This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025B1621
Decision (EU) 2025/1621 of the European Parliament of 7 May 2025 on discharge in respect of the implementation of the budget of the European Centre for the Development of Vocational Training for the financial year 2023
Cinneadh (AE) 2025/1621 ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don bhliain airgeadais 2023
Cinneadh (AE) 2025/1621 ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don bhliain airgeadais 2023
IO L, 2025/1621, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1621/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1621 |
8.10.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1621 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 7 Bealtaine 2025
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don bhliain airgeadais 2023
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don bhliain airgeadais 2023, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2023, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2025 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023 (05755/2025 – C10-0024/2025), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (4), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán an Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0065/2025), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2023; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C, C/2024/6332, 24.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6332/oj.
(2) IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.
(4) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(5) IO L 30, 31.1.2019, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/128/oj.
(6) IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1621/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)