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/87 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil sa Ghearmáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 206)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/87 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil sa Ghearmáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 206)
C/2025/206
IO L, 2025/87, 14.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/87/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 23/01/2025; Arna aisghairm le 32025D0186
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/87 |
14.1.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/87 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil sa Ghearmáin
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 206)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe in ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe in ord mamach Artiodactyla, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe soghabhálacha ar coimeád. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin gur cuid den chrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi staid an ghalair crúb agus béil ina críoch faoi láthair, tar éis ráig den ghalar sin i mbunaíocht ina bhfuil buabhaill uisce ar coimeád i stát Brandenburg i stát feidearálach na Gearmáine a deimhníodh an 10 Eanáir 2025, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh sí crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
|
(5) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca leis an ngalar crúb agus béil, ina bhfuil na criosanna cosanta agus faireachais, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais in Brandenburg sa Ghearmáin i gcomhar leis an mBallstát sin. |
|
(6) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Brandenburg sa Ghearmáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. |
|
(7) |
Bunaíodh méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán sa Ghearmáin maidir leis an ngalar sin, mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(8) |
I bhfianaise a phráinní atá an staid eipidéimeolaíoch sa Ghearmáin a mhéid a bhaineann le leathadh an ghalair crúb agus béil agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte sa Ghearmáin go codanna eile den Bhallstát sin agus go Ballstáit eile, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(9) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart na criosanna cosanta agus na criosanna faireachais sa Ghearmáin a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú. |
|
(10) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Ghearmáin an méid seo a leanas:
|
(a) |
bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
cuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo; |
|
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 11 Feabhra 2025.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
IARSCRÍBHINN
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Ghearmáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Réigiún Brandenburg DE-FMD-2025-00001 |
An crios cosanta: Na codanna sin de réigiún stát Brandenburg, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 52.558301, domhanfhad 13.630104 |
11.2.2025 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de réigiún stát Brandenburg, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 52.558301, domhanfhad 13.630104, diomaite de na limistéir atá san áireamh sa chrios cosanta |
11.2.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/87/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)